Ní raibh rialtas dá leithéid ann le breis agus leathchéad bliain…

Cé hiad comhaltaí an rialtais nua?

An comhaireacht nua. Pic: Twitter/merrionstreet

Ní thosóidh an ré nua pholaitiúil dáiríre go dtiocfaidh an Dáil nua le chéile arís ar an 17 Bealtaine. Idir an dá linn, seo gearrchur síos ar chomhaltaí an rialtais nua.

Dála an scéil, tá triúr airí neamhspleácha sa rialtas nua, ach is í an t-aire leanaí Katherine Zappone an t-aon chomhalta den rialtas nua nach ball nó iarbhall d’Fhine Gael í. Bhí an bheirt airí neamhspleácha eile, Denis Naughten agus Shane Ross, i bhFine Gael roimhe seo.

TAOISEACH/AIRE COSANTA – ENDA KENNY  

Éacht stairiúil déanta aige. Níor choinnigh ceannaire ar bith ó Fhine Gael a ghradam mar Thaoiseach tar éis olltoghcháin riamh. Ach is beag cúis áthais atá aige thairis sin. Tá a fhios ag cách go mbeidh air éirí as a phost faoi cheann bliana ar a dheireanaí, glactar leis, chun deis réasúnta a thabairt dá chomharba an dochar a rinne an léasadh a tugadh don pháirtí san olltoghchán a leigheas.

Cogar, tá Fáinne á chaitheamh aige le seachtain anuas. Ní fheadar cén fáth.

TÁNAISTE/An tAIRE DLÍ AGUS CIRT AGUS COMHIONANNAIS – FRANCES FITZGERALD  

Aire a choinnigh a post. Neartóidh an t-ardú céime go dtí ról an Tánaiste a seasamh má dhéanann sí iarracht dul i gcomharbacht ar Enda Kenny. Is dóichí gur duine níos óige a thoghfar (tá sí 65 bliain d’aois), is é sin mura dteastaíonn ceannaire eatramhach

An tAIRE AIRGEADAIS – MICHAEL NOONAN

Aire eile a mbeidh na cúraimí céanna a bhí aige go dtí seo air sa rialtas nua. Tá sé ina aire airgeadais ó 2011, agus bhí post mar aire aige i ngach rialtas a raibh Fine Gael páirteach ann ó 1982. Beidh sé 73 bliain d’aois  i gceann coícíse. Síltear nach mbeidh sé ina aire ar feadh i bhfad eile, ach cá bhfios?

AN tAIRE CAITEACHAIS PHOIBLÍ AGUS ATHCHÓIRITHE – PASCHAL DONOHOE 

An t-aire a fuair an t-ardú céime is suntasai sa rialtas nua. Níl ach dhá bhliain caite mar Aire Iompair aige, tar éis dó bliain a chaitheamh mar aire stáit. Bhí sé ar fhoireann Fhine Gael sna comhráite faoi bhunú rialtais le Fianna Fáil agus leis na Neamhspleáigh. Níor breathnaíodh air roimhe seo mar ábhar ceannaire, ach ní bheadh iontas ar mhórán dá mbeadh sé ‘toilteanach’ (ar a laghad) dul i gceannas amach anseo.

PRÍOMH-AOIRE – REGINA DOHERTY

A céad phost rialtais, í ina cúlbhinseoir ó toghadh chun na Dála í in 2011. Obair dhian roimpi, agus tinreamh a páirtí féin agus na Neamhspleách sa Dáil le reáchtáil aici, agus toradh gach vótáil ag brath ar dhearcadh Fhianna Fáil. Droch-cheapachán ar chúis phearsanta: thuill a cumas post mar aire.

An tAIRE GNÓTHAÍ EACHTRACHA/TRÁDÁLA – CHARLIE FLANAGAN

Aire eile a choinnigh a phost. Léiríonn a scéal go mbítear ‘thuas seal agus thíos seal’ go minic sa saol polaitiúil. Toghadh an chéad uair é i 1987. Chaill sé a shuíochán in 2002. Cé gur toghadh arís é in 2007, ní bhfuair sé ardú céime nuair a chuaigh Fine Gael i mbun rialtais arís in 2011. Ach ceapadh mar aire gnóthaí eachtracha é in 2014 nuair a d’atheagraigh Enda Kenny a rialtas tar éis d’Alan Shatter éirí as oifig.

An tAIRE IOMPAIR,TURASÓIREACHTA AGUS SPÓIRT – SHANE ROSS Neamhspleách ó toghadh chun na Dála é in 2011, ach a bhí sé ina chomhalta d’Fhine Gael fadó. Chuir sé tús mímhúinte lena thréimhse mar aire agus a cheapachán á fhógairt aige – de ghnáth, fógraíonn an Taoiseach ainmneacha agus cúraimí na n-airí nua.

Cuirfidh a theacht-in-oifig imní ar na tiománaithe atá i mbun stailce ar an tseirbhís LUAS i mBaile Átha Cliath agus údar acu leis an imní. Tá na stailceanna cáinte go láidir aige ina cholún sa Sunday Independent. Glactar leis nach mbeidh an colún á scríobh aige as seo amach.

An tAIRE COIMIRCE SÓISIALAÍ – LEO VARADKAR 

Ní céim in airde ach céim i leataobh a fuair an té nár chaith fiú dhá bhliain mar aire sláinte. Bheadh súil ag fear ar léir a spéis sa bpríomhphost rialtais le hardú céime de chineál éigin, ach ní dhearna sé aon ghaisce (a) sa Roinn Sláinte ná (b) sna comhráite fada a bhí riachtanach sarar bunaíodh an rialtas.

Mar sin féin, beidh go leor deiseanna aige as seo amach a chás chun dul i gcomharbacht ar Enda Kenny a chur chun cinn.

An tAIRE TITHÍOCHTA, PLEANÁLA AGUS RIALTAIS ÁITIÚIL – SIMON COVENEY

Tá roinn rialtais nua bunaithe agus aire sinsearach ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb is mó (taobh amuigh de chúrsaí sláinte b’fhéidir) a bheas ar chlár oibre an rialtais nua.

Bhí páirt mhór ag Coveney sna comhráite le Fianna Fáil agus leis na neamhspleáigh sarar bunaíodh an rialtas nua, ach is achrannaí go mór an cúram atá air anois.

An tAIRE SLÁINTE – SIMON HARRIS 

Thuill Simon Harris ardmheas mar gheall ar a chumas mar aire stáit, ach tá an dúshlán is mó agus is achrannaí roimhe anois. Chaith Leo Varadkar níos lú ná dhá bhliain roimhe sa roinn sláinte. Tá na liostaí feithimh ag síneadh arís. Tá seirbhísí éagsúla á srianadh cheal airgid. Beidh na haltraí ag bagairt stailce arís sar i bhfad. Is léir a dhíograis agus a chumas. Beidh géarghá leo.

An tAIRE CUMARSÁID, ATHRÚ AERÁIDE AGUS ACMHAINNÍ NÁDÚRTHA – DENIS NAUGHTEN 

Neamhspleách as Ros Comáin a toghadh chun na Dála an chéad uair i 1991 mar chomhalta d’Fhine Gael (tar éis bhás a athar Liam). Tá ardmheas ar a chumas ar chaon taobh den Dáil.

An tAIRE OIDEACHAIS – RICHARD BRUTON

Deirtear gur theastaigh an post seo uaidh. Beidh air déileáil láithreach leis an achrann atá ag dul i dtreise idir a roinn nua agus Cumann na Meánmhúinteoirí maidir le hatheagrú an Teastais Shóisearaigh. Tá sé ina Theachta Dála ó 1982.

AN tAIRE LEANAÍ AGUSGNÓTHAÍ ÓIGE – KATHERINE ZAPPONE

Seanadóir ainmnithe ó 2011 agus Teachta Dála nua-thofa. I Meiriceá a rugadh í. An chéad leispiach (go bhfios dúinn) a toghadh chun na Dála. Bhí páirt mhór aici sna feachtais a chuir in aghaidh scor Sheanad Éireann i reifreann 2014 agus a cheadaigh pósadh comh-inscne in 2015.

AIRE POST/FIONTAR/NUALAÍOCHTA – MARY MITCHELL O’CONNOR

An ceapachán is mó a chuir iontas ar mhórán. I mBaile an Mhuilinn i gContae na Gaillimhe a rugadh í ach is i nDún Laoghaire a toghadh í mar Theachta Dála an chéad uair in 2011. Iar-phríomhoide scoile. Ábhar beag imní: níl aon taithí aici mar aire ná mar aire stáit go dtí seo.

AN tAIRE FORBARTHA RÉIGIÚNAÍ, GNÓTHAÍ TUAITHE,EALAÍON AGUS CULTÚIR/GAELTACHTA – HEATHER HUMPHREYS 

Drochcheapachán, ar chúis shimplí amháin. Léiríonn an liosta fada cúraimí drochmheas nó/agus neamhshuim maidir le cúrsaí cultúir agus Gaeltachta. Beidh a sáith le déanamh ag Heather Humphreys agus í ag déileáil leis an gcéad dá fhreagracht a bheidh uirthi.

AIRE TALMHAÍOCHTA – MICHAEL CREED

An Corcaíoch eile sa rialtas nua. Ní raibh post rialtais, sinsearach ná sóisearach, aige go dtí seo, ach is iarfheirmeoir é agus iar-urlabhraí dá pháirtí ar chúrsaí talmhaíochta. Bhí sé páirteach san iarracht a rinneadh Enda Kenny a dhíbirt nuair a bhí an páirtí sa bhfreasúra in 2010. Tagann maithiúnas agus riachtanas in éineacht uaireanta i ngach saol polaitiúil.

Nóta: Fógrófar cé a cheapfar mar airí stáit níos deireanaí, ach tá beirt ceaptha cheana féin. Beidh Paul Kehoe freagrach as an Roinn Cosanta. Feidhmeoidh an Neamhspleách Finian McGrath, a bheidh freagrach as cúrsaí míchumais, mar ‘shár-aire’ a fhreastalóidh ar chruinnithe rialtais.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

 

Fág freagra ar 'Ní raibh rialtas dá leithéid ann le breis agus leathchéad bliain…'

  • Fearn

    “Cogar, tá Fáinne á chaitheamh aige le seachtain anuas. Ní fheadar cén fáth.”

    Sin poiliteoir a bhfuil fios a cheird aige muis!