Ní thuigeann tú an Ghaeilge nua? Nil desperandum, a mhac, tá aip againn chuige sin!

Tá lúcháir ar thaighdeoirí Friotal a fhógairt go bhfuil dhá aip nua ceaptha againn a chuirfeas an cruinneas agus an binneas i réim ar fud na hÉireann arís. Rinneadh iad a thástáil ar ghrúpa samplach mac léinn agus meastar iad a bheith sábháilte do ghnáthdhaoine chomh maith

Cartún

1 An Díscagaire Gaeilge

Tharla a leithéid dúinn go léir – tháinig taom fíorghaelachais ort agus d’iarr tú an leagan Gaeilge d’fhoirm oifigiúil. Cén dochar ach nach féidir leat bun ná barr a dhéanamh di, oiread is dá mbeadh sí scríofa i Laidin. Bhuel, nil desperandum, a mhac – níl le déanamh ach an téacs a chur tríd an Díscagaire agus beidh leat. “Polasaí árachais a bhí do mo chrása,” arsa ‘Cóilín’ linn. “Bhí ceist ann ag iarraidh a fháil amach an raibh ‘saincheisteanna spleáchas alcóil’ ag cur as dom. Chuir mé sin isteach sa Díscagaire agus cad é a tháinig amach ach ‘An mbíonn tú as do chiall le hólachán go minic?’ Nach mór an gar gur fuasclaíodh an chiall dom, sular thug mé freagra ionraic.”

“Sheol an Chomhairle Contae bileog eolais chugam faoi na hoibreacha bóthair,” a dúirt úsáideoir eile. “Ba é a bhí scríofa ann ná ‘Is le linn neamh-bhuaicuaireanta a chuirfear na hoibreacha i gcrích ionas míchaoithiúlacht lucht úsáidte feithiclí a íosmhéadú’. Deir an Díscagaire liom go gciallaíonn sin go mbeifear ag obair san oíche chun nach mbeidh siad ag cur isteach ar an trácht. Mise i mbannaí duit, bheinn caillte gan mo Dhíscagaire.”

Ag trácht dó ar an Díscagaire, dúirt urlabhraí thar ceann Údarás na Gaeltachta, “Is scotheiseamláir é seo den nuálaíocht theangabhunaithe, thaighdethiomanta, fhiontarfhócasaithe. Cá bhfaighinn ceann, dála an scéil?”

2 An Turraingeoir

Is gléas beag é an Turraingeoir a cheanglaítear de chorp an úsáideora (le banda cinn, de ghnáth). Shocraigh ríomhchláraitheoirí Tuairisc.ie é sa chaoi is go dtabharfaidh sé turraing leictreach don té a dhéanann botún gramadaí. Mar a mhínigh duine d’fhoireann na saotharlainne dúinn, is faoin úsáideoir féin atá sé na pianleibhéil a roghnú, ag brath ar thromchúis na mbotún. “An leibhéal is ísle – ‘An Bráthair Críostaí’ – bheadh sé cosúil le buille den tslat sna scoileanna fadó. D’oirfeadh sé go maith do leithéidí ‘Chuaigh sí istigh’ nó ‘Tiocfaidh mé thuas chugat.’ Ach, i ndáiríre, ní maith linn a bheith prescriptive faoi na rudaí seo.” 

Shéan sé ráflaí gur cailleadh mac léinn a dúirt ‘An Cumann Lúthchleas Gael’ trí huaire i ndiaidh a chéile le linn na dtrialacha. Tuigtear dúinn fosta gurbh éigean scuad otharcharr a chur amach chuig Slógadh Shinn Féin in Iúr Cinn Trá, áit ar thit cainteoirí i ndiaidh a chéile gan aithne gan urlabhra i ndiaidh dóibh triail a bhaint as an Turraingeoir.

“Níl neart againne ar an úsáid a bhaineann daoine as an earra seo,” a dúirt an taighdeoir. “An t-aon chomhairle a chuirfinn ar dhaoine ná gan an Turraingeoir a shocrú de réir an Chaighdeáin Oifigiúil Athbhreithnithe. Chuirfeadh na rialacha sin mearbhall ar an ríomhaire is cumhachtaí ar bith.” 

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.