‘Ní haon bhagairt í an Ghaeilge’ — tairiscint Joe McHugh d’aontachtaithe go gcuirfidh sé ar a ‘suaimhneas’ iad

Tá cuireadh tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta don DUP agus aontachtaigh eile casadh leis chun an Ghaeilge a phlé agus iad a ‘chur ar a suaimhneas’ faoin teanga

‘Ní haon bhagairt í an Ghaeilge’ — tairiscint Joe McHugh d’aontachtaithe go gcuirfidh sé ar a ‘suaimhneas’ iad

Tá cuireadh tugtha ag an Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, d’aontachtaigh ó thuaidh bualadh leis chun na “buairteanna faoin nGaeilge” atá acu a phlé.

Deir McHugh gur mhaith leis bualadh le haontachaigh len iad a chur “ar a suaimhneas” trí thaispeáint dóibh nach bhfuil ar intinn ag daoine cosúil leis féin a d’fhoghlaim an teanga “rud ar bith a dhéanamh ach í a labhairt agus í a roinnt leo sin ar spéis leo í”.

Ag labhairt dó aréir ag Scoil Samhraidh Mhic Ghoill sna Gleannta i nGaeltacht Thír Chonaill, dúirt McHugh leis an MLA Edwin Poots ón DUP, gur teanga í an Ghaeilge “nach mbaineann le haon pháirtí faoi leith, ó thuaidh nó ó dheas” agus gur chabhraigh an pobal Preispitéireach go mór lena caomhnú agus a cur chun cinn san am a chuaigh thart.

“Ní bagairt atá sa teanga. Ní arm polaitíochta í agus níor cheart go mbainfí an úsáid sin aisti. Is mar a chéile an scéal i gcás na hUltaise. Tá oifig ag Gníomhaireacht na hUltaise sa Dáilcheantar seo i Ráth Bhoth leis an gcuid sin dár n-oidhreacht roinnte a chur chun cinn anseo in Ultaibh.

“Bheadh mé sásta mar Aire don Ghaeilge sa dlínse seo casadh agus labhairt le haontachtaigh a bhfuil imní orthu faoin nGaeilge lena gcur ar a suaimhneas nach bhfuil sé ar intinn ag duine ar bith cosúil liomsa a d’fhoghlaim an teanga a d’aimsigh grá athuair di rud ar bith a dhéanamh seachas í a labhairt agus a roinnt leo sin ar spéis leo í,” a dúirt sé.

Bhí McHugh ag labhairt mar chuid de phainéal a phléigh todhchaí na hÉireann, thuaidh agus theas.

Ar an bpainéal céanna bhí Mary Lou McDonald, Leas-Uachtarán Shinn Féin, David Gavaghan, cathaoirleach Chónaidhm Thionsclaíocht na Breataine, Katy Hayward, léachtóir le Socheolaíocht in Ollscoil na Ríona, agus Poots, a bhí ina Aire Cultúir ó thuaidh tráth.

Pléadh tionchar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar an gcaidreamh idir an Tuaisceart agus an chuid eile den tír.

Tá ceist an Achta Gaeilge ina cnámh spairne ó thuaidh le leathbhliain anuas agus bhí sí ina bac mór sna cainteanna faoi athbhunú Stormont le cúpla mí.

Fág freagra ar '‘Ní haon bhagairt í an Ghaeilge’ — tairiscint Joe McHugh d’aontachtaithe go gcuirfidh sé ar a ‘suaimhneas’ iad'