Ní thoghfaidh an Dáil Taoiseach amárach, ach fan bog agus lean ort…

Ghabh an tír síos an bealach seo cheana agus tháinig ár n-institiúidí polaitiúla slán tríd an anfa – a bhuí d’fhadradharc údair an Bhunreachta

30/01/2014. Dublin Scenes - Weather. Pictured dark clouds appear over Leinster house in Dublin this afternoon. Met Eireann issued a weather warning for the comming weekend. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá gach cuma ar an scéal nach dtoghfaidh an Dáil Taoiseach amárach.  Cloisfear gan dabht mórán áiféise agus aibhéile faoi mhórghéarchéim bhunreachtúil a bheith ann ach bíonn an fhírinne rud beag níos leimhe ná sin.  Ghabh an tír síos an bealach seo cheana agus tháinig ár n-institiúidí polaitiúla slán tríd an anfa.

I ndiaidh olltoghchán 1989 ní raibh tromlach sa Dáil a d’fhéadfadh rialtas a bhunú. Níor toghadh Taoiseach nuair a tháinig an Dáil le chéile den chéad uair tar éis an olltoghcháin ar an 29 Meitheamh. Ba i ndiaidh don Dáil teacht le chéile ceithre huaire a toghadh Taoiseach ar an 12 Iúil agus is fíor a rá nach raibh ár gcóras daonlathach faoi bhagairt ag am ar bith ná baol air. A bhuí d’fhadradharc údair an Bhunreachta as an méid sin. Tá an t-ádh linn sa tír seo go bhfuil bunreacht láidir againn ina bhfuil foráil déanta don uile thoisc nach mór.

I 1992 theip ar an Dáil Taoiseach a thoghadh nuair a tionóladh í ar an 14 Nollaig i ndiaidh an olltoghcháin. Mar a tharlaíonn, níor toghadh Taoiseach sa Dáil go dtí an 12 Eanáir 1993 ach féach gur lean ár gcóras daonlathas parlaiminte ag feidhmiú leis ina ainneoin sin.

Níor cheart go dtiocfadh anbhá ar an bpobal nuair nach dtoghfaidh an Dáil Taoiseach amárach. Tharla sé cheana agus gach seans go dtarlóidh arís. Leanfaidh rothaí ár ndaonlathais parlaiminte ag casadh leo go réidh toisc ceithre airteagal thábhachtacha dár mBunreacht. Is iad sin Airteagal 13.1.1, Airteagal 13.2.2, Airteagal 28.10, agus Airteagal 28.11.1.

BunreachtHead

1. Airteagal 13.1.1 Ceapfaidh an tUachtarán an Taoiseach .i. an Ceann Rialtais nó an Príomh-Aire, arna ainmniú sin ag Dáil Éireann.  

Tá tuairimíocht anois ann, tuairimíocht nach bhfuil bunús ar bith léi, go mbeidh ról suntasach ag Uachtarán na hÉireann maidir le rialtas a chur ar bun má theipeann ar an Dáil Taoiseach a thoghadh. A mhalairt ar fad is fíor ámh. Ról atá iomlán deasghnách atá ag an Uachtarán maidir le Taoiseach a cheapadh agus níl de chúram aige ach séala na hoifige a bhronnadh. Faoi Airteagal 13.1.1 is í an Dáil agus an Dáil amháin a roghnaíonn Taoiseach. Níl ról ar bith ag Uachtarán na hÉireann i mbunú rialtais.

Tá seo iomlán difriúil lena dtarlódh faoi chóras parlaiminte na Breataine. Tar éis olltoghcháin is é lánrogha na Banríona é Príomh-Aire a cheapadh.
Déanann an Bhanríon Eilís II príomh-aire a cheapadh faoi threoir choinbhinsiúin bhunreachtúla áirithe. Is é an príomhriachtanas ná teacht ar dhuine a mbeadh muinín ag Teach na dTeachtaí as nó aisti.

De ghnáth ní bhíonn le déanamh ach ceannaire an pháirtí is mó suíochán sa Teach a cheapadh ach fós d’fhéadfadh tosca ar leith a bheith ann ina mbeadh ar an mBanríon a rogha féin a dhéanamh.

Murar léir a bhfuil le déanamh, mar ab amhlaidh i gcás Sir Alec Douglas-Home i 1963 i ndiaidh do Harold Macmillan éirí as de bharr drochshláinte, d’fhéadfadh ábhar Príomh-Aire glacadh le coimisiún taiscéalaíoch agus filleadh ní ba dhéanaí le toradh diúltach nó, mar a tharla i 1963, toradh dearfach.

Anseo in Éirinn, fiú i gcás géarchéime, níl ról ar bith ag an Uachtarán Ó hUiginn maidir le cé a bheidh ina Thaoiseach. Faoin mBunreacht is don Dáil amháin a dhílsítear an chumhacht seo. Dhein De Valera dianmhachnamh air seo nuair a bhí an Bunreacht á dhréachtú aige. Tá sé luaite ag roinnt saineolaithe ar an mBunreacht gurbh é bunreacht Phoblacht Weimar na Gearmáine an múnla a bhí ag De Valera do a lán gnéithe d’Uachtaránacht na hÉireann. Ach ba pholaiteoir géarchúiseach é De Valera nach raibh dall ar na lochtanna a bhí ar uachtaránacht Weimar. Deineadh damáiste mór don daonlathas sa Ghearmáin de thoradh páirt dhíreach a bheith ag an Uachtarán i mbunú rialtais.

Is suntasach gur dhein De Valera deimhin de go mbeadh difear an-mhór, in dhá réimse ar leith, idir nósanna imeachta na hÉireann i leith bunú rialtais agus nósanna imeachta na Gearmáine, is iad sin, an ceanglas gurb é an rialtas seachas an t-uachtarán a roghnódh an ceann rialtais agus go raibh bac ar an gceann stáit aon pháirt a ghlacadh in ainmniú airí rialtais. Is mar sin atá fós agus is ceann de na nithe sin é a dhéanann an t-uachtaránacht a dheighilt go hiomlán ó réimse na polaitíochta páirtí.

7/12/2015 Action Plans for Jobs. Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny at a jobs announcement in the Conrad Hotel Dublin. The Indian-owned consulting and technology firm Infosys intends to create 250 new jobs over the next three years here to develop new technologies and support innovation in global financial institutions. Photo: RollingNews.ie
Pictiúr RollingNews.ie

2. Airteagal 13.2.2 Tig leis an Uachtarán, as a chomhairle féin, diúltú do Dháil Éireann a lánscor ar chomhairle Taoisigh nach leanann tromlach i nDáil Éireann de bheith i dtacaíocht leis.

Ar an gcaolseans go ndéanfaidh Enda Kenny cinneadh olltoghchán eile a éileamh an Déardaoin seo chugainn má theipeann ar an Dáil Taoiseach a thoghadh, beidh lánchead ag an Uachtarán diúltú dá achainí. Ós rud é go mbeadh teipthe ar an Uasal Kenny lena iarracht go n-athcheapfaí ina Thaoiseach é, déarfaí nach raibh tacaíocht tromlaigh i nDáil Éireann aige. D’fhéadfadh an tUachtarán dá bharr sin diúltú d’achainí an Uasail Kenny go rithfí olltoghchán eile.

Is é is dóichí ná nach lorgóidh an tUasal Kenny olltoghchán eile.

Más mar sin é beidh gach seans ann go molfaidh an tUachtarán don Uasal Kenny féachaint an bhféadfadh an Dáil teacht le chéile arís agus iarracht a dhéanamh Taoiseach a roghnú. Chuirfeadh sé sin iallach ar an Dáil arís ceann rialtais a thoghadh agus bheadh brú ní ba mhó arís ar na Teachtaí Dála teacht ar chomhréiteach. Gnó fadálach dá shaghas a bhí ann i samhradh 1989 sular thoiligh an Páirtí Daonlathach a dtacaíocht a thabhairt le go n-atoghfaí Charles Haughey ina Thaoiseach.

14 CHARLES HAUGHEY .tif 90398535

3. Airteagal 28.10 Aon uair nach leanann tromlach i nDáil Éireann de bheith i dtacaíocht leis an Taoiseach, ní foláir dósan éirí as oifig mura lánscoireann an tUachtarán Dáil Éireann ar chomhairle an Taoisigh agus go n-éiríonn leis an Taoiseach tacaíocht tromlaigh i nDáil Éireann a fháil ar ationól do Dháil Éireann i ndiaidh an lánscoir

Mura mbuann Enda Kenny an vóta sin chun Taoiseach a ainmniú ar an Déardaoin, beidh air dul go hÁras an Uachtaráin agus cur in iúl don Uachtarán go bhfuil sé ag éirí as oifig. Éilítear in Airteagal 28.10 go gcaithfidh Taoiseach atá ag dul as oifig, nach dtacaíonn an Dáil lena cheapadh ina Thaoiseach, éirí as oifig. Ní shonraítear sa Bhunreacht ámh, aon am ar leith dó éirí as.

I ndiaidh olltoghchán 1989, mhaígh Charles Haughey nach raibh air éirí as oifig láithreach tar éis gur theip ar an Dáil Taoiseach a thoghadh. Dhein Dick Spring ionsaí fíochmhar ar an léiriú sin agus ar deireadh bhí ar an Uasal Haughey géilleadh dó agus imeacht leis go dtí an tÁras agus tairiscint éirí as don Uachtarán Ó hIrghile. Leag sé seo fasach go gcaithfeadh Taoiseach, a raibh buaite air tar éis don olltoghchán ainmniúchán mar cheann rialtais a ghnóthú, éirí as oifig láithreach.

08/12/2015. Ceann Comhairle switch on Oireachtas Christmas Tree lights. Ceann Comhairle turn on the Oireachtas Christmas Tree lights tonight. Fianna Fail leader Micheal Martin with Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny(L). Music and song will be provided by children from the Holy Family Primary School in Derry, and by the Oireachtas Choir tonight in Leinster Lawn, Leinster House. Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

4.Airteagal 28.11.1 Má éiríonn an Taoiseach as oifig tráth ar bith, ní foláir a mheas go n-éiríonn an chuid eile de chomhaltaí an Rialtais as oifig fairis sin; ach leanfaidh an Taoiseach agus an chuid eile de chomhaltaí an Rialtais dá ndualgais nó go gceaptar a gcomharbaí.

Mura gceapann an Dáil iarrthóir ar bith ina Thaoiseach faoin Déardaoin agus má chuireann Enda Kenny in iúl don Uachtarán go bhfuil sé ag éirí as oifig, beidh an tír fós faoi stiúir.

Faoi Airteagal 28.11.1 tá ceangal ar an rialtas atá ag dul as oifig leanúint dá gcúraimí rialtais ar bhonn sealadach. Leanfaidh Enda Kenny in oifig mar Thaoiseach go dtí go gceapfar comharba. Thug an tOllamh John Kelly, nach maireann, iar-Theachta Dála de chuid Fhine Gael agus Ard-Aighne, “phantom Taoiseach” air seo.

Tá rialtais shealadacha níos coitianta anois ná mar a bhíodh agus cúrsaí polaitíochta ar fud na hEorpa tar éis éirí níos scaoilte. Sa Spáinn táthar ag fanacht ar rialtas le breis is trí mhí i ndiaidh an olltoghcháin. Sa Bheilg  b’éigean dóibh fanacht 589 lá in 2010-2011 go mbunófaí rialtas. Ní dócha go mbeifear a chomh foighneach céanna anseo in Éirinn áfach.

Ní bheidh sé d’údarás ná ní bheidh tacaíocht na Dála ag rialtas sealadach in Éirinn na cinntí crua a dhéanamh atá riachtanach chun athnuachan eacnamaíoch a chur ar bun. Anuas ar an méid sin, mar a chuir Michael Noonan an tAire Airgeadais, a bheidh ag dul as oifig go luath, ar ár súile dúinn, mura mbunófar rialtas go ceann “tréimhse shuntasach” d’fhéadfadh ardú teacht ar chostais ár bhfiacha. Chomh maith leis sin tá sé ráite ag urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil Michael McGrath nach indéanta go bhfanfadh rialtas sealadach in oifig ar feadh tréimhse shínte.

Dúirt McGrath freisin go bhfuil ag treisiú ar an imní atá ann ‘go hidirnáisiúnta’ faoin tionchar a bheadh ag rialtas sealadach ar gheilleagar na hÉireann.

Ní theastaíonn olltoghcháin eile ó pholaiteoirí ná ón bpobal. Tá an chuma air nach bhfuil an dara rogha ann ach mór-chomhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Tá sé le tabhairt faoi deara óna bhfuil á rá ag an Uasal Noonan agus ag an Uasal McGrath go bhfuiltear ag bogadh ina threo sin.

Is léachtóir Cumarsáide in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath é an Dr. Brian Murphy.