‘Ní raibh an oiread seo páistí againn san oileán le 30 bliain’ – airgead á bhailiú leis an Nollaig a thabhairt go Toraigh

Tá Comharchumann Thoraí ag iarraidh €2,000 a bhailiú chun soilse, bláthfhleasca, maisiúcháin agus beithilín a cheannach don oileán.

‘Ní raibh an oiread seo páistí againn san oileán le 30 bliain’ – airgead á bhailiú leis an Nollaig a thabhairt go Toraigh

Tá Comharchumann Thoraí ag iarraidh €2,000 a bhailiú le soilse agus maisiúcháin eile Nollag a cheannach don oileán Gaeltachta i mbliana.

Tá €150 bailithe cheana féin ar an leathanach Go Fund Me atá tosaithe ag an gComharchumann agus súil acu dóthain airgid a bhailiú le soilse, bláthfhleasca, maisiúcháin agus beithilín a cheannach.

Dúirt Marjorie Uí Cheannabháin ó Chomharchumann Thoraí go bhfuiltear ag iarraidh “an Nollaig a thabhairt chun an oileáin” arís i mbliana tar éis cúpla bliain nach raibh aon mhaisiú mór ann don fhéile.

“Tá thart faoi 25 páiste san oileán anois, níos mó ná mar a bhíodh blianta ó shin agus tá muid ag iarraidh go mbeadh an áit ag breathnú go deas don Nollaig.

“Le cúpla bliain, níor cuireadh mórán rudaí suas, níl mé cinnte cén fáth. Bhíodh soilse sráide ann ach ba mhaith linn rud mór a dhéanamh i mbliana. Tá crann Nollag tugtha dúinn ón mórthír cheana féin, agus tá muid anois ag obair ar an Go Fund Me agus cúpla rud eile leis an airgead do na soilse a bhailiú. Tá sé i gceist againn comhartha mór ‘Nollaig Shona ó Thoraigh’ a cheannach fosta,” a dúirt sí.

Tá oíche lasta na soilse beartaithe ag an gComharchumann do Thoraigh níos deireanaí sa bhliain, freisin, agus beidh ócáid mhór ann san oileán an oíche sin le tús oifigiúil a chur le haimsir na Nollag san oileán.

Idir an dá linn, beidh imeachtaí bailithe airgid ar siúl san oileán agus beidh an leathanach Go Fund Me ar oscailt do dhuine ar bith ar fud an domhain ar mhian leor cúnamh a thabhairt do mhuintir an oileáin na maisiúcháin a cheannach.

Fág freagra ar '‘Ní raibh an oiread seo páistí againn san oileán le 30 bliain’ – airgead á bhailiú leis an Nollaig a thabhairt go Toraigh'

  • Pól Ó Braoin

    Thar cionn ar fad… go n-éirí go seó libh ar Thoraigh… oileán atá sé i gceist agam gabháil ann i gcionn tamaill ghearr… cloisim gur breá an mhuintir atá ann agus go bhfearfaidh siad fáilte roimh an gcuairteoir… :)