Nietzsche, Keats, Feydeau, Woody Allen is John Cleese – feistithe in éadaí Vermeer

Fíorscannán a bhfuil an dubh is an greann ann tríd síos é ‘Amour Fou’ le Jessica Hausner

Aonarán Caillte

‘The day pains me with its constant shimmerings…Would you be interested in taking your own life with me’? Heinrich Von Kleist

Ní leor beathaisnéis, ná stair, ná béasa, ná fealsúnacht, ná greann, ná nod do stíl agus dathú Vermeer – ní leor iad sin iontu féin mar chur síos ar Amour Fou, suite i mBeirlin béasúil 1811. Ré na Rómánsaíochta Gotaigh, ní nach ionadh.

Ná ní leor scigmhagadh, ná aor, ná fiosrú fiú ar an gcomhaontú féinmharaithe a d’fhág an scríbhneoir Heinrich Von Kleist is a chara Henriette Vogel san aon uaigh amháin, cois locha an Kleiner Wannsee.

Tá sé i bhfad níos casta agus i bhfad níos símplí ná sin. Seo obair Jessica Hausner – Ostarach mná, conspóidí, auteur scannán. Jane Austen trí lionsa Michael Haneke? Ach ní leor sin mar léamh ar an scéal ach an oiread.

Ná ní leor a rá gur fiosrú ‘Amour Fou’ ar an seaicéad ceangail a choiméad srian, laincisí agus cuimhriú ar shochaí na Prúise sna blianta beaga sular lúb séideán Réabhlóid na Fraince an tsochaí chéanna ó chraobh go préamh. Tá an Réabhlóid ina hollbhagairt ar eagar riartha na Prúise, gan dabht. Ní scéal go comhthéacs, agus ní scannán go scéal.

Agus a leithéid de scéal atá ag Hausner dúinn an babhta seo. Ní raibh i ‘Lourdes’ (2009) ach an réamhbhlaisín.

Ní trí thimpiste a bhainim leas as ‘seacéad ceangail’, ‘srian’, agus ‘laincis’ (térmaí an chuimhrithe) sa réamhshúgradh sin eadrainn. Ní feas d’éinne anord na mianta a luíonn i bhfolach laistiar de ghnúis bhéasach bhean óg álainn Herr Vogel.

Bean mhór chóirithe bláthanna – i gcónaí buí agus dearg. Buí ar dtús, dearg mar a théann an scéal ar aghaidh. Í leathchaillte – i bhfolach taobh thiar díobh. Aonarach, in ainneoin chineáltacht a fir, agus grá a hiníne.

Éan corr i gcliabhán na measúlachta. Cliabhán na rincí foirmeálta. Cliabhán na gcomhráití foirmeálta. Cliabhán na gceadal ceoil foirmeálta. Bean ag bá in umar na foirmeáltachta.

Siúd isteach i gcomhluadar theaghlach Heinrich – ‘the whole world troubles me’ – Von Kleist. ‘I suffer not from death but from life’ – Von Kleist. Treascraí.

Éin chorr i gcliabhán a chéile ón chéad stracfhéachaint eatarthu. Ní fada go dtosaíonn a ghrúmaeireacht…..

‘You seem like an outsider also,’ ar seisean.

Tagann séimhe an chuiridh aniar aduaidh orainn. Amhail dá mba shiúlóid faoin aer a bhí á mholadh aige.

‘Would you care to die with me?’

Níl sa tsaol, dar le Kleist, ach cur i gcéill. Meas Henriette dá fear chéile – grá a hiníne is a fir chéile di – cur i gcéill. ‘Puppets in a fixed choreography’, dar leis. ‘How divine, if you made the sacrifice for me.’

Tugann Henriette an t-eiteachas dó ar dtús. Titeann sí ansin fá anáil tinnis éigin. Corportha nó spioradálta? Agus a bás á thuar ag dochtúirí, tá tarraingt anois ag ‘Moladh Modhúil’ Von Kleist uirthi.

Tá an dubh is an greann in ‘Amour Fou’ tríd síos. Siúlann bagairt agus áiféis ar lámha a chéile ann. Agus éigiall leanúnach. Nietzsche agus Keats, Feydeau, Woody Allen agus John Cleese – feistithe in éadaí Vermeer.

‘If you love me, you will do this for me’, ar seisean. Ach níorbh í Henriette a chéad chreach fiú! Síneann sé an cuireadh céanna dá chol cheathrar, Marie (Sandra Heullar) níos túisce san aicsean – dhéanfadh aon bhean an chúis dó.

‘My soul is sick with solitude’, ar seisean.

’Come on now, sir – you exaggerate’, ar sise.

Bean chiallmhar.

Áiféis gan bhrí, ní uaisleacht, ná rómáns – sin léamh Hausner ar bhás na beirte. Míthuiscint dhébhríoch, fiú. Dúcheist gan réiteach. Fágtar fúinn féin an méid sin, agus a lán eile. Sárobair, fíorscannán.

Is fiú an cead isteach an cineamatagrafaíocht – gan trácht ar gach aoibhneas eile.

– San IFI ón 6 Feabhra

Fág freagra ar 'Nietzsche, Keats, Feydeau, Woody Allen is John Cleese – feistithe in éadaí Vermeer'