Ní inniu ná inné a fuair Brad Bird a dhintiúirí ach teip atá i Tomorrowland

LÉIRMHEAS: Léiríonn figiúirí na ndoirse gur teip ó thaobh an airgid atá sa táirge is déanaí ó Disney. Is teip ealaíne é chomh maith.

Tomorrowland

Tomorrowland

Stiúrthóir: Brad Bird

Cliar: George Clooney, Hugh Laurie, Brit Robertson, Raffey Cassidy

Seoladh an scannán mór-eachtraíochta is déanaí ó cheárta Disney ar dheireadh seachtaine an Chuimhneacháin i Meiriceá (deireadh seachtaine mór ó thaobh na scannán/bpictiúrlann de). Chosain an saothar is déanaí tuairim is €280m agus gan amhras bhí tnútháin ag leanúint na hinfheistíochta seo. Léiríonn figiúirí na ndoirse gur teip atá sa táirge ó thaobh an airgid. Ar an drochuair, is teip ealaíne é chomh maith.

Chaithfí a bheith amhrasach faoi scannán a gineadh as rannóg faoi leith i Disney World. Go deimhin, d’eascair an ránnóg (agus Disney World féin ar shlí) as tionscnamh de chuid Walt Disney féin,  EPCOT (Experimental Prototype Community of Tomorrow). Is i ndeireadh a shaoil a cheap Walt an tionscnamh seo ina raibh sé i gceist aige cathair phleanáilte a thógaint ar láthair talún in Orlando in mbeadh ‘pobal na todhchaí’ agus ina ndéanfaí nuálaíocht a spreagadh. Údarás na Gaeltachta Disney, más maith leat. Nuair a d’éag Disney féin, caitheadh an tionscnamh i dtraipisí agus tógadh Disney World.

Is stiúrthóir rathúil, cumasach é Brid a sholáthraigh scannáin bheochana chuidshúlacha cosúil le The Incredibles (2004) agus Ratatouille (2007). Fuair sé a dhintiúírí le Disney agus Pixar agus chaith seal le The Simpsons. Ina theannta sin, léirigh sé a dhintiúirí aicsin le Mission Impossible: Ghost Protocol (2011). Ní haon ionadh mar sin go raibh a phócaí teann agus é ag tabhairt faoin táirge seo agus tnútháin sna sála air, dá réir.

Táirge in iomaire an fhicsin eolaíochta atá anseo ina bhfuil an bheirt phríomhcharachtar ardéirmiúla Frank (Clooney) agus Casey (Robertson) ag iarraidh teacht ar dhomhan foirfe atá i ndiminsean eile. Tearmainn í seo do phlúr an chine daonna, ó innealtóirí go healaíontóirí. Táid saor ó pholatíocht, ó chogaidh, ó choiriúlacht agus ó aon rud eile a thabharfadh ar seachrán iad. Tá a gcumas intinne, thionscnaíochta agus nuálaíochta tar éis domhan forásach, foirfe a chruthú. Ba dhuine de na piardaí móra seo Frank tamall ach tá sé ar ais ar an seanfhód anois ar chúis mhistéireach éigin. Le cabhair an chailín óig (Cassidy) á dtionlacan, tá an bheirt laochra ag caitheamh sleaiseanna agus carúlacha ar a chéile go seoigh, ag dul i bpíobáin róbat i radharcanna aicsin den scoth agus ag tabhairt míninthe fealsúnacha, eolaíochta, seafóideacha. Go deimhin, ba gheall le seanmóir timpeallachta í an óráid ó bhithiúnach Laurie.

Gan amhras, tá an táirge seo ag brath go mór ar na maisiúcháin agus táid ann go rábach; cuid acu, den domhan ídéalach gan a bheith thar mholadh beirte agus is deimhnitheach go raibh rian na beochana le sonrú iontu. Bhí cinn eile go maith ach níor baineadh m’anáil díom faoi mar a dhein sna scannáin ceannródaíocha Terminator 2 (1991) agus Jurassic Park (1993).

Is ceann feadhain caithiseach é George Clooney agus tugann sé faoina ról le fonn agus le fuinneamh.  Tá comhghuaillíocht mhaith idir féin agus an bheirt ógánach baineann.

Sa chéad uair an chloig, ní raibh an scannán seo gan a mhaitheasaí, dá áiféisí féin iad, ach sa leathuair an chloig deireanach nó mar sin, agus sinn sa domhan foirfe, tosaíonn rudaí ag rith amach ón gcairt ar fad. Fágtar sinn le táirge neafaiseach nach dtagann leis an mbuiséad toirtiúil agus an tnúthán ar fad.

Fág freagra ar 'Ní inniu ná inné a fuair Brad Bird a dhintiúirí ach teip atá i Tomorrowland'