Níl an ‘dara rogha’ ag Foras na Gaeilge ach foirgneamh nua a lorg ar an margadh tráchtála

Deir an eagraíocht trasteorann nach bhfuil aon dul as acu ach dul i muinín an mhargaidh oscailte in ainneoin gur sárú é sin ar mheamram airgeadais

Níl an ‘dara rogha’ ag Foras na Gaeilge ach foirgneamh nua a lorg ar an margadh tráchtála

Níl “an dara rogha” ag Foras na Gaeilge ach dul i muinín an mhargaidh tráchtála chun ceanncheathrú nua a aimsiú, in ainneoin gur cur chuige é sin atá ag teacht salach ar mheamram a bhaineann le bunú an Fhorais faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 tráthnóna gur thug Príomhfheidhmeannach an Fhorais an méid sin le fios i gcomhfhreagras le hOifig na nOibreacha Poiblí faoi chás cheanncheathrú Fhoras na Gaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, tá Foras na Gaeilge ag féachaint ar láithreacha nua dá gceanncheathrú agus an léas atá acu ar a n-oifigí i mBaile Átha Cliath ag dul in éag. Tá síneadh curtha leis an léas ar cheannáras an Fhorais ar Chearnóg Mhuirfean, a bhí le dul in éag i mí Aibreáin na bliana seo, ach rachaidh an léas ar a n-oifig ar Shráid Fhreidric in éag i mí na Bealtaine.

Tuairiscíodh tráthnóna go bhfuil sé admhaithe ag an bhForas gur sárú atá ina gcur chuige maidir le ceanncheathrú nua a aimsiú ar mheamram airgeadais a bhaineann le reachtaíocht bhunaithe na heagraíochta faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

De réir an chomhfhreagrais idir Foras na Gaeilge agus an OPW atá feicthe ag Nuacht TG4, thug an eagraíocht trasteorann le fios ar an 6 Eanáir go raibh cabhair agus treoir á lorg acu maidir  “le cóiríocht chuí oifige”. Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais Seán Ó Coinn gurbh éigean don eagraíocht “réiteach a lorg leo féin sa mhargadh oscailte tráchtála”.

“Táimid anois linn féin i mbun phróisis le Ceanncheathrú nua a thógáil ar cíos ó thiarna talún príobháideach,” a dúradh sa chomhfhreagras idir Ó Coinn agus Maurice Buckley, Cathaoirleach an OPW.

Tuairiscíodh go n-admhaíonn Ó Coinn sa litir chéanna gur chinneadh “an-suntasach” a bhí ann an cur chuige seo a ghlacadh toisc é a bheith “ag imeacht ón mheamram airgeadais faoinár reachtaíocht bhunaithe faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta”.

Tugtar treoracha éagsúla don Fhoras sa mheamram airgeadais seo, atá leagtha amach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.  Maidir le cúrsaí oifige, tugtar treoir don Fhoras plé leis an OPW maidir le cúrsaí cóiríochta.

Thug Seán Ó Coinn le fios don OPW, áfach, nach raibh an “dara rogha” ag an eagraíocht ach dul i muinín an mhargaidh tráchtála “i bhfianaise an phróisis go dtí seo”.

Tá dhá oifig ag Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, an ceannáras ag uimhir a 7 Cearnóg Mhuirfean agus oifig eile ar Shráid Fhreidric Thuaidh, mar a bhfuil An Gúm lonnaithe.

Tá ráite ag Príomhfheidhmeannach an Fhorais Seán Ó Coinn gur mhaith leis go mbeadh foireann uile an Fhorais ag obair in aon oifig amháin i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Níl Foras na Gaeilge sásta ceisteanna faoin meamram airgeadais ná an comhfhreagras leis an OPW a fhreagairt, ar an mbonn gur bhain siad, a dúradh le Nuacht TG4, “le comhfhreagras príobháideach a sceitheadh”.

Tá foirgneamh ag 63-66 Sráid Amiens i dtuaisceart na cathrach i measc na roghanna atá á scrúdú ag Foras na Gaeilge.

Is san fhoirgneamh seo a bhí comhlacht cuntasaíochta an iarThaoisigh Charlie Haughey agus a chomhpháirtí Harry Boland, agus is é ‘Haughey and Boland’s’ a thugann cuid mhaith de mhuintir na háite ar an bhfoirgneamh go fóill, in ainneoin tionóntaí eile a bheith lonnaithe ann le blianta fada.

Ó d’fhág Haughey Boland an foirgneamh, bhí oifigí ag Telecom Éireann, agus níos deireanaí ag Eircom, ann. Bhí an foirgneamh folamh ar feadh i bhfad i ndiaidh d’Eircom aistriú chuig oifigí nua i dTeach Liatroma. Bhí oifigí ar cíos ag Clúid Housing ann le blianta beaga anuas, ach tá an eagraíocht sin lonnaithe anois ar Shráid Sirriam.

Fág freagra ar 'Níl an ‘dara rogha’ ag Foras na Gaeilge ach foirgneamh nua a lorg ar an margadh tráchtála'