‘Ní shásaíonn córas na Roinne Oideachais ach 5% den éileamh ar Ghaelscoileanna’

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín go léiríonn figiúirí a fuair sé ón Roinn Oideachais nach sásaíonn córas pátrúnachta an Rialtais an t-éileamh atá ar Ghaelscoileanna

notepad-932864_1920

Dar le hurlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil ní shásaíonn córas na Roinne ach 5% den éileamh atá ann ar an nGaelscolaíocht.

Bhí an Teachta Dála ag tagairt d’fhigiúirí a fuair sé ón Roinn Oideachais le deireanas.

“Níl ach seacht scoil as an 42 scoil a bunaíodh ó 2011, faoin bpróiseas nua pátrúnachta, ina Gaelscoil. Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil 23% de thuismitheoirí na tíre ag éileamh oideachas trí mheán na Gaeilge. Ní shásaíonn an córas mar atá, ach 4.7% den éileamh úd.

“Go simplí, ní shásaíonn córas pátrúnachta an Rialtais an t-éileamh atá ar Ghaelscoileanna,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin gurb í an éagsúlacht scoileanna “bunchuspóir an chórais reatha” agus go gcaithfí “dul thar fóir chun an scéal a réiteach”.

“Caithfidh an Rialtas dul i bhfad níos faide chun an t-éileamh atá ann don Ghaeloideachas a shásamh amach anseo. Sin atá ag teastáil ó thuismitheoirí na tíre. Tá fás agus forbairt as cuimse tagtha ar an nGaeloideachas faoi láthair agus beidh amach anseo nuair a aithneoidh tuismitheoirí tairbhe an oideachais dhátheangaigh,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfreastalaíonn an Gaeloideachas, ní hamháin orthu sin ar mhaith leo oideachas dátheangach a thabhairt dá bpáistí, ach orthusan ar mhaith leo go bhfreastalódh a gcuid páistí ar scoileanna ilchreidmheacha nó ar scoileanna nach mbaineann le creideamh ar bith.

Fág freagra ar '‘Ní shásaíonn córas na Roinne Oideachais ach 5% den éileamh ar Ghaelscoileanna’'