Ní ghéillfear orlach i nDurlas anocht agus aghaidh á tabhairt ag na sean-naimhde ar a chéile

Beidh an stair, an bród agus an tsíceolaíocht i gceist anocht agus Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann ag tabhairt aghaidh ar a chéile

Ní ghéillfear orlach i nDurlas anocht agus aghaidh á tabhairt ag na sean-naimhde ar a chéile

INPHO/Cathal Noonan

Más fúinn labhairt  faoi fhoireann shinsir iomána Thiobraid Árann, b’fhearr dom a rá ar dtús go gcreidim go bhfuil arracht nua á cruthú acu agus an chuma air go mbeidh sé thar a bheith deacair ag aon chontae an t-arracht sin a chloí in aon chomórtas i mbliana. Coicís ó shin thosnaíodar a gcluiche sraithe i gcoinne Phort Láirge agus gan acu ar an bpáirc ach beirt de na tosaithe a thosnaigh cluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Dé Domhnaigh seo a d’imigh tharainn bhí triúr tosaithe i measc an tseachtair ar an bpáirc a thosnaigh an bhfoireann an tráthnóna fómhair stairiúil úd i bPáirc an Chrócaigh 2016.

Tá sé iontach soiléir go bhfuil painéal thar a bheith láidir ag Tiobraid Árann agus, dar ndóigh, is drochscéal é sin do na foirne eile sna comórtais go léir ina nglacann siad páirt. Den dara huair in aon seachtain amháin, thug an t-ógánach John McGrath an svae leis. Bhí sé thar barr ón imirt agus ó na pocanna saora i gcoinne an Chláir. Tá an mianach atá ann mar iománaí á thaispeáint ag an bpeileadóir Steven O’Brien agus is léir gur imreoir speisialta é John ‘Bubbles’ O’Dwyer chomh maith.

Feicfimid níos mó díobh anocht nuair a thiocfaidh an sean-arracht, Cill Chainnigh (a thaispeáin i gcoinne Chorcaí go nach bhfuil deireadh leo ná baol air ) ar cuairt go dtí páirc Tom Semple. Léirigh na Cait an Domhnach seo caite go bhfuil saol nó dhó fágtha fós acu. Sa dara leath den chluiche sin, léirigh siad go bhfuil na seantréithe go léir fós iontu agus iad rómhaith ar fad do Chorcaigh. Sheas na seanlaochra an fód go fearúil agus thugas suntas chomh maith do dhuine nó beirt de na hógánaigh, go háirithe Richie Leahy a bhí lárnach san imirt, díreach mar a bhí sé i gcoinne an Chláir nuair a bhí na Cait faoi bhrú ar fud na páirce.

Táim ag súil le cluiche na hoíche anocht agus mé cinnte, i ndiaidh do na Tiobradaigh greadadh a thabhairt dóibh sa chluiche ceannais anuraidh, nach mbeidh na Cait sásta léasadh eile a fháil ón tsean-namhaid. Le deich mbliana anuas, is iomaí uair a chas na foirne seo ar a chéile agus tá aithne mhaith acu ar a chéile faoin tráth seo. Tá stair, bród agus síceolaíocht i gceist anocht agus ní bheidh ceachtar foireann sásta an lámh in uachtar a ghéilleadh don fhreasúra. Chomh maith leis sin, tá na pointí ag teastáil go géar ó Chill Chainnigh agus iad fós taobh le péire.

Ceapaim go mbeidh slua mór i láthair agus go mbeidh an imirt dian, go mbeidh na foirne lándáiríre faoin gcúram agus go mbeidh neart teannais ar fud na páirce.

Ó tharla ceithre fhoireann a bheith ar na pointí céanna, tá gach cluiche tábhachtach agus is maith san don chomórtas agus dúinne atá a leanúint. 

Beidh sé deacair ar Chorcaigh aon phointe a fháil i bPáirc an Bhreathnaigh amárach ach táim ag súil le coimhlint níos déine agus níos cothroime idir ógánaigh Bhaile Átha Cliath agus an Chláir.

Ní fhéadfainn críochnú gan cúpla focal molta a scríobh faoi chlub agus cailíní iontacha Shleacht Néill. Rinneadar éacht i bPáirc an Chrócaigh seachtain ó shin. Is iad curaidh shinsir chamógaíochta na hÉireann iad anois agus an gradam sin tuillte go maith acu. Nach bródúil, más brónach féin iad, a bhí na deirfiúracha Ní Chaiside agus iad ag smaoineamh ar a n-athair Thomas a bhí mar cheann feadhna ar an gcamógaíocht sa chlub go dtí gur bhásaigh sé san fhómhar.

Beidh peileadóirí an chlub ag iarraidh sampla na gcailíní a leanúint Lá Fhéile Pádraig agus gach seans acu éacht stairiúil eile a dhéanamh do Chumann Roibeard Éiméid Shleacht Néill.

Gura fada buan iad.

Fág freagra ar 'Ní ghéillfear orlach i nDurlas anocht agus aghaidh á tabhairt ag na sean-naimhde ar a chéile'