Ní mór dúinn a léiriú go bhfuil éileamh ar Ravelóid

Tá Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag iarraidh ar dhaoine tacú leis an bhféile Ravelóid agus ticéid a cheannach anois

concert-768722_1920

Ar an deireadh seachtaine an 10ú Meitheamh 2016, baileoidh na mílte Gael le chéile i gcaisleán Ard Giolláin i dTuaisceart Cho. Átha Cliath ag Ravelóid, an príomhimeacht Gaeilge ar chlár Éire 2016, mar chomóradh ar fhís cheannairí 1916, agus mar cheiliúradh ar chultúr comhaimseartha na Gaeilge agus chun sult a bhaint as iontais agus éagsúlacht an tsaoil.

Ach ní féile cheoil amháin í Ravelóid, ach buaic don ghluaiseacht, agus do ghlúin a tógadh le Gaeilge, a d’éiligh oideachas lán-Ghaeilge, a bhain líofacht amach sa teanga, a d’imigh chuig coláistí samhraidh agus a rinne dlúthchairde trí Ghaeilge, a bhí páirteach in imeachtaí na gCumann Gaelach tríú leibhéal, agus a thapaíonn gach deis anois an teanga a tugadh dóibh a úsáid ina saol pearsanta agus sóisialta. Tabharfaidh an fhéile seo ardú meanman do ghluaiseacht na Gaeilge nuair a fheicfidh a muintir toradh a cuid oibre – an ghlúin óg ag freastal ar fhéile mhór ina bhfuil an Ghaeilge lárnach, mar ghné normálta den eispéireas seachas eisceacht ar an imeall. Trína saol ar fad bhí tacaíocht ar fáil dóibh an Ghaeilge a shealbhú agus a úsáid, óna dtuistí agus ó phobal na Gaeilge, ach tá an tacaíocht sin fós ag teastáil.

Féilte móra eile mar seo, bíonn siad eagraithe ag comhlachtaí móra a bhfuil cúlchiste fairsing acu, agus ní bhíonn an brú céanna orthu na costais ar fad a bhailiú, trí réamhíocaíocht ticéad. Thuigeamar ón tús nach raibh sé sin againn agus muid ag tabhairt faoi Ravelóid; thugamar faoi mar fhéile phobalbhunaithe, ag tarraingt ar shaineolas agus ar dhea-mhéin oibrithe deonacha a bhí mar chúlchiste againn, agus ag súil le tacaíocht ón bpobal ar a bhfuil sé ag freastal chun beart a dhéanamh de réir briathar agus ticéid a cheannach roimh ré.

Ag leibhéil stáit tá tacaíocht faighte ag Ravelóid ó ranna agus comhlachtaí stáit chomh maith le comhairlí áitiúla, agus tá comhlachtaí príobháideacha ag tacú leis an bhféile freisin. Ach ní mór dúinn a léiriú go bhfuil éileamh ar a leithéid, gur ann do phobal a dteastaíonn féile mhór lán-Ghaeilge uathu agus a fhreastalóidh uirthi.

Mar sin, táimid ag iarraidh oraibh ar fad, na Gaeil, tacú leis an Ravelóid agus ticéid a cheannach anois. Seo féile do chách. Ní gá duit codladh ar an talamh crua i bpuball, ná péire nua wellies a cheannach fiú. Is féidir dul ann ar feadh an lae nó cúpla uair an chloig, agus blaiseadh a fháil den eispéireas iontach; taitneamh a bhaint as burgar agus tú ag breathnú amach ar an bhfarraige ag éisteacht leis an gceol, agus níos deise fós, ag éisteacht le ceol na teanga féin faoi bhláth thart timpeall ort. Mar a dúirt An Rathailleach 100 bliain ó shin, tá an clog casta agat, tá sé chomh maith agat éisteacht lena phort! Tá sé tuillte agat. Tá ticéid Ravelóid ar fáil ar www.raveloid.ie.

Is Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge é Cóilín Ó Cearbhaill.

 

Fág freagra ar 'Ní mór dúinn a léiriú go bhfuil éileamh ar Ravelóid'

  • Séamas

    Sách ráite!