Ní hé ‘Star Wars’ an chéad scannán a chuir tírdhreach na hÉireann agus na Gaeltachta os comhair an tsaoil…

Caitear súil ar chuid de na scannáin is mó chuir borradh faoi thurasóireacht náisiúnta agus logánta agus ar chuid de na scannáin a bhain leas as tírdhreach álainn na Gaeltachta

Ní hé ‘Star Wars’ an chéad scannán a chuir tírdhreach na hÉireann agus na Gaeltachta os comhair an tsaoil…

Tá cad é bús na laethanta seo faoin mborradh i dtionscal na turasóireachta. Fógraíodh an tseachtain seo caite gur thug 4.5 milliún duine cuairt ar an tír sa chéad sé mhí de 2016, ardú breis agus 13% ar an tréimhse chéanna anuraidh.

Tá an Ghaeltacht í féin faoi dháir le turasóirí, tá muintir Chorca Dhuibhne, mar shampla, clipthe ag tranglam tráchta agus easpa páirceála sa Daingean. ’Sí tuairim na coitiantachta go bhfuil Star Wars agus Top Gear tar éis go leor daoine a mhealladh chun an dúthaí.

Ach oiread le Corca Dhuibhne tá dúthaí Game of Thrones ag teacht i dtír ar an dúil mhíchuíosach atá sa tsraith sin. Ní hiad an dá fhathach seo na chéad scannáin/sraitheanna teilifíse a chuir tírdhreach na hÉireann os comhair an tsaoil ná a chuir borradh faoi thurasóireacht náisiúnta agus logánta, agus ba mhinic an Ghaeltacht i lár aonach na scannánaíochta.

The Quiet Man (1952)

An ceann bunaidh agus an bas ar fad orthu le daoine ag tarraingt ar Chonga agus an ceantar máguaird ó shin. Deineadh cuid den scannánú i gConamara. Seoid scannánaíochta le John Ford, John Wayne, Maureen O’Hara agus íomhá bhréagach, sheanchaite d’Éirinn. Táirge a mheall ocht n-ainmniúchán Oscar agus a thug dhá cheann leis, ceann don stiúrthóir, ach níos tábhachtaí don turasóireacht, ceann don chineamatagrafaíocht. É sin ar fad agus Gaeilge le cloisint chomh maith.

Ryan’s Daughter (1970)

Blianta i ndiaidh ghaiscí Sean Thornton, thug David Lean agus a chomhghleacaithe aghaidh ar Iarthar Duibhneach. Ba é an táirge a lean a chuir tionscal turasóireachta na leithinse ar a bhonnaibh. Arís eile thug cineamatagrafaíocht an chreach leis oíche Oscar (mar aon le duais aisteoireachta do John Mills). Thug na léirmheastóirí íde na muc agus na madraí ar an saothar agus níor dhein Lean (a raibh na táirgí mór-ráchairte Bridge Over the River Kwai, Lawrence of Arabia agus Dr. Zhivago tagtha óna cheárta roimhe sin) aon scannán eile ar feadh ceithre bliana déag. Ba chuma sin, bhí cóta bán na gCiarraíoch déanta. ‘Is mór an trua nach raibh iníon eile ag an Rianach’ ba ea an port a bhíodh ag muintir na háite ar feadh na mblianta. Tá malairt poirt anois acu óir go bhfuil Chewbacca agus a chomrádaithe tagtha ’on dúthaigh. Leis an mbús sin ar fad is fuirist dearmad a dhéanamh ar an scannán Far and Away le Tom Cruise agus Nicole Kidman a raibh a thús lonnaithe i nDún Chaoin.

The Field (1990)

Fiche bliain tar éis Ryan’s Daughter deineadh scannán sa Ghaillimh ba cheart a bheith déanta i gCiarraí óir bhí sé bunaithe ar dhráma le John B. Keane, saothar a bhí bunaithe ar dhúnmharú a tharla sa Ríocht. Cé gurbh é taispeántas Richard Harris (a ghnóthaigh duais Oscar) is mó a mheall aird, bhí tírdhreach cuidsúlach cheantar an Líonáin i lár an aonaigh, seatannna den ghort úd san áireamh.

The Wind That Shakes the Barley (2006): Saothar cumasach ón stiúrthóir iomráiteach, conspóideach Ken Loach, scannán a chroch leis an Palme d’Or in 2008. Deineadh an scannán in iarthar Chorcaí, Gaeltacht Mhúscraí san áireamh. Cé go bhfuil an t-ábhar gruama, brúidiúil, corraitheach, tá seatanna iontacha don tírdhreach fiáin, neamhthruaillithe. É sin ar fad agus an úsáid chuí a baineadh as an nGaeilge: ‘Is Micheál Ó Súilleabháin fós é.’

The Guard (2011)

Ba iad slaiseanna agus carúlacha grinn Gharda tuathalach Brendan Gleeson a mheall an lucht féachana agus ainmniúchán don Golden Globe, ach bhí gruaim ag baint leis an táirge chomh maith agus d’oir sceirdiúlacht thírdhreach Chonamara don téama sin. Go deimhin ba gheall le carachtar ann féin é ar uairibh. Deineadh an scannánú ar fad nach mór i Leitir Móir, Leitir Mealláin, An Spidéal agus Bearna.

Fág freagra ar 'Ní hé ‘Star Wars’ an chéad scannán a chuir tírdhreach na hÉireann agus na Gaeltachta os comhair an tsaoil…'

  • x

    ‘turasoiri’ =loitimeiri