Níl ‘America First’ i gceist fad is a bhaineann sé le faisean Melania Trump

Tá droim láimhe á tabhairt ag na dearthóirí faisin leis an iarmhainicín dathúil atá pósta le hUachtarán Mheiriceá

Ba cheart dom a rá ar dtús gur beag é mo mheas ar Donald Trump, a chuid polaitíochta agus a chuid polasaithe. Agus más fíor go bhfuil an pobal scoilte idir iadsan thacaíonn leis agus iadsan a bhfuil an ghráin acu air, is spéisiúil go bhfuil an dearcadh céanna ag lucht faisin ar a bhean chéile Melania.

Tá leath de na dearthóirí faisin mór le rá ar fud an domhain tar éis diúltú a gcuid táirgí a chur ar fáil di, cé go gceapfá gur iontach an deis mhargaíochta agus phoiblíochta a bheadh ann dóibh.

Ba mhinic a ceapadh in imeacht na mblianta gur ceannródaithe faisin iad mná céile Uachtaráin Mheiriceá, go háirithe ó aimsir Jackie Kennedy. Mhair an cháil sin go dtí Michelle Obama, a tharraing aird speisialta ar dhearthóirí faisin neamhspleácha Mheiriceá. Ach is cosúil nach bhfuil an fonn céanna ar dhearthóirí a bheith ceangailte leis an FLOTUS nua. Cheapfá gur ardmheas a bheadh acu ar Melania Trump, iarmhainicín atá 5’11’’ ar airde, atá an-dathúil agus an-saibhir. Ach tá dearthóirí ar nós Marc Jacobs, Tom Ford, Derek Lam agus Phillip Lim tar éis diúltú aon cheangal a bheith ag a gcuid brandaí léi.

Culaith éadaigh leis an dearthóir Meiriceánach Ralph Lauren a roghnaigh Melania Trump d’ócáid insealbhaithe a fir chéile mar Uachtarán Mheiriceá. Agus cé gurbh é ‘America First’ an téama a bhí aige ina óráid insealbhaithe, is lasmuigh de Mheiriceá atá a cuid éadaí aimsithe ag bean an Uachtaráin go minic ó shin i leith. Tá íoróin áirithe ag baint leis sin!

Chaith sí feisteas le Givenchy, Dior agus Karl Lagerfeld ag ócáidí éagsúla le roinnt seachtainí anuas.

‘She appreciates fashion as art’ a deirtear fúithi agus ‘she lets her fashion do the talking’.  Ach, fós féin, ní leor sin leis na dearthóirí mór le rá a mhealladh chuici. An t-aon chúis leis sin ná go bhfuil sí pósta le Donald Trump. Ní fhéadfadh go mbeadh aon chúis eile le col a bheith ag lucht faisin léi. Seans go gcreideann siad gurbh ionann feisteas faiseanta a dhearadh di agus tacaíocht a thabhairt dá fear céile agus dá pholasaithe. Is dócha go gcreideann cuid acu go mbeadh daoine ann a dhiúltódh feasta a gcuid táirgí a cheannach dá bhfeicfidís iad á gcaitheamh ag Melania Trump.

Ní taobh le Melaina Trump atá naimhdeas an lucht faisin; bhog daoine óna gcuid suíochán in aice le Tiffany Trump, iníon an Uachtaráin, ag seó Philipp Plein i Nua- Eabhrac le gairid mar go raibh siad ‘míchompordach’ in aice léi. Lena chois sin, scaoil Donald Trump racht feirge uaidh le Nordstrom nuair a d’éirigh siad as branda faisin a iníne Ivanka a dhíol ina gcuid siopaí. Bhí titim shuntasach i ndíolaíocht na n-earraí sin le tamall roimhe sin.

Tá roinnt dearthóirí faisin ann, áfach, a chreideann go bhfuil meas tuillte ag cibé duine atá pósta ag Uachtarán Mheiriceá agus gur cheart ómós a thabhairt don duine sin agus gur onóir é a bheith roghnaithe le feistis a sholáthar don duine sin. Ina measc na ndearthóirí sin, tá Tommy Hilfiger, Stefano Gabbana agus Carolina Herrera.

An bhfuil tábhacht leis an éadach a chaitheann bean chéile Uachtarán Mheiriceá nó an cuma le daoine faoi? Deir Vanessa Friedman, príomhléirmheastóir faisin The New York Times (‘the failing New York Times’ mar a thugann Trump féin air) go gcoinníonn gach duine súil ar an éadach a bhíonn ar bhean an uachtaráin, fiú i ngan fhios dóibh féin.

Deir Friedman go bhfuil an stíl a bhíonn ag pé FLOTUS atá sa Teach Bán ina cuid den ‘visual narrative of the day’ agus go dtugann sé léargas dúinn ar an íomhá is mian le réimeas an Uachtaráin a chur chun cinn.

Is cinnte nach dtiocfaidh athrú ar mheon lucht faisin agus stíle an domhain faoi Melania Trump fad is atá conspóid agus coimhlint ag baint lena fear céile agus faitíos ar mhórán roimh a bhfuil ar bun aige.

Ach leanfar ag coinneáil leathshúil ar a rogha éadaí.

Fág freagra ar 'Níl ‘America First’ i gceist fad is a bhaineann sé le faisean Melania Trump'