‘Ní ghlacfaimis leis in aon réimse eile oideachais, cén fáth go nglacfaimis leis sa Ghaeltacht…’ – Ó Muineacháin

Deir an Teachta Dála Gaeltachta Aindrias Ó Muineacháin go bhfuil ‘rudaí dearfacha’ sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta ach go bhfuil ‘géarghá’ le níos mó múinteoirí a oiliúint do scoileanna Gaeltachta

‘Ní ghlacfaimis leis in aon réimse eile oideachais, cén fáth go nglacfaimis leis sa Ghaeltacht…’ – Ó Muineacháin

Tá iarrtha ag an Teachta Dála Gaeltachta Aindrias Ó Muineacháin, ó Fhianna Fáil, ar an Aire Oideachais Richard Bruton a chinntiú go mbeidh dóthain múinteoirí le cáilíochtaí oideachais trí Ghaeilge ann chun an Polasaí Oideachais Gaeltachta nua a chur i bhfeidhm.

“Ní ghlacfaimis, agus níor cheart dúinn glacadh leis [an easpa múinteoirí cáilithe] in aon réimse eile oideachais, agus tá níos fearr ná sin tuillte ag daltaí na Gaeltachta,” a dúirt an Teachta Dála Gaeltachta.

Dúirt Ó Muineacháin, as Múscraí, go bhfuil “rudaí dearfacha” sa pholasaí nua oideachais Gaeltachta a seoladh ar an gCeathrú Rua an mhí seo caite, ach go bhfuil “eagla” air nach bhfuil dóthain airde tugtha sa cháipéis ar an easpa múinteoirí le cáilíochtaí Gaeilge. Aindreas-Moynihan

“Ní thagann ach 35 céimí ón gcúrsa Máistir Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gach bliain. Is léir dom go bhfuil gá mór ann chun níos mó múinteoirí a oiliúint dár scoileanna i gceantair Ghaeltachta.

“I mo Ghaeltacht féin, tá cúig bhunscoil agus dhá mheánscoil. [Tarlaíonn sé] go rialta, nach mbíonn na príomhoidí ábalta folúntais mhúinteoireachta a líonadh go tapa. Níl sé sin sásúil,” a dúirt sé.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go mbeidh deacrachtaí ann amach anseo chomh maith mura mbíonn múinteoirí “sainábhar”, leithéidí na cuntasaíochta, na ceimice agus na fisice, a bhfuil an Ghaeilge sách maith acu leis na hábhair sin a mhúineadh.

Tá “géarghá”, dar le Ó Muineacháin, le múinteoirí le dóthain Gaeilge chun a gcuid ábhar a mhúineadh sna scoileanna Gaeltachta má táthar le córas oideachais atá “feiliúnach don fheidhm”.

“Níl aon dabht ann ach go bhfuil méadú ag teacht ar an spéis atá ag tuismitheoirí, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di, san oideachas lán-Ghaeilge.

“Is gá don Roinn réamhphleanáil a dhéanamh anois maidir le lonnú na scoileanna lánGhaeilge seo, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, sna háiteanna a bhfuil tóir orthu, ach caithfear a chinntiú freisin go bhfuil soláthar maith múinteoirí cáilithe ann.”

Mar chuid den pholasaí nua oideachais Gaeltachta, tabharfar cuireadh do na Coláistí Oiliúna tairiscintí a chur isteach chun cúrsa oiliúna lánGhaeilge a reáchtáil d’ábhar oidí bunscoile agus gealltar go ndéanfar leathnú ar an soláthar oiliúna Gaeilge don dara leibhéal.

Gealltar go gcuirfear tacaíocht ar fáil chun feabhas a chur ar “cháilíocht an teagaisc trí mheán na Gaeilge i scoileanna agus réamhscoileanna Gaeilge”.

Deirtear go gcuirfear acmhainní teagaisc agus eile ar fáil, ag áireamh forbairt ghairmiúil leanúnach, ar bonn “céimneach” nuair a chláraíonn scoil chun aitheantas Gaeltachta a bhaint amach.

I measc na n-acmhainní sin beidh foireann teagaisc bhreise “ar mhaithe le tacaíocht teanga” agus chun cabhrú “le saibhriú teanga na gcainteoirí dúchais”. Gealltar “maoiniú breise” do scoileanna chomh maith chun cuidiú leo an polasaí nua a chur i bhfeidhm.

Dearbhaítear sa pholasaí nua gurb í a phríomhsprioc ná a chinntiú “gurb é an teagasc trí mheán na Gaeilge an chéad rogha ag tuismitheoirí i ngach ceann de na limistéir Ghaeltachta” agus aithnítear go bhfuil riachtanais oideachais ag an gcainteoir dúchais nach ionann iad agus riachtanais an fhoghlaimeora.