Ní hé leas riar na córa ná caidreamh trasphobail an mhoilleadóireacht faoi oidhreacht na dtrioblóidí – cás Loch an Oileáin

Bhí Éire chun tosaigh, cúl faighte ag Ray Houghton agus éacht á dhéanamh ag Paul McGrath in aghaidh an nIodálach nuair a réab na fir ghunna an doras isteach sa Heights Bar ar an 18ú Meitheamh 1994 agus dhúnmharaigh seisear fear

Loughinisland 2

“Níl deireadh ráite againn; cloisfear a thuilleadh uainne, cumann cearta Loch an Oileáin,” arsa daoine a gortaíodh agus gaolta an tseisir a maraíodh in ionsaí an UVF dhá bhliain is fiche agus an t-am seo.

Faoiseamh dóibh ab ea dearbhú Ombudsman na bPóilíní, an Dochtúir Michael Maguire go raibh baill den RUC claonpháirteach leis na dúnmharfóirí dílseacha. B’in é a bhí á mhaíomh ag na teaghlaigh le scór bliain ach ní bhfuair siad éisteacht oifigiúil go dtí anois. Déardaoin, tar éis fhoilsiú na tuarascála ón Ombudsman d’éiligh siad gníomh ó na húdaráis. Chomh maith leis an gceart agus an chóir, teastaíonn uathu go nglacfadh na húdaráis freagracht as an gclaonpháirteachas.

Ní chuirtear i leith na bpóilíní go raibh a fhios acu roimh ré faoin ionsaí seicteach ar an Heights Bar ar an 18ú Meitheamh 1994 nuair a bhí scata fear bailithe le breathnú ar fhoireann sacair na hÉireann in aghaidh na hIodáile ag Corn an Domhain. Oíche bhreá a bhí ann, daoine in ardghiúmar. Bhí Éire chun tosaigh, cúl faighte ag Ray Houghton agus éacht á dhéanamh ag Paul McGrath in aghaidh an nIodálach nuair a réab na fir ghunna an doras isteach. Maraíodh Adrian Rogan 34, Patrick O’Hare 35, Eamonn Byrne 39, Malcolm Jenkinson 53, Daniel McCreanor 59 agus Barney Greene 87 agus goineadh cúigear. Léirigh fiosrú an Dr Maguire gur tharla claonpháirteachas roimh agus i ndiaidh na heachtra, le faillí agus lochtanna tubaisteacha.

Rinneadh neamhaird roimh ré de dhíorma beag neamhthrócaireach ón UVF a bhí gníomhach i ndeisceart an Dúin; ní bheidís saor leis an ionsaí a dhéanamh i Loch an Oileáin dá mbeidís gafa, ceistithe agus cúisithe. Thairis sin bhí gníomhairí de chuid Bhrainse Speisialta an RUC páirteach san ionsaí agus bhí an fiosrú easnamhach. Chuir cur chuige an bhrainse speisialta maidir le gníomhairí laincis ar fhiosruithe.

I measc na lochtanna bhí:

  • bhí ainmneacha na n-amhrastach ag an RUC taobh istigh de 24 uair an chloig ach cuireadh moill ar a ngabháil
  • níor caomhnaíodh fianaise in am
  • níor fiosraíodh líomhaintí gur thug póilín foláireamh d’amhrastaigh go rabhthas chun iad a ghabháil
  • bhí gníomhaire de chuid an RUC i measc na n-amhrastach
  • níor roinneadh faisnéis an bhrainse speisialta le bleachtairí
  • ní dhearnadh fiosrú ar fhianaise faoin gcarr inar éalaigh na fir ghunna, carr a cheannaigh dílseoir aitheanta an oíche roimh an uafás

Bhí an Dochtúir Maguire meáite de gur chlaonpháirteachas ab ea na lochtanna sin- le gníomh agus le faillí. Sa mullach air sin d’ardaigh an tuarascáil ceisteanna faoi ghunna a úsáideadh san ionsaí. Tugadh an raidhfil isteach i dTuaisceart Éireann i ndeireadh na n-ochtóidí mar chuid de lastas ón Afraic Theas don UDA, UVF agus Ulster Resistance. Baineadh úsáid as airm ón lastas sin chun 70 duine a dhúnmharú. B’údar iontais don Ombudsman conas a tharla sé nár ghabh na fórsaí slándála na hairm ar fad ó bhí baint ag gníomhairí as gach ceann de na heagraíochtaí dílseacha leo.

Ba í seo an dara tuarascáil ó oifig Ombudsman na bPóilíní faoi shléacht Loch an Oileáin. Thug na teaghlaigh an t-eiteachas don chéad cheann cúig bliana ó shin agus chuaigh siad chun cúirte chun é a chur ar ceal. Shéan an ceann sin claonpháirteachas; nuair a baineadh an bonn de, cuireadh deireadh le téarma an iar-ombudsman, Al Hutchinson.

An ndéanfaidh tuarascáil an Dr Maguire aon difríocht? Éilíonn na teaghlaigh gníomh ach fearacht mhuintir Kingsmills (inar mharaigh an tIRA deichniúr in ionsaí seicteach) nó na scórtha a mharaigh an tIRA de bharr iompar Stakeknife, is baolach go mbeidh feitheamh fada acu. Fanacht contúirteach is ea é. Ní hé leas riar na córa ná caidreamh trasphobail an mhoilleadóireacht faoi oidhreacht na dtrioblóidí. Gheall Príomh-Chonstábla an PSNI go ndéanfar na seacht ndícheall chun na daoine a bhí freagrach a thabhairt chun trialach: tá an claonpháirteachas doghlactha amach is amach, a dúirt sé. Is deas iad na briathra ach go dtí go ndéanfar beart comhordaithe chun a dhul i ngleic le ‘coireanna stairiúla’ agus pian na n-íobartach, ní bheidh fuascailt le fáil ar na fadhbanna seo. Tá sé thar am ag na polaiteoirí beart a dhéanamh- caithfear éisteacht leis na héilimh agus gníomhú.

Fág freagra ar 'Ní hé leas riar na córa ná caidreamh trasphobail an mhoilleadóireacht faoi oidhreacht na dtrioblóidí – cás Loch an Oileáin'