Ní ‘polasaí aonteanga’ ba chúis le hathrú ainm ‘Banríon Uladh’ mar a mhaígh an tAire McIlveen

Cáineadh Michelle McIlveen i mí Mheán Fómhair nuair a dúirt sí gur athainmníodh an bád go ‘Queen of Ulster’, mar gheall ar 'polasaí aonteanga' a Roinne

Ní ‘polasaí aonteanga’ ba chúis le hathrú ainm ‘Banríon Uladh’ mar a mhaígh an tAire McIlveen

Ní ann don pholasaí aonteanga ar thagair an tAire Talmhaíochta Michelle McIlveen dó nuair a thug sí míniú ar athainmniú an bháid ‘Banríon Uladh’ anuraidh.

Cáineadh an tAire i mí Mheán Fómhair nuair a dúirt sí gur athainmníodh an bád, go ‘Queen of Ulster’, mar gheall ar an “bhféiniúlacht nua” agus an “polasaí aonteanga” atá ag a Roinn.

D’iarr an nuachtán The Irish News ar an Roinn an polasaí sin a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise le deireanas ach ní raibh an Roinn in ann cóip den pholasaí a aimsiú.

Dúradh go raibh an polasaí, ar thagair an tAire dó os cionn ceithre mhí ó shin, “á dhréachtú i láthair na huaire” agus nach bhféadfaí é a sceitheadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise dá bharr.

Is Roinn nua í an Roinn Talmhaíochta, a tháinig ar an bhfód tar éis thoghchán Stormont na bliana seo, agus mhaígh an tAire go raibh “gá le hathruithe a dhéanamh” ar shócmhainní a bhí á n-aistriú go dtí an Roinn nua.

“Is Roinn nua í an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe, agus is Roinn í a bhfuil féiniúlacht nua, lógó nua agus polasaí aonteanga aici,” a dúirt sí.

Nuair a cheistigh Catherine Seely, comhalta eile de chuid Shinn Féin, an tAire McIlveen faoin bhfáth ar athraíodh ainm an bháid agus an costas a bhain leis an athrú, thug an tAire le fios gur athraíodh an t-ainm le linn athfheistiú a rinneadh ar an mbád cúpla seachtain ó shin. Dúirt sí go raibh “deisiú agus athphéinteáil” ‘bhliantúil’ á dhéanamh ar an mbád nuair a cuireadh an t-ainm Béarla uirthi.

Chosain an t-athrú £302 ar an Roinn. Tugadh le fios i bhfreagra ar cheist Tionóil an tseachtain seo gur athraíodh an chomharthaíocht ar an mbád le linn obair chothabhála bhliantúil, a chosain £6,835 ar an iomlán.

“Athraíodh an litreoireacht le linn na cothabhála bliantúla a bhí sceidealta, inar áiríodh deisiúcháin, athphéinteáil agus péinteáil frithbhréantáin. Ba é costas iomlán na n-oibreacha sin £6,835. Áirítear sa mhéid sin costas £302 don chomharthaíocht nua,” a dúradh i ráiteas a thug an Roinn i mí Dheireadh Fómhair.

Ceannaíodh Banríon Uladh in 2010, nuair a bhí Aire de chuid Shinn Féin i bhfeighil na Roinne, an tAire Michelle Gildernew. Ba í Gildernew a bhaist ‘Banríon Uladh’ uirthi an tráth sin.

Bhain conspóid le hainm an bháid ón gcéad lá riamh. Nuair a tugadh ainm Gaeilge uirthi in 2010, mhaígh comhalta de chuid an DUP, Stephen Moutray, go mbeadh sé deacair an bád a aithint i gcásanna éigeandála agus go gcuirfeadh sé isteach ar an gceart atá ag an gcriú a bheith ag obair in “ionad neodrach oibre”.

Dúirt Aire na linne, Michelle Gildernew, nach raibh san ainm ach maisiúchán agus go n-úsáidtear glao-chód an bháid i gcásanna éigeandála. Thagair sí freisin do threoracha Choimisiún an Chomhionannais ina ndeirtear nach gcuireann teangacha nach Béarla iad isteach ar “thimpeallacht mhaith, chairdiúil oibre”.

Tá ainmneacha Gaeilge fós ar roinnt báid bheaga de chuid na Roinne a bhíonn ag plé le huiscebhealaí intíre.

Níor tugadh ainm Gaeilge ar an long nua de chuid Chabhlach na hÉireann, an LÉ William Butler Yeats, a seoladh níos túisce i mbliana. Ba í seo an tríú long de chuid an Chabhlaigh a ainmníodh as scríbhneoirí Éireannacha, an LÉ Samuel Beckett agus an LÉ James Joyce an dá long eile.

Agus scéal na loinge LÉ William Butler Yeats á fhógairt aige, dúirt an tAire Cosanta ag an am, Simon Coveney, go bhfágfadh na hainmneacha Béarla go dtabharfaí “aitheantas níos mó do longa ár gCabhlaigh i gcalafoirt thar sáile”.

Bunaíodh an tSeirbhís Chabhlaigh sa bhliain 1946 agus bhíodh an nós ann na longa a ainmniú i ndiaidh mhná na miotaseolaíochta Ceiltí. Ba iad an LÉ Cliona, an LÉ Maev agus an LÉ Macha na chéad trí long a bhí ag an tSeirbhís. Uaidh sin amach thugtaí ainmneacha Gaelacha ar gach long go dtí an bhliain 2014 nuair a baisteadh an LÉ Samuel Beckett ar long nua.

Fág freagra ar 'Ní ‘polasaí aonteanga’ ba chúis le hathrú ainm ‘Banríon Uladh’ mar a mhaígh an tAire McIlveen'

  • Ciarán Ó Coigligh

    Dá mbaisteadh an tAire (mar a bhí ag an am) Michelle Gildernew ‘Banríon Uladh Queen of Ulster’ ar an mbád bheadh seans níos fearr ann nach gcuirfí cantal orthu siúd nach toil leo comharthaíocht aonteangach Ghaeilge. Ní toil le Gaeilgeoirí go leor comharthaíocht aonteangach Bhéarla. Is é an trua nár taispeánadh comh-ómós don Bhéarla agus don Ghaeilge ó thús. Bíodh súil againn go bhfuil ceacht foghlamtha.

  • R. ua Ruairc

    @ Ciarán Ó Coigligh. ‘Ní toil le Gaeilgeoirí go leor comharthaíocht aonteangach Bhéarla.’ Ach bíonn orainn cur suas leo, nach mbíonn? Mar shampla i Mí Lúnasa 2012 tharraing mé aird Oifig an Choimisinéra Teanga ar ainm Ennis Community College a bheith i mBéarla amháin. Le ‘tacaíocht’ na hOifige sin dúradh liom, creid é nó ná creid, go gceartófar é roimh 2018 !