Ní hé Rory McIlroy an chéad duine ar bhain timpiste ait dó roimh chomórtas mór…

Beidh Rory McIlory ag faire ar an Open ar an teilifís mar gheall ar ghortú a bhfuair sé ag spraoi lena chairde. Breathnaíonn Tuairisc.ie ar fhir spóirt eile a chaill amach ar choimhlintí móra de dheasca gortaithe aisteacha

McIlroy

Thosaigh an Open i St Andrews ar maidin ach, mar is eol do gach aon duine faoin tráth seo, ní bheidh buaiteoir na bliana seo caite, Rory McIlroy, ag glacadh páirte ann toisc gur gortaíodh agus é ag imirt sacair lena chairde. Breathnaíonn Tuairisc.ie ar imreoirí eile a chaill amach ar chomórtais nó cluichí tábhachtacha de dheasca gortaithe aisteacha.

INPHO/Billy Stickland
INPHO/Billy Stickland

Larry Tompkins

Bhí Larry Tompkins mar chaptaen ar pheileadóirí Chorcaí i 1990 nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann ach bhí sé in easnamh ag cluiche leathcheannais na Mumhan i gcoinne Chiarraí an bhliain dár gcionn.

An tseachtain roimh an gcluiche, bhí Tompkins thíos ar an Muirdíog ag faire ar chluichí ach d’fhág sé an t-uachtar gréine sa bhaile agus dódh a chosa. Mar bharr ar an donas, ionfhabhtaíodh na dónna agus ní raibh Tompkins in ann tosú sa chluiche i gcoinne na gcomharsan. Cé gur tháinig sé isteach sa dara leath, ní raibh mórán tionchair aige ar an gcoimhlint agus chuaigh Ciarraí ar aghaidh chun Craobh na Mumhan a bhuachan don chéad uair ó 1986.

canizaresSantiago Cañizares

Roimh Chorn an Domhain sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas i 2002, ba é Santiago Cañizares cúl báire na Spáinne. Agus gan ach cúpla seachtain le dul roimh an gcomórtas, bhí foireann na Spáinne i gcampa traenála i Jerez nuair a bhain timpiste dó.

Bhí sé á bhearradh féin ina sheomra nuair a leag sé buidéal cologne. Cé go mbeadh duine ag ceapadh go mbeadh cúl báire in ann greim a bhreith air, briseadh an buidéal ina smidiríní agus ghearr píosa gloine teannán in ordóg a choise, gortú a chuir as an áireamh é do Chorn an Domhain.

Ar an drochuair d’fhoireann na tíre, ba é Iker Casillas a tháinig isteach in áit Cañizares agus shábháil sé dhá chic pionóis i gcoinne na hÉireann sna babhtaí díbeartha.

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Martin Castrogiovanni

Duine de na himreoirí is mó taithí atá ag foireann rugbaí na hIodáile, chaill Castrogiovanni amach ar chluiche i gcoinne na hAlban i gCraobh na Sé Náisiún i mbliana de bhrí ‘eachtra teaghlaigh,’ mar a thug cumann rugbaí na hIodáile air.

Bhí an tosaí ag spraoi le madra a chara nuair a bhain an t-ainmhí plaic as a shrón. Bhí 14 de ghreamanna ag teastáil ó Castrogiovanni. Níor mhothaigh na hIodálaigh uathu é, áfach, agus bua 22-19 acu i Murrayfield. Is é an rud is greannmhaire faoin eachtra ná go raibh pictiúr de féin agus gadhar mór ina bhaclainn aige ar a phróifíl Twitter ag an am.

Ben_Stokes,_2013_(cropped)Ben Stokes

Tá cáil ar an gcruicéadaí Ben Stokes mar dhuine sách teasaí agus ní gan chúis é. Anuraidh agus é ag imirt ar fhoireann Shasana i gcoinne na nIndiacha Thiar, bualadh amach é leis an chéad liathróid sa chluiche agus chaill sé an bloc.

Nuair a shroich Stokes an seomra feistis, tharraing sé dorn ar a locar, bhris cnámh ina rosta agus chaill sé amach ar áit i gCorn Twenty20 an Domhain dá réir. Rud is measa fós, d’admhaigh Stokes nárbh é seo an chéad uair aige a leithéid a dhéanamh. Tharla an rud céanna dó nuair a bhí sé níos óige, ach amháin gur doras a bhuail sé an uair sin.

Steve_SmithSteve Smith

Tá an pheil Mheiriceánach ar cheann de na spóirt is crua dá bhfuil ann ach bhí iontas fós ar dhaoine nuair a gortaíodh an t-imreoir Steve Smith agus é ag imirt i 2010. Ba é ab aistí faoi ghortú Smith ná nár tharla sé le linn an tséasúir ar chor ar bith. Ar saoire a bhí sé ag an am, agus is ag imirt ‘flag football’ a bhí sé nuair a bhris sé a lámh. Leagan den pheil Mheiriceánach é ‘peil na mbratach’ agus cosc ann ar lámh a leagan ar aon duine.

B’fhéidir gurb é an rud is náirí faoin eachtra ná gur iarr Smith, imreoir proifisiúnta, ar bheirt imreoirí eile ó na Panthers tacú leis ar an bhfoireann ‘flag football’ nuair a chaill sé a chéad chluiche sa tsraith, a eagraíodh mar chaitheamh aimsire do ghnáth-dhaoine. Cé a déarfadh nach bhfilleann an feall ar an bhfeallaire?