Ní hé ‘The Birth of a Nation’ an fathach Oscar go rabhthas ag súil leis

Cad chuige an bús ar fad faoi ‘The Birth of a Nation’? Níor chathair mar a tuairisc an saothar seo…

Ní hé ‘The Birth of a Nation’ an fathach Oscar go rabhthas ag súil leis

The Birth of a Nation
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Nate Parker
Cliar: Nate Parker, Armie Hammer, Penelope Ann Miller, Jackie Earle Haley, Colman Domingo, Aja Naomi King.

Seo an sórt scannáin gur mhaith leat a rachadh i bhfeidhm ort; teastaíonn uait go mbeadh sé ceannródaíoch, cumasach. Teastaíonn uait go ndéanfaí ábhar fiúntach, tromchúiseach a chíoradh go cuí, go samhlaíoch agus go corraitheach.

Go bunúsach teastaíonn uait go mbeadh sé cosúil le leithéid Schindler’s List.

Ar an drochuair is saothar uiscealach go maith atá anseo in ainneoin go bhfuil ábhar suaite, sollúnta faoi chaibidil aige. Ar an gcéad luí súl baineann an táirge macalla nach beag as 12 Years a Slave, an saothar úd a ghnóthaigh  trí dhuais Oscar in 2014.

Tá an dá scannán bunaithe ar scéal fíor faoi sclábhaithe a dhein, ar a slite féin, an mheá a chrochadh i gcoinne a n-úinéirí agus a ngéarleantóirí.

Ar chúis ait éigin tógadh ainm an scannáin ó shaothar conspóideach D.W. Griffith ó 1915 agus ní bhaineann an teideal le hábhar i ndáiríre.

Díríonn eachtraí an scannáin ar an sclábhaí agus seanmóirí Nate Turner (Parker) a chuir éirí amach sa tsiúl i measc na sclábhaithe i ndúthaigh Southampton, Virginia in 1831. In achar dhá lá mharaíodar breis agus 60 duine agus baineadh creathadh nach beag as an mbunaíocht ghustalach.

I gcúpla mír fhánach deineadh óige Turner a léiriú dúinn. Chonaiceamar an ciníochas, an bhrúidiúlacht, an chos ar bolg agus briseadh croí a bhain le saol an sclábhaí. Fiú na daoine geala ba chineálta agus ba chalma, bhí siad ciníoch agus cruálach leis.

Deineadh iarracht chiotach nasc na sclábhaithe leis an bhfód dúchais a léiriú trí dheasghnátha treibhe a chur inár láthair. Fan na slí cuireadh abhaile orainn gur leanbh faoi leith é Turner. Treisíodh air sin nuair a thug sé an léitheoireacht leis i ngan fhios.

De réir a chéile tuigeadh d’úinéirí sclábhaithe gurbh fhéidir leo leas a bhaint as deisbhéalaíocht Turner lena sclábhaithe cortha féin a cheansú leis an mBíobla. Tuigeadh dúinn go raibh gaol neamhghnách ag Turner lena úinéir féin (Hammer) agus é míshuaimhneach faoin tslí gur chaith úinéirí áirithe lena sclábhaithe.

Go deimhin bhíos suaite go maith ag féachaint ar an radharc inar tugadh léiriú gléineach ar úinéirí ag baint fiacla as sclábhaí le ceapord agus siséal. Chlis ar an gcaidreamh sin, áfach, nuair a chuaigh an t-úinéir le sruth. B’in buille maraithe na muice do Turner agus thug sé bóthar an áir air féin.

Luaigh Parker féin go raibh Braveheart mar spreagadh aige is an saothar seo á cheapadh aige.  Ba léir sin go minic go mór mhór i dtreo an deiridh.

Bhí Parker féin mar scríbhneoir, stiúrthóir agus léiritheoir mar aon le bheith ina cheann feadhna. De ghnáth ní smaoineamh maith é sin agus is dóigh liom gur fhág sé rian ar an saothar.

Bhí cad é bús faoin táirge nuair a seoladh ag Sundance é ag tús na bliana agus chroch sé leis duais mhór an ghiúiré. Thosaigh daoine ag rith le brothall, lucht na sparán sna comhlachtaí móra san áireamh. Iad den tuairim go raibh fathach Oscar acu, go mór mhór i ndiaidh an fothragadh faoi cé chomh ‘geal’ is a bhí an ócáid anuraidh.

Is dóigh liom go bhfuil díomá anois orthu.

Fág freagra ar 'Ní hé ‘The Birth of a Nation’ an fathach Oscar go rabhthas ag súil leis'