‘Ní thabharfar ar ais deontas Gaeltachta na n-ábhar oidí’ – Bruton

‘Níl an maoiniú a theastaíonn leis an tacaíocht seo a thabhairt ar ais arís ag mo Roinn,’ a deir an tAire Oideachais Richard Bruton.

‘Ní thabharfar ar ais deontas Gaeltachta na n-ábhar oidí’ – Bruton

Ní thabharfar ar ais an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí don tréimhse a chaitheann siad sa Ghaeltacht.

Thug an tAire Oideachais an méid sin le fios sa Dáil an tseachtain seo agus ceisteanna á gcur air faoin deontas Gaeltachta ag polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla sa Dáil. Cuireadh deireadh leis an deontas Gaeltachta a d’íoctaí le hábhar oidí in 2011 toisc, a dúradh, go raibh acmhainní gann.

Chuir seachtar Teachtaí Dála ceist an tseachtain seo ar an Aire Airgeadais an raibh sé i gceist aige deontas na n-ábhar oidí a thabhairt ar ais.

Níl an maoiniú a theastaíonn leis an tacaíocht seo a thabhairt ar ais arís ag mo Roinn,” a dúirt an tAire Bruton.

Dúirt Bruton gur glacadh an cinneadh deireadh a chur leis an deontas “le linn na géarchéime eacnamaíochta nuair a bhí cinntí an-deacrair le déanamh”, ach thug sé le fios nach raibh aon dul siar anois ar an gcinneadh sin.

Dúirt an tAire gur féidir le mic léinn a atá i dteideal táillí saor in aisce iarratas a chur isteach le haghaidh “maoinithe i dtreo costas taistil agus cóiríochta” agus go bhféadfadh mic léinn iarratas a dhéanamh i gcásanna áirithe ar thacaíocht faoin gCiste um Chúnamh do Mhic Léinn.

Roimh chinneadh na bliana 2011 deireadh a chur leis an deontas, bhíodh €637 in aghaidh an choláisteánaigh á íoc ag an Roinn leis na coláistí Gaeltachta a chuireann na cúrsaí trí seachtaine ar fáil do na hábhair oidí.

Fág freagra ar '‘Ní thabharfar ar ais deontas Gaeltachta na n-ábhar oidí’ – Bruton'