Ní praiseach a bhí i ‘Wrecking the Rising’ ná baol air, ach chuir sé thar a fhulaingt

I mBéarla a scríobhadh script ‘Wrecking the Rising’ ar dtús rud a d’fhág coiscéim bhacaí sa ghreann agus blas mínádúrtha ar an gcomhrá ar uairibh

MAIN-PIC-GPO-Galway-Airport-12-700x357

Tá craos curtha againn orainn féin le cláracha 1916 le míonna anuas agus sroicheadh buaicphointe an deireadh seachtaine seo, cothrom an ama 100 bliain díreach ón Éirí Amach. Ag an bpointe seo tá sé deacair a shamhlú nach bhfuil gach gné den tréimhse cíortha, scuabtha. Tá luach a leathphingne caite isteach ag TG4 agus seo chuige iad le Éirí Amach Amú (Wrecking the Rising, TG4 Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus aréir). Sraith ghrinn trí chlár (uair an chloig an ceann) atá anseo a thugann fén ábhar go magúil, scigaithriseach.

Is deacair éalú ó na cosúlachtaí idir áiféis Back to the Future agus Wrecking the Rising ina ndéantar triúr liúdramán (seandálaí le Peter Coonan, múinteoir scoile le Seán T. Ó Meallaigh agus ciotachán le hOwen McDonnell) a theilgean siar ó Bhaile Átha Cliath an lae inniu go príomhchathair 1916.

Ach oiread le Marty McFly cuireann siad sraith eachtraí sa tsiúl a bhfuil tionchar acu ar an stair/todhchaí.

An t-ábhar díomá is mó atá agam ná go gcuaigh na hiarrachtaí grinn sa bhfraoch go minic. Scríobhadh an script as Béarla agus aistríodh go Gaeilge ansin é agus is dóigh liom gur fhág seo coiscéim bhacaí sa ghreann agus blas mínádúrtha ar an gcomhrá ar uairibh.

Bhí tús réasúnta maith againn agus gach aon foc ag Sean Purcell (Coonan) fad is atá sé féin agus a chomhghleacaithe ag iarraidh athléiriú a dhéanamh ar óráid an Phiarsaigh ar thairseach an GPO. Bhí míreanna seoigh anseo agus ansiúd: féinphic á thógaint ag Purcell leis na saighdiúirí Sasnacha atá sceimhlithe ina mbeatha agus na tuairiscí ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath chuig Sasana á n-athrú.

Bhíos tógtha le cuid de na radharcanna aicsin chomh maith. Thug an ruathar ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath léiriú níos éifeachtaí agus níos drámatúla ar an gcogaíocht ná aon rud a bhí le feiscint in Rebellion.

Bhí téagar drámatúil ag baint leis an tsraith nach rabhas ag súil leis, Tom ciaptha ag bás a iníne mar shampla.

Bhí téagar staire ag baint leis an táirge chomh maith, agus arís eile d’éirigh leo cuntas níos fearr a sholáthar ná táirge gustalach le RTÉ. Ba dheas mar a sníomhadh isteach marú Gerald/George Mayfair agus ba chliste mar a tagraíodh do nithe ar nós athrú dath na mboscaí poist.

Bhí rian na geamaireachta agus na scigaithrise ar an táirge ar uairibh ach ní haon drochrud é sin. Bhí Michael Collins againn a bhí bunaithe ar Roy Keane dealraíonn sé, caipín James Connolly á ghoid srl.

Ach oiread le Back to the Future agus Inglorious Basterds déantar cúrsa na staire a athrú agus sa chríoch rómhaoithneach cuirtear na hathruithe os ár gcomhair.

Thug an triúr ceann feadhain taispeántais chumasacha uathu agus comhoibriú iontach eatarthu.

Níl raibh Wrecking the Rising gan a mhaitheasaí ach is dóigh liom gur chuir sé thar a fhulaingt.

Roinnt blianta siar bhí bean caite ar an gcúits agus í ar cipíní ag fanacht ar an ngála is déanaí ó dhomhan Westeros. Geibheann fear an tí isteach, fear ná heol dó an difríocht idir ‘Westeros’ agus ‘Westmeath.’ Tosaíonn ag raideadh ceisteanna chuici:

Cé hí sin? Cé hiad siúd? Cé hiad an dream sin?  B’shin fir sneachta? B’shin deartháir agus deirfiúr ag buaileadh craicinn? Á, ná habair liom gur sin dragain?

Pé acu gur áin leat é nó nach áin, nó gur féidir leat géilleadh don fhantasaíocht, ní féidir a shéanadh gurb é Game of Thrones (Sky Atlantic, aréir) fathach na teilifíse i láthair na huaire. Cúpla babhta le mí anuas déarfainn go mba dhóbair gur chlis ar an idirlíon leis na teoiricí ar fad faoi chinniúint Jon Snow. Táimid rite le brothall ar fad.

Tá cúis leis, áfach, mar má ghéilleann tú don tsraith seo, ní fada nó go mbeidh tú faoi dhraíocht ag na carachtair shuaithinseacha, an foréigean, an scéiméireacht, an trasnaíl agus an scéal ilghnéitheach. Cé nach bhfuaireamar aon fhreagra críochnúil ar chinniúint Snow (táim cinnte go réiteofar sin sa dara gála) cuireadh tús spleodrach le sraith a sé aréir. Bhíomar thuaidh, theas agus thar lear le breith suas le Tyrion, Cersei, Daenerys, Jon, Sansa, Jorah, Arya agus Jamie. Mar is gnáth bhí foréigean, nochtacht agus caint dheisbhéalach againn. Tá sé in am, áfach, snáthanna an scéil agus na carachtair go léir a tharraingt le chéile. Dá fheabhas iad na scéalta scartha aonair tá struchtúr eipeasóideach ar an iomlán agus imíonn cúrsaí chun leadráin ar uairibh dá bharr.

‘Valar morghulis’ (is é an bás is dán dúinn ar fad) a deir siad in Valayrian agus caithfidh nach fada uainn na laethanta agus cogaí cinniúnacha.

Fág freagra ar 'Ní praiseach a bhí i ‘Wrecking the Rising’ ná baol air, ach chuir sé thar a fhulaingt'