‘Ní maith le John na fataí!’ arsa an t-aistritheoir cónaitheach nach bhfuil i bhfad ar an gcaint í féin

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ó thosaigh an cailín beag i mbun aistriúchán comhuaineach ar a deartháirín, tá sé ar nós go bhfuil Manuela Spinelli agus Giovanni Trapattoni in aontíos lenár gcolúnaí

babai_cluaisini_1

“Ní maith le John na fataí, a dúirt sé, a Mhamaí,” arsa aistritheoir cónaitheach an tí atá in aois a dhá bhliain go leith is nach bhfuil i bhfad ar an gcaint í féin. Bhí sí suite ar a gogaide ar chathaoir ag cor an bhoird i mbun aistriúchán comhuanach in áit a bheith ag ithe a dinnéir. Bhreathnaigh mé ar John a bhí suite sa gcathaoir ard agus é ag breathnú uaidh, scoth an bhrúitín á chuimilt sa gclúnachán gruaige ar bharr a chinn aige.

“An bhfuil tú cinnte gurb shin a dúirt sé?” a d’fhiafraigh mé di. Ní chuirfinn an cheist ach amháin go ngabhfainn i mbannaí air gurb éard a bhí ráite aige ná “ba ba ba ba-ba ba”.

Níor ardaigh sí a radharc aníos óna cúpán bainne a raibh lán spúnóige pónairí, an spúnóg féin agus a doirnín sáite aici ann.

“Tá,” a dúirt sí agus thuig mé gur aici a bhí an focal scoir faoin gceist.

Tá sé ar nós go bhfuil Manuela Spinelli agus Giovanni Trapattoni tar éis bogadh isteach linn. Tuigim cás na n-iriseoirí spóirt a bhíodh ag iarraidh ciall a bhaint as caint iarbhainisteoir fhoireann sacair na hÉireann – “Dúirt sé rud éigin faoi chat – ceapaim!”

“Ga-ga ga-ga,” arsa Trapattoni beag s’againne liom an lá cheana. “Dúirt sé go bhfuil sé ag iarraidh briosca agus ceann a thabhairt domsa freisin,” a mhínigh Spinelli beag dom láithreach.

Cuimhním ar chara liom a raibh gasúir aici píosa maith romhainn. Thiocfadh sí ar cuairt agus an buachaill beag in éineacht léi. Bhíodh sé ag imeacht thart ar a sháimhín só. Anois is arís thiocfadh sé anonn chuici agus déarfadh rud éigin ar nós – “da da da daba daba”. Nó sin a bheadh cloiste agamsa ar aon nós.

“Ó, ocras atá air,” a déarfadh sí gan aon amhras beo uirthi, nó, “gloine uisce atá uaidh,” nó “tá sé ag iarraidh dul chuig an leithreas”. “Chaithfeadh go bhfuil seachrán ar an mbean bhocht,” a chuimhnínn nuair a bheadh sí imithe.

Thug mé an t-aistritheoir cónaitheach ag a scrúdú sláinte ag an mbanaltra poiblí le deireanas. “Cén chaoi a bhfuil an chaint aici?” a d’fhiafraigh sí díom. “Ó, tá neart cainte aici,” a dúirt mé gan aon amhras beo orm cé nár oscail sí a béal fad is a bhí muid ann.

D’aithin mé ar an mbanaltra nach raibh muinín iomlán aici asam.

“Agus an bhfuil éinne eile in ann í a thuiscint?” a d’fhiafraigh sí díom go hamhrasach.

Fág freagra ar '‘Ní maith le John na fataí!’ arsa an t-aistritheoir cónaitheach nach bhfuil i bhfad ar an gcaint í féin'

  • máire

    thar barr ar fad! Tosaigh ar John Adrian Mole go beo!