Ní thiocfaidh biseach ar an gcóras sláinte gan leigheas a fháil ar ghalar na neamhshuime

Dá gcuirfí airí sláinte faoi bhrú, mar a tharla i gcás na dtáillí uisce, ní bheadh an tseirbhís sláinte chomh lochtach agus atá…

Ní thiocfaidh biseach ar an gcóras sláinte gan leigheas a fháil ar ghalar na neamhshuime

Cuir i gcás go dtiocfadh trí scéal mar seo ó Dháil Éireann ag an am céanna.

Abair gur gortaíodh leathchéad Teachta Dála i dtimpistí bóthair (mar a gortaíodh Denis Naughten Dé Domhnaigh. Biseach ort, a Aire!) agus go raibh cóir phráinneach ospidéil de dhíth orthu.

Abair go raibh siad go léir ina luí ar thralaithe in ionaid phráinne ar fud na tíre ar feadh dhá lá ar a laghad.

Abair go raibh leathchéad Teachta Dála eile as láthair toisc iad a bheith ag fanacht ar mháinliacht roghnach ar feadh bliana, nó níos faide.

Dá mbeadh an scéal amhlaidh, agus an Dáil leathfholamh dá bharr, cad a dhéanfaí? Seo a leanas buille faoi thuairim.

Thiocfaí ar réiteach gan mhoill. Chuirfí an t-airgead a theastódh ar fáil, gan mhoill. Agus dá mbeadh atheagrú seirbhíse nó seirbhís nua riachtanach, rachfaí chun cinn lena leithéid, gan mhoill.

Ní le drochmheas ar Theachtaí Dála a cumadh an scéal thuas. Níl ann ach meabhrú faoin bhfírinne ghinearálta nár chóir a ligean i ndearmad agus géarchéim sna hospidéil á plé arís.

  1. Cuirtear cóir leighis leapa ar 12,500 othar ar an meán in ospidéil phoiblí an stáit ar ghnáthlá oibre (Luan-Aoine).
  2. Cuirtear cóir leighis ar thart ar mhilliún othar in ionaid phráinne na n-ospidéal poiblí gach bliain.
  3. Tá thart ar leathmhilliún duine ag fanacht ar choinne speisialtóra nó ar obráid de chineál éigin sa tseirbhís phoiblí.

Tá thart ar 4.5 milliún duine ina gcónaí sa stát, de réir an daonáirimh is deireanaí. Cé nach féidir na haicmí thuas a scaradh óna chéile go hiomlán, is léir an garbhfhigiúr is bunúsaí.

Ní bhíonn ár bhformhór mór ag brath ar sheirbhísí sláinte poiblí an stáit de ghnáth. Is furasta neamhshuim a dhéanamh d’fhadhbanna an chórais sláinte, agus déantar amhlaidh. Níor reáchtáladh mórshiúl agóide riamh faoi chúrsaí sláinte ar ar fhreastail slua a bhí baileach chomh mór leis na sluaite a mháirseáil chun a míshásamh le táillí uisce in iúl.

Cuireann tinneas agus gortú as dúinn ó am go ham, ach déanann ár bhformhór neamhshuim den chóras sláinte tar éis báis nó bisigh.

Dá gcuirfí Simon Harris agus na hairí sláinte a bhí ann roimhe faoi ghéarbhrú, mar a tharla i gcás na dtáillí uisce, ní bheadh an tseirbhís sláinte chomh lochtach agus atá.

Chuir Sinn Féin i gcuimhne don Taoiseach Dé Céadaoin gur deich mbliana ó shin beagnach a gheall sé leigheas ar an bhfadhb a spreag ceannlínte arís le cúpla lá.

‘I’LL END THE SCANDAL OF PATIENTS ON TROLLEYS’ a dúradh ar ghrianghraf d’Enda Kenny a bhí ar phóstaeir a chuir Fine Gael suas ar fud na tíre roimh olltoghchán 2007. Faraor, tá an ‘scannal’ níos measa anois ná mar a bhí sé riamh.

Oireann sé do Shinn Féin, agus córas cosúil le NHS na Breataine á mholadh acu abhus, nach raibh siad freagrach as ár gcóras sláinte fós. Ach spreagann a bpolasaí ceist bhunúsach nach féidir a fhreagairt gan stró: conas?

Tá coiste Dála uilepháirtí ag iarraidh teacht ar aon tuairim faoi mhórcheisteanna sláinte le sé mhí. Nuair a bunaíodh an Coiste Um Chúram Sláinte sa Todhchaí i Meitheamh 2016, d’aontaigh na páirtithe lena chéile go bhfoilseofaí a dtuarascáil dheireanach ar an 23 Eanáir.

D’iarr an Coiste, faoi chathaoirleacht Róisín Shortall, síneadh ama go dtí mí Aibreáin. Ní haon iontas é.

Is deacair smaoineamh ar dhúshlán níos mó don ‘nua-pholaitíocht’ ná teacht ar leigheas dáiríre ar fhadhb nach gcuireann as dár bhformhór go dtí go mbíonn leigheas de dhíth orainn.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Ní thiocfaidh biseach ar an gcóras sláinte gan leigheas a fháil ar ghalar na neamhshuime'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt an mhaith a ardaíonn an buncheist, sé sin an apartheid sa gcóras sláinte idir daoine atá ag braith ar an gcóras poiblí agus daoine le árachas sláinte.

    “Tá thart ar leathmhilliún duine ag fanacht ar choinne speisialtóra nó ar obráid de chineál éigin sa tseirbhís phoiblí.” Seo é an scannal leanúnach, ar measa é ná daoine ar trolleys im thuairim, ach nach mbíonn leath a dhóthain ráite faoin easpa tola i measc polaiteoirí le dul i ngleic leis. Cén fáth? Mar go bhfuil árachas sláinte ag na polaiteoirí?

    An fhad is atá an dá chóras sláinte – an córas poiblí ar a bhfuil an chuid is mó den phobal ag braith agus an córas príobháideach – ag trasnaíl a chéile, beidh sé mar bhuntáiste ag an HSE, na hoispidéil, na comhlachtaí árachais agus na sainspeisialtóirí leighis, na scuainí choinneál mar atá. Le faitíos tá árachas sláinte príobháideach ag 40% den phobal, le go mbeidh daoine in ann dul chun chinn sna scuainí feithimh.

    Ba bhreá liom a fháil amach cé mhéad de na Teachtaí Dála (158 acu) atá ag braith ar an gcóras sláinte poiblí. Is ceiste é ar cheart a bheith curtha ar gach polaiteoir a théann faoi agallamh maidir leis an gcóras sláinte. An bhfuil árachas sláinte agat a ligeann dhuit dul chun cinn sna liostaí feithimh ar an gcuid sin den phobal atá ag braith ar an gcóras poiblí?