Níl agat le n-imirt ach na cártaí atá i do ghlac agus is beag mámh atá fanta ag Louis ná ag Jurgen

Chosain sé airgead go leor ar Manchester United agus ar Liverpool bóthar a thabhairt do David Moyes agus do Brendan Rodgers. Tugann ár gcolúnaí léirmheas ar an gcríonnacht a bhain leis an gcaiteachas…

Bainisteoir nua Liverpool, Jurgen Klopp. Pictiúr le Tim Reckmann
Bainisteoir Liverpool, Jurgen Klopp. Pictiúr le Tim Reckmann

Cluichí inar chaill siad (0-3) in Old Trafford in aghaidh Man City agus Liverpool idir Lá le Pádraig agus deireadh an Mhárta 2014 ba mhó ba chúis le briseadh David Moyes as a phost mar bhainisteoir ar Manchester United beagán le cois an ama seo dhá bhliain ó shin. Fuair sé síneadh láimhe €6.3 milliún agus a luaithe agus a bhí Corn an Domhain thart ceapadh bainisteoir na hÍsiltíre, Louis van Gaal ina chomharba air ar chostas €27 milliún.

Cosamar sé mhí ó shin fuair Brendan Rodgers bata agus bóthar as Anfield. Sna seachtainí roimhe bhí túschúl scaoilte le sruth ag Liverpool i gcúig chluiche ach tháinig an iarradh a mharaigh an mhuc nuair a rinne siad amhlaidh in aghaidh a sean-naimhde Everton. Dhá mhí imeartha a bhí déanta i séasúr na Príomhroinne, fós tugadh an P45 agus seic cúitimh €12.5 do Rodgers. Bhain mórán an costas céanna le ceapadh Jurgen Klopp, a tháinig ina áit, is a bhain le ceapadh van Gaal.

Nuair a briseadh Moyes ní raibh caite aige i mbun a chúraim ach 10 mí, an tréimhse is giorra a tugadh riamh d’aon bhainisteoir in Old Trafford. Tar éis dá fhoireann cliseadh sa gcluiche sin in aghaidh City, scóráil United ceithre chúl in aghaidh Aston Villa sa gcéad chluiche eile a d’imir siad, ach ina cheartlár thrasnaigh eitleán beag an spéir os cionn Old Trafford agus “Moyes Out” greanta i litreacha dearga ar bhratach a bhí ceangailte dó. Ní raibh aon fhoighid fanta ag an lucht leanta ach an oiread.

Fuair Rodgers cuid mhaith níos mó ná sin triála in Anfield – breis agus trí bliana. Sa 7ú háit a chríochnaigh a fhoireann i bPríomhroinn 2012-13. An séasúr dar gcionn bhuaigh siad 11 chluiche as a chéile, scóráil os cionn 100 cúl agus bheadh an Phríomhroinn buaite acu murach farasbarr 3 chúl a scaoil siad uathu i gcomhscór le Crystal Palace agus murach gur sciorr Steven Gerrard sa gcluiche cinniúnach in aghaidh Chelsea. Fós ba é Rodgers a bhuaigh an gradam ‘Bainisteoir na Bliana’ agus shínigh sé conradh nua lena chlub. Ocht gcluiche eile a mhair a thréimhse bhainistíochta.

Níl aon eitleán le feiceáil sa spéir atá os cionn Old Trafford na laethanta seo – faoi láthair ar aon nós, ach más fíor, lá ar bith feasta anois beidh an bainisteoir atá ansiúd  ag ceannacht ticéad eitleáin ‘aontreo’ agus José Mourhino ag teacht an bealach eile i gceann eile. 

Míníonn comparáid idir an séasúr is deireanaí seo agus an ceann deireanach (iomlán) inar imir Man Utd faoi cheannas David Moyes cén fáth.

Agus mé á scríobh seo, tá 26 chluiche imeartha ag United sa bPríomhroinn. 11 ceann acu sin atá buaite acu, 8 gcomhscór agus 7 gcinn caillte – 41 phointe sraithe ina iomláine. Agus an méid céanna imeartha sa bPríomhroinn dhá bhliain ó shin bhí 47 pointe ag United faoi cheannas Moyes , dhá chluiche sa mbreis buaite acu seachas mar atá anois, an líon céanna comhscór agus péire níos lú caillte.

Ní amháin sin ach tá sé admhaithe ag van Gaal go raibh an ceart ag an gcuid sin den lucht leanta a chan “We’re fu***** sh**” nuair a bhuaigh Midtjylland na Danmhairge ar a fhoireann an tseachtain seo caite.

Faoi cheannas Rodgers, bhí 45 pointe ag Liverpool agus 26 chluiche imeartha i bPríomhroinn an tséasúir seo caite – 38 bpointe atá acu agus iad ag tabhairt aghaidh ar imirt an deireadh seachtaine seo, dhá áit chun deiridh ar an 6ú háit ina raibh siad anuraidh. Faoin tráth sin bhí 13 cluiche buaite ag Rodgers, i gcomparáid leis na deich gcinn atá buaite ag foireann Klopp.

Tá an deacracht atá ag a gcuid imreoirí cúl na heang a aimsiú ar cheann de na deacrachtaí móra atá ag foireann van Gaal – ag an tráth seo den séasúr bhí 11 cúl níos mó scóráilte ag foireann Moyes. Is fíor dar ndóigh nach bhfuil teacht ag fear na hÍsiltíre ar naoscaire de chumas Javier Hernández ná Danny Welbeck a scóráil leathdhosaen cúl in imeacht míosa do Moyes cúpla seachtain sular briseadh é siúd, ach níl an bainisteoir ag cuidiú lena chás nuair a shocraíonn sé gur cheart do Wayne Rooney (a bhfuil 362 cúl scóráilte aige do United) a bheith chomh gar dá chúl féin agus a bhíonn sé do cheann a chéilí comhraic i gcuid mhaith den imirt.

Ar an gcuma chéanna níl ort ach breathnú ar na gaiscí atá Luis Suárez a dhéanamh le Barcelona faoi láthair (príomhscórálaí La Liga, 25 cúl) go bhfeicfidh tú an tábhacht a bhain leis siúd sna foirne a chuir Rodgers chun páirce. Ba é fear Uragua a bhuaigh imreoir na bliana sa bPríomhroinn in 2014 nuair a scóráil sé 31 cúl – níl ach seacht gcinn lena chois sin ag an bhfoireann ar fad sa gcomórtas reatha agus iad ag tabhairt aghaidh ar imirt an deireadh seachtaine seo.

Níor scóráil Christian Benteke do Liverpool sa 12 cluiche dheireanacha sraithe atá imeartha aige agus cé gur scóráil a bpríomhthosach eile, Daniel Sturridge don chéad uair in 2016 cúpla seachtain ó shin sa mbua 6-0 ar Aston Villa, tá sé ráite go láidir nach bhfuil ann ach go bhfuil sé ag faire ar dheis le bóthar a bhualadh.

Deir siad nach bhfuil agat le n-imirt ach na cártaí atá i do ghlac agus de réir dealraimh is beag mámh atá fanta ag Louis ná ag Jurgen.

Fág freagra ar 'Níl agat le n-imirt ach na cártaí atá i do ghlac agus is beag mámh atá fanta ag Louis ná ag Jurgen'