Ní thuigim ó neamh anuas cén fáth nach féidir leis na hidéalaithe polaitiúla comhaontú faoi na bunriachtanais

CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Nuair a chloiseann tú an seanchacamas a thagann amach béal dea-dhaoine ar mhaithe le vótaí, tá’s agat go bhfuil sé in am a ghabháil amach ag siúl

Ní thuigim ó neamh anuas cén fáth nach féidir leis na hidéalaithe polaitiúla comhaontú faoi na bunriachtanais
27/11/2013. Pictured what appears to be a women begging on the streets of Dublin. Today the Minister for Housing and Planning opened a Focus Ireland Conference on Homelessness in the Aviva Stadium in Dublin this morning. The conference is today focuses on new solutions to increase the supply of housing available firstly to prevent homelessness and secondly to assist those who are homeless to move into independent, stable and secure accomodation.Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Is diabhlaí fada seachtain toghchánaíochta agus ní taobh le dhá insint atá aon scéal nuair atá os cionn 500 iarrthóir sa tóir ar 158 suíochán Dála. Is iomaí coiscéim tugtha agam leo i spiorad le seachtain agus is mó mo thrua dóibh dá réir. Tá Déaglán de Bréadúin bocht ag tosú ag brionglóideach faoi Gerry Adams ina Aire Gaeltachta agus bím féin cinnte gur chuala mé an clár céanna cúpla geábh cheana.

Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán, a deirtí riamh agus aibhsíonn an feachtas é sin. Tá scéin curtha ag an marú i mBaile Átha i ndaoine agus is mar gheall gur i lár an phobail a tharla siad is cúis leis sin. Dá mbeadh bithiúnaigh á marú féin faoi choim na hoíche in áiteacha iargúlta, ní chuirfeadh sé mairg dá laghad orainn. Clint Eastwood an fáidh a bhí ag duine éigin don scéal – ‘Nothing wrong with shooting as long as the right people get shot.’ Le blianta ba mhór againn an faire a bhí ag Gardaí orainn ach inniu níor mhiste linn cén seic a bheadh ag an aire dlí agus cirt do na Gardaí. Mama a theastaigh ón Ardeaspag a chur ag obair ar an scéal – an t-aon duine a n-éistfidís léi!

Bhí Fine Gaelach agus Fianna Fáileach ag plé an scéil ar Cormac ag a 5 ach ba mhó suim a bhí ag an mbeirt acu bheith ag milleánú  a chéile ná sa dlí agus ceart. Is cosúil go gcreideann Thomas Byrne go bhfuil leigheas ar an marú – Fine Gael a dhíbirt as an Rialtas!

Gardaí armtha ar an tsráid agus drongadóirí a chrá agus a chúiseamh gach cor a chuirfidís díobh, a d’oibrigh i Luimneach a deir an tIar-bhleachtaire Jim Browne. Gardaí sa phobal, misneach a thabhairt dóibh agus mionchoireanna a chosc a beadh ó Tom Clonan.

Bhí Mary Wilson ar bhóthar an toghcháin sa gCaisleán Riabhach áit a bhfuil an pobal fós ag fanacht leis an téarnamh agus an t-aon athrú a chonaic siad ná gur tháinig Lidl an bealach!

Tá Michael Fitzmaurice ag iarraidh an tuath a chur ar an gclár sa Dáil agus freagracht a chur ar theachtaí. Cuairt ó theachta Dála a bhí ón gcoiste fobartha! Tá 40 toghchán ar siúl a deir an t-iarpheileadóir Shane Curran agus is sa Márta a ghabhfas Fianna Fáil ag margaíocht faoi rialtas.

Chuaigh Newstalk thart in éineacht le Paul Murphy agus é ag canbhasáil i mBÁC. Is geall le Marmite é, a deir an comrádaí, ach dúirt Murphy féin nach fiú a bheith ag iarraidh intinn daoine a athrú. Lochtaigh sé seicteachas Shinn Féin i mBéal Feirste le bean a raibh a luí leis an bpáirtí sin agus a luaigh go raibh na gasúir ag teacht isteach ag rá ‘Up the ‘Ra’. Mhínigh sé freisin go mbeadh Sinn Féin sásta dul i gcomhrialtas leis an eite dheis ach ní bheadh sé féin mar is triail litmis é an comhrialtas ar an sóisialachas.

Nuair a chloiseann tú an seanchacamas a thagann amach béal dea-dhaoine ar mhaithe le vótaí, tá’s agat go bhfuil sé in am a ghabháil amach ag siúl.

Tá’s againn na deacrachtaí – mar a deir an Lucht Oibre, ní geilleagar ach sochaí atá uainn!

Ní amadáin shaonta muid – i bhfocail Brendan Howlin, scaití ‘the least worst decision’ a chaithfear a dhéanamh. Seirbhís sláinte, áit chónaithe, do chlann a thógáil, aire a thabhairt don duine lag agus deis agat slí bheatha a bheith agat – sin a dteastaíonn ónár bhformhór agus ní thuigim ó neamh anuas cén fáth nach féidir leis na hidéalaithe polaitiúla seo comhaontú faoi na bunriachtanais.

Tá 1,648 gasúr gan baile anocht iad ar chosáin, i mbrúnna nó sáinnithe i seomraí óstáin.

Cé dó a vótálfaidh siad sin amach anseo? Céard atá feicthe acu sa saol sin a mbeidh tionchar aige orthu go deo? Céard a chloiseann siad óna muintir faoi pholaiteoirí? Cén polaiteoir a chuimhníonn orthu nuair a bhíonn sáiteán cliste aige ar chlár teilifíse? Sin iad an chéad mhaidhm eile a bhuailfeas an tír agus beidh muid uilig ag fuarchaoineachán nárbh eol dúinn céard a bhí ar siúl os ár gcomhair amach. Tá coicís fágtha – caithigí uaibh na gothaí.

Fág freagra ar 'Ní thuigim ó neamh anuas cén fáth nach féidir leis na hidéalaithe polaitiúla comhaontú faoi na bunriachtanais'

  • Eoin Ó Murchú

    Ceist aicme atá ann: bíonn lucht an rachmais ag iarraidh a gcuid brabúis a choinneáil is a mhéadú; bíonn lucht na hoibre ag iarraidh sciar cothrom a fháil de luach na hoibre a dhéanann siad.
    Is e lucht na sainte (lucht an rachmais mhoir ar fud an domhain) a shéanann riachtanaisí an tsaoil ar na milliúin.