Ní hiad lucht an ghailf amháin atá ar thóir Tíogair le cur sa tanc

Níl dream ar bith a shantaíonn aiséirí an Tiger Woods chomh mór leis na comhlachtaí teilifíse

Ní hiad lucht an ghailf amháin atá ar thóir Tíogair le cur sa tanc

Tiger Woods. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Idir iad siúd a chleachtann an imirt agus an dream nár rug ar mhaide gailf riamh ina saol is beag atá casta orm nach bhfáiltíonn roimh an scéal go bhfuil Tiger Woods faoi réir le dul i mbun comórtais arís. Tá an Tíogar sna Bahámaí an deireadh seachtaine seo ag imirt sa Hero World Classic – níor imir sé cheana le trí ráithe.

Tá an scian leagtha ar a dhroim trí nó ceathair de chuarta ó bhuaigh sé go deireadh i Lúnasa 2013. Ó shin is mó clú (nó míchlú, seans) tarraingthe aige air féin de bharr a chuid eachtraí lasmuigh den chúrsa gailf. Nuair a bhuaigh sé an Bridgestone Invitational sin ceithre bliana ó shin ba é an galfaire ab fhearr ar domhan é de réir na bhfigiúirí fiúntais – inniu tá 1198 galfaire roimhe ar an liosta sin.

Níl dream ar bith a shantaíonn aiséirí an Tíogair chomh mór leis na comhlachtaí teilifíse – tá an tóin tite as an lucht féachana a bhíonn ag breathnú ar chluiche an ghailf dá uireasa – go háirithe i Meiriceá. Fad agus a bhí Sergio Garcia agus Justin Rose in adharca a chéile i gComórtas na Máistrí in Augusta san Aibreán seo caite bhí lucht an ghailf sa taobh seo den domhain ag breathnú ar chuile bhuille a thugadar.

Sa tír ina raibh an imirt á déanamh ba lú an lucht féachana ná a bhí ag aon chomórtas a imríodh in Augusta le 13 bliain roimhe sin. Ní hé an oiread sin aithne a bheadh ar Garcia agus ar Rose sna Stáit agus nuair nach raibh Tiger, a chomharbaí Jordan Speith, Rory McIlroy nó Jason Day ag déanamh go maith, chaill na Meiriceánaigh suim ar fad sa gcomórtas.

D’fhéadfá deichniúr eile de na galfairí is cáiliúla a chur leis an liosta sin agus eatarthu ní bheadh an greim acu ar an lucht féachana agus atá ag Woods.

Tugann scéilín amháin sin le fios.

Gnáthchomórtas a imrítear i South Carolina ag drannadh le deireadh gach séasúir é an Hero World Challenge – bíonn na mór-imeachtaí thart agus na galfairí ag déanamh ar cheantair na gréine.

Sa dara babhta den chomórtas sin anuraidh chuir Tiger cuma na maitheasa air féin don chéad uair le fada agus gan ar a chárta ach 65 buille. Nuair a thosaigh an 3ú babhta imeartha agus seans ann go mbeadh sé ag bagairt ar cheann na hiomaíochta, bhí ardú 200% ar lucht féachana na teilifíse agus ba mhó a bhreathnaigh ar na scáileáin an lá sin ná a rinne nuair a bhí Craobhacha Oscailte na Breataine agus na Stát Aontaithe á n-imirt.

In 2015 agus Tiger in easnamh 280,000 lucht féachana teilifíse a bhreathnaigh ar an Wyndham. Bhí 800,000 ag faire ar Woods an bhliain dár gcionn. Faraor dósan agus do na comhlachtaí teilifíse, ba sa 15ú háit a chríochnaigh sé tar éis dó a bheith taobh le 70 agus 75 sna babhtaí imeartha deireanacha.

De na spórtanna ar fad sna Státaí is iad foirne na Peile (an NFL) is mó a tharraingíonn lucht féachana ag na cluichí féin agus ar an teilifíse.

Bheifeá den tuairim gurb é an baseball a thiocfadh ina dhiaidh sin aniar. Féach nach é ach spórt na rásaíochta gluaisteán nó NASCAR. Má tá an galf ag fulaingt in éagmais Tiger Woods ní fada go mbeidh na gluaisteáin ar an dé deiridh má leanann lucht a leanta á dtréigean mar atá siad a dhéanamh.

Is beag poiblíocht a fhaigheann an NASCAR sna bólaí seo, ach sna Státaí b’fhiú $8.2 billiún an conradh teilifíse a bhain leis na cearta craolta idir 2015-2024.

Scéal eile é an méid a bheidh ag breathnú agus ag freastal air faoin am a dtiocfaidh deireadh leis an gconradh sin.

Go dtáinig an cúlú eacnamaíochta tuairim deich mbliana ó shin bhíodh na scórtha mílte lucht leanta ag trasnú dheisceart na Stát Aontaithe, go háirithe, ag féachaint ar leithéidí Dale Earnhardt agus ar Danica Patrick, an chéad tiománaí ban a fuair suíochán i gcarr.

Is ag NASCAR atá an staid is mó ar domhan, an Indianapolis Motor Speedway, áit a bhfuil 235,000 suíochán. Tá staid in Fort Worth, Texas ina bhfuil 180,000 suíochán, ceann in Tennessee i bhfoisceacht fiche míle dó sin agus ar a laghad scór traic eile ann ina bhfuil áit suí ag idir 65,000 agus 110,000 duine.

In 2007, nuair a bhí an spórt ina neart bhí liosta feithimh trí bliana ar thicéad a cheannach don traic in Richmond Virginia, ainneoin áit suí a bheith ansiúd ag 112,000 duine.

Beagán faoina leath a líonfadh an áit inniu lena bhfuil de laghdú déanta ag na húinéirí air agus tá meath chomh mór sin tagtha ar an spórt gur stop NASCAR ag poibliú líon a lucht féachana cúpla bliain ó shin.

Ba é an séasúr seo atá díreach críochnaithe an ceann deireanach iomaíochta ag Earnhardt agus ag Patrick rud a fhágann cúrsaí níos dearóile fós.

Ní hiad lucht an ghailf amháin atá ar thóir Tíogair le cur sa tanc, is cosúíl.

Fág freagra ar 'Ní hiad lucht an ghailf amháin atá ar thóir Tíogair le cur sa tanc'

  • traolach

    Mac Coille seo an ghailf nach ainnis truamhéalach an feic é scaití agus bos an dlí á leagadh air de bharr é a bheith sna stárrtha is é i mbun tiomána. Is trua iad lucht aoncheirde amháin.