Ní raibh an dara rogha ag ‘Mám’ ach scaoileadh leis an rince agus an ceol a scéal diamhair féin a insint

Seó nuálach, neamheaglach, diamhair a bhí i ‘Mám’ a léiríodh le linn Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath

Ní raibh an dara rogha ag ‘Mám’ ach scaoileadh leis an rince agus an ceol a scéal diamhair féin a insint

Mám 1 : Mountain pass. Mám 2 : Yoke. Faoi mhám an pheaca, under the yoke of sin. 2. Lit: Obligation, duty, function. Mám 3 : Handful. ~ mhilseán, of sweets. Scaipeann sé ina mhámanna é, he throws it away in handfuls.

Ba mhór an tógáil croí freastal ar Mám le Michael Keegan-Dolan mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath.

Idir dhá shaol, idir mhagadh is dáiríre, idir réalachas is samhlaíocht, ní raibh aon idir eatarthacht ag baint leis an gcur i láthair gairmiúil, slachtmhar seo ag an gcompántas rince Teac Damsa.

Mheabhródh oscailt an tseó, Cré na Cille an Chadhnaigh duit; na mairbh ag cur is ag cúiteamh agus an t-anam nuathagtha ag seasamh siar ag faire. Bhí rud éigin scanrúil osnádúrtha ag baint leis an gceoltóir leathdhaonna, ar a raibh ceann reithe. Thosnaíos ar mo dhícheall ag iarraidh ciall a bhaint as ach níorbh fhiú an iarracht mar de réir mar a chuaigh an cur i láthair seo chun cinn is i ndiamhaire agus i ndoiléire a chuaigh sé (agus is mar mholadh a deirim é sin!). Ní raibh an dara rogha ach scaoileadh leis an rithim, ligint don cheol agus don rince a scéal féin a insint. Agus sin a dhein sé.

Scáthán saoil é seo. Cé go gcuaigh an ceol agus an rince go smior ar shlí nár ghá focail, chonacthas domsa go raibh ‘rince an tsaoil’ mar a bhí ag an Ríordánach ag eascairt as gach port, gach seit, gach cuid. Bhí an bás, an fhulaingt, an briseadh croí ann. Ach bhí an cleachtadh ann leis, an gáire, an giodam, an grá. Agus na rinceoirí ag gluaisteacht gan stad ó cheann go chéile fad is a mhair ochtó nóiméad de thaispeántas as an ngnáth.

B’álainn mar a léiríodh contrárthachtaí an tsaoil tríd síos. Bhí an thuas seal, thíos seal go láidir ann. Bhí an ‘ar scáth a chéile’ níos láidre fós agus ní raibh aon áit is mó a bhfacthas é seo ná nuair a léiríodh dúinn fear aonair, ag streachailt is ag fulaingt, ag cur cor ina chorp, ag éirí is ag titim agus an pobal ag breith air ar thitim dó. Dhein Cormac Ó Beaglaoich an taispeántas daonna, lán truamhéala seo, a thionlacan go tuisceanach le Beauty Deas an Oileáin agus ní mór ná go mbrisfeadh sé do chroí.

Bhí an ceol a bhí mar thionlacan ag na rinceoirí tríd síos gan cháim. D’iompair Cormac Ó Beaglaoich, virtuoso an chonsairtín, an seó ar fad nach mór. Rithim agus mothú an cheoil ag teacht go paiteanta leis an scéal a bhí á insint ag an dá rinceoir déag. Dar ndóigh bhí tús áite ag an gceol traidisiúnta agus ag an dúchas Gaelach (shamhlófá traidisiún an tórraimh le tús an tseó chomh maith) ach briseadh amach as an seanmhúnla traidisiúnta sa rince fuinniúil, comhaimseartha seo, rud a thug beatha úrnua don gceol agus don rince araon. 

Nuair a thosnaigh Stargaze, comharghrúpa comhaimseartha ceoil, ag seinmt bhraithfeá ar thosach dóibh go raibh saghas coimhlint idir na ceoltóirí, idir na foirmlí is na múnlaí ceoil. Ní fada a mhair áfach mar sara i bhfad luíodar isteach le chéile ar shlí álainn nádúrtha.

Ná ní raibh aon deighilt idir ceoltóirí agus rinceoirí. Aonad iomlán a bhí os ár gcomhair ar stáitse agus ní hamháin go rabhadar ag feidhmiú as lámha a chéile ach bhí póg is rince fánach anseo is ansiúd eatarthu, rud a mheabhraigh don lucht féachana gur aonad aontaithe, i dtiúin le chéile, daoine daonna sinn ar fad, cuma cén ról atá againn sa saol.

Is beag is fiú domsa leis na focail seo, áilleacht is saibhreas an taispeántais seo a chur ina luí ar léitheoirí. Dar ndóigh, is é ár nádúr daonna iarracht a dhéanamh ciall a bhaint as rudaí gan chiall agus is iad na focail an meán atá agamsa anseo len é sin a dhéanamh. Ach dáiríre, léirigh an seó seo dom nach gá focail agus nach leor iad ar uairibh chun an t-eispéireas a thabhairt leat.

Níl le rá anois agam ach gur cur i láthair nuálach, neamheaglach, diamhair é seo ar thuras na beatha daonna agus muid faoi chomaoin ag na healaíontóirí a cheadaigh dúinne a chonaic é a leithéid a bhlaiseadh ar shlí chomh hálainn.

Fág freagra ar 'Ní raibh an dara rogha ag ‘Mám’ ach scaoileadh leis an rince agus an ceol a scéal diamhair féin a insint'