Ní hí Mutti Merkel is measa, ach…

Tá ardmholadh á thabhairt d’Angela Merkel ag tráchtairí fud fad na hEorpa. Tá an moladh sin tuillte aici, a scríobhann ár gcolúnaí, ach ní fheiceann sé cúis cheiliúrtha

Ní hí Mutti Merkel is measa, ach…

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá sé oifigiúil: ní féidir leis an Eoraip brath ar na Stáit Aontaithe agus ar an mBreatain níos mó. Mutti Merkel féin a dúirt é.

Ar ndóigh, ba léir don dall le tamall anuas gurb amhlaidh atá, ach anois agus é ráite go neamhbhalbh ag an gceannaire is cumhachtaí san Eoraip, níl aon éalú uaidh: tá a ndroim á iompú ag Meiriceá agus ag an mBreatain ar thíortha a sheas gualainn ar ghualainn leo ar feadh na scórtha bliain, agus is air féin a bheidh an tAontas Eorpach, nó a mbeidh fágtha de, ag brath feasta.

Le cúpla lá anuas, tá Angela Merkel á moladh go hard na spéire ag tráchtairí fud fad na hEorpa, bíodh siad ar an eite dheas, ar an eite chlé nó i lár an speictrim pholaitiúil. Táthar ann cheana féin a thugann ‘ceannaire an domhain shaoir’ uirthi.

Ní fheicim aon chúis cheiliúrtha, áfach.

Cinnte dearfa, tá moladh tuillte ag Merkel as an gcaolchúis a léirigh sí, le míonna anuas, agus í ag dul i ngleic le Donald Trump agus Theresa May. Ach ná déanaimis dearmad go bhfuil deighilt san Iarthar anois nach bhfacthas a leithéid, b’fhéidir, ó aimsir Shiosma Mór an Iarthair.

Ná déanaimis dearmad ach an oiread go n-oirfidh sé seo go seoigh don Rúis, tír atá á lua arís is arís eile le toghadh Donald Trump. Más amhlaidh gur theastaigh ó Vladimir Putin an tIarthar a scoilt, mar atá á mhaíomh ag tráchtairí mór le rá le fada an lá, d’éirigh leis an aidhm sin a chur i gcrích in achar fíorghearr.

Go deimhin, d’fhéadfá a rá go bhfuil Angela Merkel díreach tar éis bua Putin sa chath sin a fhógairt.

Ceannaire an domhain shaoir? Ceannaire a bhfuil fágtha den domhan saor, b’fhéidir.

Ach fágaimis an tarcaisne i leataobh. Níl fágtha anois ach Merkel agus a comhghleacaí nuathofa sa Fhrainc, Emmanuel Macron, chun ceannasaíocht a thabhairt san Aontas Eorpach, nó a mbeidh fágtha de tar éis an Bhreatimeachta. Ní hí Merkel is measa agus tá gealladh faoi Macron, ach arís eile, ní fheicim aon chúis cheiliúrtha – go háirithe do thrí thír bheaga in iarthuaisceart na hEorpa. Tíortha iad Éire, an Danmhairg agus an Ísiltír ar mhó an ceangal cultúrtha a bhí acu leis an mBreatain – agus go deimhin leis na Stáit Aontaithe – ná leis an bhFrainc nó an Ghearmáin. Seans gurb iad na trí thír sin is mó a bheidh thíos leis an droim láimhe atá á thabhairt dá seanchomrádaithe ag Meiriceá agus an Bhreatain.

Idir an dá linn, ní mór don Eoraip teacht aníos le straitéis chosanta úrnua, agus go pras. Cá bhfios céard é an chéad chéim eile sa chluiche fichille atá ar bun ag Vladimir Putin.

Fág freagra ar 'Ní hí Mutti Merkel is measa, ach…'

  • Eileen

    Beagán den ghnéasachas san alt seo – ní bhítear ag labhairt faoi Macron nó Hollande mar ‘Père’…