Taispeántas láidir ag Hardy in ‘The Drop’

LÉIRMHEAS: Féachfaidh daoine ar The Drop le James Gandolfini a fheiscint, is fiú féachaint air le Tom Hardy a fheiscint.

The Drop

The Drop

Stiúrthóir: Michaël R. Roskam

Cliar: Tom Hardy, Noomi Rapace, James Gandolfini, Matthias Schoenaerts, John Ortiz.

Is í tuairim na coitiantachta gurb é The Sopranos, a tháinig chun críche in 2007, an tsraith teilifíse is fearr riamh (cé go bhfuil The Wire ag baint na sála de).

Chuir Tony Soprano agus a chomrádaithe an lucht féachana faoi gheasa, ach mar is iondúil chuir na carachtair shuaithinseacha srathar ar na haisteoirí gurbh leo iad.

Bhí Tony ina néal os cionn James Gandolfini ó tháinig deireadh leis na Sopranos agus níor éirigh leis riamh éalú ó chuibhreacha fhear New Jersey.

Cé gur ghlac sé páirt i seacht dtáirge déag ó shin níor éirigh leis dul i bhfeidhm ar an lucht féachana. Is mór an trua mar sin gurb é seo ceann de na taispeántais dheireanacha uaidh.

Cé nach féidir locht a fháil air níor thug an carachtar patuar seo an scóp dó a theacht i láthair agus cumas iontach aisteoireachta a léiriú.

Ar uairibh mheasas nach raibh ann ach scáil Tony.

Ar a shon sin, is saothar inmholta é seo a d’eascair as ceárta an scríbhneora shainiúil sin Denis Lehane, an té a scrígh na húrscéalta ar a bhfuil na scannáin Mystic River (2003), Gone Baby Gone (2007) agus

Shutter Island (2010) bunaithe.

Is úrscéal eile óna pheann atá mar mháithreacha leis an scannán seo agus is é a sholáthraigh an script scannáin chomh maith.

Is é Bostún fód dúchais an Liathánaigh bíonn an chathair sin mar chúlra ag a shaothair go minic, ach is in Brooklyn atá eachtraí an scannáin seo lonnaithe.

In ainneoin sin tá an lé atá aige leis an lucht oibre le sonrú i gcónaí.

Cruthaítear scéirdiúlacht, gairbhe agus duairceas an cheantair go nádúrtha chomh maith le carachtair a bhíonn ag strácáil leis an saol.

Is carachtar soineanta, saonta, neamhurchóideach é Bob (Hardy), dealraíonn sé, ach ní mar a shíltear a bhítear agus cuirtear abhaile orainn tar éis tamaill go bhfuil uisce faoi thalamh ann.

Tá sé ag obair i dteach tábhairne le Marv (Gandolfini). Ba choileach i measc na gcearc é Marv tamall ach d’athraigh sin nuair a chuaigh sé in adharca bhuíon Seisniach.

Thug siad siúd an svae leo agus ó shin tá úinéireaht a bheáir agus a údarás caillte ag Marv, rud a luíonn go trom air.

Nuair a dhéantar an beár a robáil aon oíche amháin cuirtear sraith eachtraí sa siúl a chuireann Marv, Bob, na Sisniaigh agus carachtair eile nach iad i bpiobáin a chéile.

Ag an am céanna tá Bob tar éis gaidhrín a uchtú agus cairdeas/gaol rómánsúil a chothú le Nadia (Rapace).

Géaraítear ar an teannas i gcaitheamh an scannáin agus tá a fhios againn go bhfuil dénouement foréigeanach romhainn amach.

Ní thagann an chríoch aniar aduaidh orainn ach éiríonn leis éachtaint iomlán a thabhairt ar charachtar Bob.

Is é Hardy a dhéanann an scannán a iompar agus tá sé ar fheabhas.

Le teacht i láthair fisiciúil agus saontacht inchreidte éiríonn leis carachtar bagarthach agus soineanta a léiriú.

Ina theannta sin, cé gur Sasnach ó dhúchas é, éiríonn leis teacht i dtír ar chanúint shainiúil Bhrooklyn. Tá Rapace (The Girl with The Dragon Tattoo) le moladh ach is ról imeallach atá aici agus faoi mar a luas thuas is carachtar aontoiseach go maith atá idir lámha ag Gandolfini. Féachfaidh daoine ar seo le Gandolfini a fheiscint, is fiú féachaint air le Hardy a fheiscint.

Fág freagra ar 'Taispeántas láidir ag Hardy in ‘The Drop’'