Ní shásaíonn leagan Ladybird d’ aistear Paisley McGuinness an goile

Tá ábhar iontach scannáin in aistear Ian Paisley agus Martin McGuinness gan aon agó, ach ní hé ‘The Joruney’ an scannán iontach sin

Ní shásaíonn leagan Ladybird d’ aistear Paisley McGuinness an goile

The Journey
Stiúrthóir: Nich Hamm
Cliar: Colm Meaney, Timothy Spall, John Hurt, Toby Stephens, Ian Beattie.

Agus na Trioblóidí faoi bharr lasrach sna seachtóidí níor shamhlaigh éinne go dtiocfadh an lá go mbeadh Ian Paisley agus Martin McGuinness ina gcomhghleacaithe, ní áirím ina gcairde. 

Ar feadh na mblianta níor dheargnaimhde go dtí iad. Seanmóirí cumhachtach ba ea duine acu, fear a ghríosaigh an pobal dílseach/aontachtach lena óráidí seicteacha. Ba bhall sinsearach de chuid an IRA agus Sinn Féin an duine eile.

Le himeacht na mblianta tháinig claochlú ar na Sé Chontae agus ar chaidreamh na beirte. Go deimhin ba le hiontas agus le rian den cháineadh a baisteadh na ‘chuckle brothers’ orthu go seanbhlastúil.

Bhí ábhar scannáin in aistear na beirte gan aon agó agus tagann an ceann seo os ár gcomhair cothrom an ama deich mbliana ó tháing Comhthionól an Tuaiscirt ar an bhfód in athuair i ndiaidh  Chomhaontú Chill Rímhinn.

Tá cainteanna Chill Rímhinn sa tsiúl ag tosach an scannáin agus Tony Blair (Toby Stephens) agus Bertie Ahern (Mark Lambert) ar a gcroí díchill breac na síochána a thabhairt ar an bport. Cé gur bhaineas gáire as an léiriú a deineadh ar Blair agus Bertie, mar shaghas liúdramán agus leath-amadán a cuireadh inár láthair iad.

Tá sé ábhairín ciotach agus cliste go ndéantar turas bóthair samhailteach a úsáid le cíoradh a dhéanamh ar thosach an chaidrimh idir Paisley agus McGuinness. Mar chuid de sin déantar trácht ar chuid de thragóidí agus tubaistí, móra na coimhlinte. Bhí an oiread sin coranna, castaí, tubaistí agus uisce fé thalamh sna Trioblóidí agus an próiséas fadálach síochána a lean é go bhféadfaí ábhar cúpla scannán a bhaint as. Tá sé dodhéanta mar sin fiú forbhreathnú sásúil a thabhairt.

Go deimhin is é an leagan Ladybird a bhíomar a fháil ar uairibh. Gan amhras déantar é sin ar mhaithe le lucht an aineolais, ach d’fhág sé go raibh an insint ábhairín bacach.

Taibhsíodh dom ón tús go raibh rian den áiféis ag baint leis an tslí a ndéantar an bheirt a shá isteach in aon mhótar ag tús an scannáin. Tá a fhios ag gach mac máthar nár tharla, nó nach dtarlódh, a leithéid riamh. Más féidir leat an ciúta liobarnach sin a scaoileadh tharat tá táirge réasúnta taitneamhach romhat amach, a bhuíochas sin don bheirt cheann feadhna a thugann taispeántais ábalta uathu.

Déantar iarracht cíoradh a dhéanamh ar phearsantachtaí na beirte mar aon le deiseanna a thabhairt dóibh slaiseanna a chaitheamh ar a chéile. Gan amhras ní théitear rófhada leis an gcáineadh agus tugadh aire na huibhe don chothromaíocht agus don oibiachtúlacht. Dar le Meaney bhí an dá theaghlach sásta leis na léirithe ach b’fhéidir gur cáineadh é sin ar easpa uaillmhéine agus crógachta an tsaothair.

Déantar Paisley a léiriú mar dhuine stubarnálta, atá thar a bheith reiligiúnda agus cúngaigeanta. Cuirtear McGuinness inár láthair mar shaghas leámharaic agus cé go ndéantar trácht ar a shaol san IRA ní dhéantar paidir chapaill de. 

Thosaigh rudaí ag imeacht sa bhfraoch ábhairín nuair a sáinníodh i lár coille iad agus thosaigh an liúdramán de thiománaí agus bladaireacht charachtar John Hurt ag cur pip orm.

Carachtair iontacha, aisteoirí cumasacha ach ní raibh mo ghoile sásaithe.

Fág freagra ar 'Ní shásaíonn leagan Ladybird d’ aistear Paisley McGuinness an goile'

  • Hya

    Róluath ar fad sa tsaol chun scannán mar seo a dhéanamh. N’fheadair éinne cén tionchar a imreoidh Brexit ar an dtuaisceart. Ná bíodh aon dallamullóg orainn, tá an seicteachas agus an urghráin ag boirbeáil ann i gcónaí agus ba rófhuirist dóibh sléacht a dhéanamh an athuair. Is iomaí Paisley eile ann! Is mar fhreagairt ar an seicteachas a d’eascair an tIRA i gcéadóir, cor a thabhairt in aghaidh an chaim, an mionlucht a chosaint ar ár agus léirscrios na mbrúideanna, bíodh go gcuadar ó smacht go minic dá éis sin. Is é ”The Butcher Boy” le Patrick McCabe a léiríonn dúshraith dhomhain an fhuatha sa tuaisceart, fuath a rugadh go háirithe le cinseal na tuaithe sin agus a gineadh agus a goradh iontu le sinsearacht. Bhí McGuinness i ngreim lá’ le Ministir Preisbitéireach ar leaba a bháis. Dóthain ráite.