Ní sa Dáil amháin atá an ‘chothromaíocht inscne’ as a riocht!

Sna Stáit Aontaithe tá 52 imreoir de chuid an NBA (cispheil) a shaothraíonn níos mó sa mbliain an duine (gan airgead urraíochta a chur san áireamh) ná a shaothraíonn na himreoirí ar fad atá sa WNBA eatarthu

Novak Djokovic. Ezra Shaw/Getty Images
Novak Djokovic. Ezra Shaw/Getty Images

Sa mbliain 2004 d’imir foireann rugbaí ban na hÉireann i Twickenham den chéad uair riamh – i ndiaidh na himeartha thug na fir aghaidh ar a chéile i gcluiche inar scóráil Girvan Dempsey an t-úd a d’fhág gur buadh ar Churaidh an Domhain ar a bhfód féin den chéad uair le 5 bliana.

Ar fhoireann na mban bhí Nuala Ní Chadhain as Corr na Móna agus ní nach ionadh bhí fonn ar Raidió na Gaeltachta labhairt léi agus an imirt déanta. “Cén áit sa staid a mbeidh sibh ina suí ag breathnú ar chluiche na bhfear nó go dtiocfaidh mé chomh fada leat?” a d’fhiafraíos de bhean Dhúiche Sheoigheach agus mé ag iarraidh éascaíocht a dhéanamh don bheirt againn.

“Má bhíonn aon seans labhartha againn is ar thaobh na páirce a tharlóidh sé,” a deir sí. “Níl aon ticéad faighte againn do chluiche na bhfear. Táimid ag tabhairt aghaidh ar an aerfort a luaithe agus a bheas an cluiche s’againn féin críochnaithe agus má fhaigheann muid aon amharc ar a dtarlóidh ina dhiaidh sin, is ar an teilifís ansiúd é.”

B’in mar a bhí. Sa spota inar cheil tuairt a thug Malcolm O’ Kelly do Mark Regan dhá uair an chloig ina dhiaidh sin úd an bhua ar na Sasanaigh thaifead mé féin agus an Cadhnach an t-aon agallamh Gaeilge a rinneadh i Twickenham riamh seans, d’fhill mise ar mo shuíochán compordach agus thug lúthchleasaí idirnáisiúnta a d’imir dá tír i gCorn an Domhain ina dhiaidh sin aghaidh ar na geataí.

Is deas an rud é a bheith in ann a thuairisciú go bhfuil stádas rugbaí na mban ardaithe ó shin. Bheinn ag súil nár díbríodh foireann na hÉireann as an staid a luaithe agus a bhí a gcuid imeartha déanta acusan dhá bhliain ó shin nuair a d’fhilleadar ar Twickenham. Tá cluichí na mban á dtaispeáint go rialta anois ar theilifís agus tar éis dóibh blianta a chaitheamh ag taisteal na tíre ag imirt ar pháirceanna clubanna, tá Domhnach Broc curtha ar fáil anois dóibh mar cheannáras.

An chonspóid a tharraing a raibh le rá ag an imreoir leadóige Novak Djokovic, a mheasann go bhfuil duaischiste níos mó tuillte ag na fir ná atá ag na mná sa spórt sin, a dhúisíonn an babhta argóna is deireanaí seo faoin éagothroime idir an chaoi a gcaitear le laochra spórt na n-inscní.

Tráthúil go leor ba é an spórt a chleachtann Djokovic ba thúisce a thug cothromaíocht do na mná. Ón mbliain 1973 tá an duaischiste céanna á thairiscint sa spórt sin dóibh féin agus do na fir i gcomórtais áirithe. Ach ní móide go dtarlódh sin beag ná mór murach bagairt a rinne an t-imreoir ban ba cháiliúla a bhí ann ag an am, Billie Jean King, go ndéanfadh sí baghcat ar Chraobh Oscailte na Stát Aontaithe an bhliain sin mura ndéanfaí amhlaidh.

Ar an drochuair níl aon bhean ar an bhfód faoi láthair a bhfuil an chumhacht chéanna aici agus a bhí an uair sin ag Billie Jean.

An tóir atá ag comhlachtaí teilifíse air a chinntíonn sa lá atá inniu ann cén phoiblíocht a fhaigheann aon spórt faoi leith agus dá réir cé mhéad dá gcuid airgid urraíochta atá na hollchomhlachtaí sásta a chaitheamh leis.

Tá sé de bhuntáiste ag an leadóg go bhfuil imirt uirthi i gcaitheamh na bliana agus go mbíonn comórtais na mban agus na bhfear ar siúl le chéile – rud nach bhfuil fíor i gcás mórán spórt eile.

Fós féach gur i gCraobhacha Oscailte na Stát Aontaithe, na Fraince, na hAstráile agus Wimbledon amháin a roinntear an t-airgead go cothrom agus go raibh an socrú os cionn deich mbliana fichead i bhfeidhm i Forrest Hills sular glacadh leis i Sasana.

Chomh maith leis an airgead a shaothraíonn siad as duaischistí bíonn teacht isteach ollmhór ag laochra gairmiúla spóirt an lae inniu as a bheith sásta a n-ainmneacha a bheith luaite le comhlachtaí nó lena gcuid táirgí – ‘endorsement’ mar a thugtar air sa mBéarla.

Fiú sa leadóg, tá éagsúlacht ollmhór sa méid a shaothraíonn na himreoirí ban agus na fir is cáiliúla den airgead sin. Roger Federer $52 milliún an bhliain seo caite; Rafael Nadal $30m; Maria Sharapova $22m; Novak Djokovic $21m agus Serena Williams $11m.

Seachas na ‘Grand Slams’ leadóige , is sa lúthchleasaíocht amháin atá ionannas airgid le fáil ag na mná. Maratón Nua-Eabhrac ba thúisce a thug sin i 1984 agus lean Bostún an nós dhá bhliain ina dhiaidh sin. Tá ionannas freisin le fáil ag lúthchleasaithe gairmiúla a chleachtann babhláil, scátáil, eitpheil, seoltóireacht, taekwando agus clársheoltóireacht, ach ar ndóigh is beag acu siúd atá ann agus is airgead fánach atá i gceist i gcomparáid leis na mórspóirt.

Tá a laghad den spórt gairmiúil sa tír seo gurb iad figiúirí na Breataine agus na Státaí is fear a léiríonn an scéal. Duaischiste £1.8 milliún ag dul do bhuaiteoirí an Chorn an FA i mbliana, £5,000 do bhuaiteoirí Chorn na mBan. £1.15 milliún a fuair Zach Johnson nuair a bhuaigh sé an Chraobh Oscailte sa nGalf i St. Andrews anuraidh; £280,000 a fuair Inbee Park nuair a bhuaigh sise craobh na mban.

Sna Stáit Aontaithe tá 52 imreoir de chuid an NBA (cispheil) a shaothraíonn níos mó sa mbliain an duine (gan airgead urraíochta a chur san áireamh) ná a shaothraíonn na himreoirí ar fad atá sa WNBA eatarthu.

Ní sa Dáil amháin atá an ‘chothromaíocht inscne’ as a riocht!

Fág freagra ar 'Ní sa Dáil amháin atá an ‘chothromaíocht inscne’ as a riocht!'