Ní hionann an rásaíocht anois agus ré Martin Molony nó fiú Tommy Carberry

Ní baileach go mba as an rachmas a fáisceadh J.P. McManus ná Michael O’Leary ach is é rian an ‘airgid nua’ atá le brath ar an léimrásaíocht sa lá atá inniu ann

Ní hionann an rásaíocht anois agus ré Martin Molony nó fiú Tommy Carberry

Tommy Carberry agus Bobbyjo. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Cuireadh beirt de laochra spórt na rásaíochta capall i gcré na cille an tseachtain seo. Glúin a bhí eatarthu, má bhí sin féin. Bheadh Martin Molony 92 faoi cheann cúpla lá nuair a bhásaigh sé sa mbaile in aice le Brú Rí in ndeisceart Luimnigh. 75 a bhí Tommy Carberry a bhí ina chónaí i Ráth Tó in aice Dhún Seachlainn.

6 shéasúr as a chéile a bhí Molony ina sheaimpín-mharcach anseo in Éirinn (1946-1951) agus dála Carberry bhí an Cheltenham Gold Cup agus Grand National na hÉireann ar na rásaí móra a bhuaigh capaill a raibh sé ag marcaíocht orthu.

Tá a gclann fós ag plé le spórt na rásaíochta. Tá graí ag mac Molony, Peter, in aice le Cill Mocheallóg agus ar ndóigh tá aithne leitheadach ar chlann Carberry – na marcaigh Paul, Philip agus Nina.

Mar atá tarlaithe le mórán chuile spórt, ní hionann an rásaíocht anois agus an t-am ar bhuaigh Martin Molony ar Churrach Chill Dara don chéad uair i 1939 agus gan é ach 14 bliain d’aois. Ach tá roinnt rudaí nár athraigh.

Léiríonn marcaigh cúirtéis i gcónaí do na húinéirí nuair a chastar ar a chéile i bhfáinne na paráide iad – leagann siad barr na méar ar speic a gcaipín. Tá an faisean céanna ag Willie Mullins, fiú nuair atá agallamh teilifíse déanta aige.

Traidisiún é a théann siad go dtí an t-am arbh iad na huaisle amháin a bhíodh ag plé le rásaíocht chapall. Scéala Derby Shasana, ceann de na rásaí is sine dá bhfuil ann (1790) is fearr a léiríonn sin – ar liosta na n-úinéirí a bhuaigh é sna deich mbliana ba thúisce dá shaol bhí Prionsa na Breataine Bige; an 3ú Iarla Egremont, Diúc Bedford agus an tIarla Grosvenor.

Is fíor go bhfuil cuid mhaith de bholadh an rachmais ag baint leis an rásaíocht ar an talamh réidh i gcónaí – ba chapaill le hilchuideachtaí John Magnier/Michael Tabor/Derrick Smith leath na gcapall a bhuaigh an Derby le deich mbliana agus ba leis an Aga Khan, le Khalid Abdullah agus le Prionsa Haya na hIordáine an chuid eile.

Ní hé ach an oiread go bhfuil boladh an airgid imithe amach agus amach den léimrásaíocht. Is é is cirte a rá, seans, gurb é rian an ‘airgid nua’ atá le brath uirthi siúd.

Nuair a thug an marcach Robbie Power Corn Óir Cheltenham na bliana seo leis agus é sa diallait ar Sizing John faoi Fhéile Pádraig seo caite, ba le fear a thosaigh ag dearadh innealra do chairéil agus do mhianaigh ghuail an capall. Ní baileach go mba as an rachmas a fáisceadh J.P. McManus ná Michael O’Leary ach an oiread, ach tá na múrtha anois acu agus a chonách sin orthu.

Athrú é sin nach raibh tagtha in aimsir Martin Molony ná fiú Tommy Carberry. Ba leis an 1st Baron of Bicester an capall Silver Fame lenar bhuaigh Molony Corn Óir 1951 agus ba le Raymond Guest, Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na tíre seo, L’Escargot a bhuaigh an rása do Carberry i 1970 agus ’71. Bhuaigh seisean arís é i 1975 ar muin Ten Up, a bhí faoi úinéireacht Anne Duchess of Westminster, arbh léi an capall Arkle freisin.

£3,000 an duaischiste iomlán a bhí as rás an Choirn Óir nuair a bhuaigh Molony é i 1951 agus £11,000 i 1970 nuair a bhuaigh Carberry den chéad uair.

£567,000 a bhí i gceist i mbliana. Bíodh sé ‘sean’ nó ‘nua’, sin slám deas airgid, cé go raibh beagnach an méid céanna caite ag an úinéir ar chapall eile cúpla seachtain roimhe.

Chomh maith leis na Coirn Óir a thabhairt leis ar muin L’Escargot, ba é Tommy Carberry an marcach a bhí ar an gcapall sin nuair a bhuaigh sé an Grand National in Aintree i 1975, rud a shéan an 3ú bua as a chéile ar Red Rum.

25 bliain dár gcionn ba é Carberry a thraenáil an capall a bhuaigh an rás is cáiliúla ar domhan – a mhac sa diallait ar Bobbyjo nuair a bhuaigh seisean i 1999.

Ba le Bobby Burke as Maigh Locha i dTuaisceart na Gaillimhe an capall a ainmníodh as a ainm baiste siúd agus ainm a mhná, Jo.

Le hallas a mhalaí féin a shaothraigh an Búrcach aon airgead a bhí aige agus é ag obair ar shuíomhanna tógála agus ansin sna tithe tábhairne atá aige i dTuaisceart Londan.

Feicfidh tú dealbh den chapall ar an gcearnóg ar an gCreagán má chastar go dtí an baile sin thú.

Ní hamháin go mba seaimpín sa léimrásaíocht é Martin Molony, ach cé go mba rud neamhghnách an uair sin féin é agus nach dtarlódh a leithéid beag ná mór anois, chleacht sé a cheird ar an talamh réidh chomh maith.

Bhuaigh sé an Irish Oaks i 1947, ina dhiaidh sin rásaí an Mhíle agus an Dá Mhíle Gine agus sa mbliain 1951 chríochnaigh sé sa tríú háit i Derby Shasana ar muin Signal Box.

Níos deireanaí an bhliain sin thit sé de chapall i nDurlas Éile agus cé nach raibh sé ach 26 bliain d’aois, ní raibh de rogha aige ach éirí as.

D’fhág a chumas sa dá mhianach rásaíochta gur bhuaigh sé 186 rás in Éirinn, sa mBreatain agus sna Stáit Aontaithe i 1949, éacht nár sáraíodh go dtáinig 1992, tráth a raibh i bhfad níos mó laethanta ar fhéilire na rásaíochta ná a bhíodh le linn Uí Mhaolamhnaigh.

Fad agus a bhí Martin ina sheaimpín-mharcach in Éirinn idir 1946-1951, ba ag a dheartháir Tim a bhí an choróin chéanna sa mBreatain. Tá dealbh na beirte ar Pháirc na Rásaí i Luimneach.