Ní hé Acht na Gaeilge an chloch is mó ar a bpaidrín in aimsir seo na gciorruithe

Má tá airgead sa bhreis ar fáil don teanga d’fhéadfaí é a chaitheamh ar a lán bealaí níos éifeachtaí eile seachas ar Acht Gaeilge

Ní hé Acht na Gaeilge an chloch is mó ar a bpaidrín in aimsir seo na gciorruithe

Tá mé dearg le fearg i ndiaidh cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Fhánada i bhfíorthuaisceart Dhún na nGall. Gaeltacht bheag atá ann anois. Tá Gaeltacht Bheo Fhánada, grúpa áitiúil díograiseach ag obair go dian ansin chun an teanga a chaomhnú. Tá níos lú ná míle duine ina gcónaí sa cheantar anois agus níl ach bunscoil amháin ann agus tá níos lú ná seasca ar an rolla inti. Bíonn ar na páistí atá níos sine dul ar an dá mheánscoil i mBaile na nGallóglach agus níl sruth Gaeilge iontu. Sin mar atá sé i nGaeltachtaí eile ar fud na tíre, dar ndóigh. Ach níor chuala mé iomrá ar fheachtas ar son páistí Gaeltachta nach bhfuil ábalta leanúint ar aghaidh ag foghlaim trí Ghaeilge nuair a fhágann siad an bhunscoil.

Ní cuimhin liom na sluaite amuigh ar na sráideanna nuair a bhí ar eagraíochtaí fadbhunaithe a ndoirse a dhruidim nuair a chaill siad a ndeontais. D’imigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus a seirbhís nuachta iontach Gaelport le haer an tsaoil. D’imigh an t-eagras trasphobail ‘Ultach’. Rinne baill chróga na heagraíochta sin sárobair sa Tuaisceart in am thar a bheith contúirteach, ag léiriú nach le grúpa amháin an Ghaeilge.  Cá raibh na léirsithe nuair a cuireadh deireadh leis na heagraíochtaí sin agus eagraíochtaí luachmhara eile?

Chaill muid iris idirlín ag an am – beo.ie – ina mbíodh éagsúlacht ábhair den chéad scoth. Áis oideachasúil an-mhaith a bhí ann, ach níl ach cartlann Beo againn anois. Níl nuachtán clóite againn: níl ach forlíonadh nuachtáin seachtainiúil an-bheag ag léitheoirí na Gaeilge. Nach gcuirfeadh sin fearg ar dhuine?

I mo chathair féin, tá na daltaí i mBunscoil Cholm Cille lonnaithe i mbotháin le tríocha bliain anuas beagnach. Dhiúltaigh an Roinn Oideachas maoiniú do shruth Ghaeilge i meánscoil áitiúil ar na mallaibh. Agóid ar bith dá bharr: bhí an tAire in ann codladh go sámh ina dhiaidh.

Ach creideann daoine áirithe go gcuirfidh píosa reachtaíochta deireadh le géarchéim na Gaeilge. Tháinig na feachtasóirí amach ina mílte agus ina mílte. Ach an gcreideann duine ar bith go raibh Gaeilge acu uilig go léir?

De réir suirbhé a rinneadh ar na mallaibh, tá thart fá 33% i bhfách le hAcht na Gaeilge. Tá 27.9 % ina choinne. Níl 19% cinnte faoi. Agus is cuma leis na daoine eile ann nó as don Acht. Sin é – scoilt sa phobal díreach nuair a shíl muid go raibh an chlaontacht ag éirí níos laige agus go raibh daoine ag glacadh leis gur leis an phobal ar fad an Ghaeilge agus nach ndéanann sí dochar do dhuine ar bith. Osclaíodh doras agus tugadh deis do na polaiteoirí a ladar a chur sa scéal. Bhí siad ábalta na fadhbanna móra a chur i leataobh – bochtanas, tithíocht, sláinte, sábháilteacht, oideachas, dífhostaíocht, scannail airgeadais, ciorruithe eacnamaíochta srl, srl. Idir an dá linn tá an Ghaeilge ag dul sa fhraoch. Níl quango eile agus tuarastail mhaithe ag dul leis de dhíth orainn. Tá ár sáith againn cheana féin.

Ar an drochuair, tá an béal bocht ann go fóill – paranóia na Gaeilge. Níl fadhb ar bith ag an Ghaeilge nach mbeadh cúpla státseirbhíseach in ann déileáil léi. Má tá airgead sa bhreis ar fáil don teanga is féidir é a chaitheamh ar a lán bealaí níos éifeachtaí eile.  Agus tá sé thar a bheith tábhachtach a bheith  cúramach leis an airgead sin. Ní bheadh na daoine sna scuainí ag na bainc bhia róshásta dá mbeadh níos mó airgid fós curtha amú i dTuaisceart Éireann. Ní hé Acht na Gaeilge an chloch is mó ar a bpaidrín in aimsir seo na gciorruithe.

– Iarmhúinteoir agus colúnaí Gaeilge an Derry Journal Liam Mac Lochlainn

   

       

Fág freagra ar 'Ní hé Acht na Gaeilge an chloch is mó ar a bpaidrín in aimsir seo na gciorruithe'

  • Mánus

    Ní mínítear ar scor ar bith na “bealaí níos éifeachtaí” chun airgead na Gaeilge a chaitheamh sa Tuaisceart. Is mór an trua nár míníodh. Cén clocha is mó (moltaí dearfacha ) atá ar phaidrín an údair? Bheadh sé suimiúil liosta moltaí dhearfacha a fheiceáil. An togra Droichead i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire a láidriú chun eolas dearfach faoin Ghaeilge a mhéadú i measc an phobail Aontachtaigh mar shampla?