Ní leor caint san aer agus buille eile buailte ag Bombardier ar chúrsaí fostaíochta

Is dúshlán mór é don bhFeidhmeannas i Stormont a dhul i ngleic leis an ngéarchéim sa déantúsaíocht, ach ní leor a bheith ag caint

Bombardier,_Belfast,_September_2012Os cionn 1,000 postanna le scor taobh istigh de dhá bhliain. Buille don phobal ar fad ab ea fógra Bombardier, an comhlacht déanta eitleán, go gcaillfidh duine as gach cúigear dá bhfostaithe in oirthear Bhéal Feirste a bpostanna. Batráil is ea é nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil suas le dhá mhíle post á gcailliúint ar an mBaile Meánach. Tá idir chúinsí idirnáisiúnta agus chinn logánta i gceist. Admhaítear gur deacair na fadhbanna sin a fhuascailt ach is dúshlán mór é don bhFeidhmeannas i Stormont a dhul i ngleic leis an ngéarchéim sa déantúsaíocht.

Tráth den saol, nuair ba cheannródaí déantúsaíochta idirnáisiúnta é Béal Feirste, bhí Harland & Wolff agus Shorts ina ríthe. Suite ag an gcalafort chuir siad obair ar fáil do na mílte fear agus bhí muinín ag glúin i ndiaidh glúine go mbeadh obair le fáil acu féin. Ar ndóigh bhíodar sáite i gconspóid sa chéad seo caite i ngeall ar idirdhealú ar bhonn creidimh – Protastúnaigh ab ea na hoibrithe agus ba bheag seans ar phost a bhí ag Caitliceach go dtí gur tugadh isteach reachtaíocht i gcoinne na hidirdhealaithe. D’imigh ré na déantúsaíochta ­– scannánaíocht agus turasóireacht atá luaite leis an gceantar anois. Ta éachtaí na sean aimsire ag dul i ndearmad.

Bua ab ea é nár imigh obair Shorts ar an dul céanna leis an longchlós agus cuireadh na múrtha fáilte roimh Bombardier i 1989. Tá os cionn 5,000 fostaithe acu faoi láthair i mBéal Feirste ach tá an comhlacht i dtrioblóid mar nach bhfuil éileamh ar an ‘C series’, eitleán caol do phaisinéirí le haghaidh mean-aistir. Déantar na sciatháin agus an chabhail abhus. Ta siad in iomaíocht le Boeing agus Airbus agus cheal díolacháin tá moill trí bliana ar a bpleananna.

Rinne rialtas Quebec infheistíocht le teacht i gcabhair orthu le gairid ach níor leor sin chun stop a chur leis an lagú. Dé Céadaoin d’fhógair siad go raibh 7,000 post á ngearradh ar fad, 1,080 acu sin i mBéal Feirste. Lá arna mhárach cé gur aontaigh rialtas Cheanada 75 eitleán a cheannach fógraíodh go raibh deireadh á chur leis an scéim phrintíseachta i mBéal Feirste freisin. Ghlactaí le 40 foghlaimeoir ar an scéim sin gach bliain.

Níor cheart go dtiocfadh an scéal aniar aduaidh ar éinne. Ba léir go raibh fadhbanna airgid ag Bombardier, roinnt saineolaithe ag maíomh gur chraosach é an C-sraith a bhí ag alpadh acmhainní agus caipitil gan aon luach saothair. Mhaígh a thuilleadh go mbeadh rath air fós. Cibé breithiúnas atá cruinn fágann an cor is deireanaí na mílte i gcruachás.

I mBéal Feirste airítear go mbeadh tionchar go díreach ar deich n-oiread is atá ag cailliúint a bpostanna – sin suas le 10,000. Ar ndóigh is cailliúint don gheilleagar logánta ar fad é – do shiopaí, seirbhísí agus do mhion-dhéantúsóirí a sholáthair ábhar don mhonarcha. Dúirt urlabhraí chumann na ndéantúsóirí, Stephen Kelly, go mbeadh lucht soláthair ó Dhoire agus an Srath Bán soir go dtí an Dún thuaidh thíos leis an gcinneadh seo.

Sa mullach ar Michelin agus Gallagher’s a bheith ag imeacht as an mBaile Meánach le cailliúint 1,800 post agus an tionchar a bheidh aige sin ar fhostaíocht i mion-chomhlachtaí is fadhb ollmhór é. Ní fhuasclóidh postanna in ionaid ghlaonna ná fiú postanna maithe sa teicneolaíocht faisnéise an ghéarchéim.

Gheall polaiteoirí cabhair. Cibé cabhair atá i gceist. Dúirt Theresa Villiers, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, go labhródh sí lena comhghleacaithe i Londain. Dúirt an tAire Fiontair, Jonathan Bell, go bhfuair sé geallúint ó Bombardier go bhfuil siad tiomanta don ghnó i mBéal Feirste sa bhfadtéarma ach go raibh na ciorraithe riachtanach chun an comhlacht a shlánú. D’admhaigh Invest NI gur glacadh leis go ngearrfaí postanna ach go raibh an líon a fógraíodh i bhfad níos mó na mar a cheap siadsan.

Bhí an tAire Bell faoi bhrú ón UUP agus SDLP , daoine áirithe ag éileamh go n-éireodh sé as oifig. Ar an mórgóir áfach, éadóchas a bhí le braith. Déantar an-chuid cainte faoi Straitéis Fostaíochta nó Straitéis Forbartha agus iad i gcónaí fite fuaite leis an laghdú a dhéanfar ar cháin chorparáideach an bhliain seo chugainn.

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de gur íocshláinte é an cháin chorparáideach íslithe; tá baol ann go mbeidh an costas a chaithfear a íoc le Londain níos mó na an teacht isteach. D’fhéadfadh an scéal a bheith níos casta fós ma fhágann an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach – sa gcás sin b’fhéidir go mbeadh drogall ar infheisteoirí a theacht cuma cén cháin chorparáideach a bheadh á héileamh. Níl freagra simplí ar an bhfadhb, ach ní leor caint.

Fág freagra ar 'Ní leor caint san aer agus buille eile buailte ag Bombardier ar chúrsaí fostaíochta'