Ní ghabhfaidh conspóid ‘cóitseála’ NAMA i bhfuaire go fóill agus brú fós ar Ó Muilleoir

Is cosúil gur mhaith le Sinn Féin agus le daoine sinsearacha san DUP an ghoimh a bhaint as scannal NAMA, ach beidh fuar acu…

Ní ghabhfaidh conspóid ‘cóitseála’ NAMA i bhfuaire go fóill agus brú fós ar Ó Muilleoir

Mairtin O Muilleoir

Tá teachta nua ag Sinn Fein i Stormont. D’ainmnigh an páirtí Philip McGuigan mar chomharba ar Dhaithí McKay. D’éirigh McKay as an Tionól nuair a d’admhaigh sé gurbh iompar míchuí é a theagmháil leis an dílseoir Jamie Bryson sular thug seisean fianaise faoi NAMA don Choiste Airgeadais a raibh fear Shinn Féin ina chathaoirleach air. Chuir SF McKay agus a chomhairleoir, Thomas O’Hara ar fionraí ón bpáirtí, a dhéanfaidh fiosrú ar a n-iompar anois.

Drochsheans go gcloisfear mórán faoin bhfiosrú inmheánach sin go luath. Is cosúil gur mhaith le Sinn Féin agus le daoine sinsearacha san DUP an ghoimh a bhaint as an scannal. Bhí roinnt san DUP sásta gur chaith SF McKay thar bord taobh istigh d’uaireanta an chloig.  Agus seachtain caite ó briseadh an scéal, ní raibh smid ráite ag ceannaire an DUP, Arlene Foster faoin scéal a nocht gur chomhoibrigh ball nó baill de  SF le Jamie Bryson ina ionsaí ar Peter Robinson, Céad Aire agus ceannaire an DUP ag an am.  Cé is moite den ghearán oifigiúil a rinne cathaoirleach an DUP le Coimisinéir Caighdeán an Tionóil, choinnigh ionadaithe an DUP srian ar a dteangacha. Chuir an feisire Sammy Wilson racht de ach is ionadaí imeallach eisean sa chóras reatha.

Ní ligfidh an freasúra an scéal i ndearmad ar ndóigh. Tuige a ligfeadh? Sé seo an chéad deis acu chun tabhairt faoin gcomhghuaillíocht idir DUP agus SF sa bhFeidhmeannas. Thairis sin, tá ceisteanna le freagairt faoi mhíchleachtas, faoi mhímhuinín sa  pholaitíocht a ghéarú agus faoi mhaíomh SF gur rith aonair ag McKay ab ea an chóitseáil a rinne sé ar Bryson. Tá freagraí á n-éileamh i leith Mháirtín Uí Mhuilleoir, go háirithe. Is é an tAire Airgeadais anois é ach bhí sé ar an gcoiste nuair a thug Bryson fianaise agus mhol sé go n-éistfí le Bryson i seisiún poiblí. Deir sé nach raibh tada ar eolas aige faoin mí-iompar agus nach seasfaidh sé i leataobh óna Aireacht ach níl aon laghdú ar an mbrú atá air.

Treisíodh ar an mbrú sin Dé Mairt seo caite. Gaireadh cruinniú speisialta den choiste airgeadais chun an chóitseáil a phlé. D’athraigh ballraíocht an choiste i ndiaidh an toghcháin sa Bhealtaine agus is í Emma Pengelly ón DUP an cathaoirleach anois. [Deichniúr eile atá ar an gcoiste léi, triúr ón DUP, beirt ó SF, SDLP agus UUP faoi seach agus Jim Allister TUV]. Ba léir  go gcaithfeadh na baill gníomhú chun a léiriú gurbh fhiú an coiste a bheith ann agus chun dul i ngleic leis an droch-cháil a tharraing an scannal air.

Anuas air sin, d’éiligh an realpolitik nach bhfágfadh baill an DUP ar an gcoiste  talamh ard na moráltachta ag páirtithe an fhreasúra. Má bhí an cheannaireacht ina tost níorbh amhlaidh do Pengelly. Chuir sise tvuít amach roimh an gcruinniú ag rá gur cheart don Aire Ó Muilleoir éirí as a phost fad is a bheadh an scannal á fhiosrú; bhí an triúr eile ón DUP ar aon intinn léi. Bhí gach duine a bhí ag an gcruinniú ar aon intinn, cé is moite d’ionadaí SF, Caitríona Ruane. Chinn an  coiste freisin  go n-iarrfaí ar Ó Muilleoir teacht os a chomhair chun fianaise a thabhairt.

Beidh cruinniú eile ag an gcoiste ar an 7ú Meán  Fómhair. Thug Jim Allister leide cén sórt ceisteanna a bheadh aige féin d’Ó Muilleoir. Sa chomhfhreagras idir McKay/O’Hara agus Bryson dúirt  fear/fir SF go mbeadh sé inmholta ábhar a bheith ag Bryson a bhféadfadh leithéidí Mháirtín a rá gur cheart don choiste é a chloisteáil. Mar a tharla, le linn na díospóireachta sa choiste faoi éisteacht phoiblí nó phríobháideach do Bryson, mhol Ó Muilleoir gurbh fhiú éisteacht lena fhianaise go poiblí. Cén bunús a bhí le breithiúnas Uí Mhuilleoir? Sin ceist a bheidh ag Allister.

Cén freagra a bheidh ag Ó Muilleoir? Tá a fhios againn go ndeir sé nach raibh eolas ar bith aige faoin gcleas ar chúla téarmaí a bhí ar siúl ag McKay. Arbh fhéidir áfach gur imríodh tionchar air? An ndéarfaidh sé go raibh a thuairim bunaithe ar na blaganna a bhí foilsithe ag Bryson? Chuaigh sé ar an ionsaí faoi  dhaoine a bheith á cheistiú ach tá a fhios aige gur cuimhin leis na páirtithe eile  amanta nuair a rinne a pháirtí séanadh éithigh.

Ní fios cén fhad a thógfaidh sé ar an gCoimisinéir Douglas Bain gearán an DUP a fhiosrú. Nuair a bhris Arlene Foster a tost sa deireadh ar an Aoine, dúirt sí gurbh fhearr go seasfadh Ó Muilleoir i leataobh le linn fiosraithe. D’admhaigh sí áfach narbh í sin rogha Shinn Féin agus gur fúthu a bhí. An dá thrá á bhfreastal aici, is cosúil. Dhearbhaigh sí freisin go raibh gearán déanta ag an DUP leis an PSNI. Ní léir cén bonn a bheadh le fiosrú de chuid na bpóilíní ach meastar go gcuirfeadh se moill ar fhiosrú an Choimisinéara Bain.  

Neartaigh sé sin an bharúil go mba mhaith le daoine san DUP agus i Sinn Féin go dtógfadh sé achar fada ar an mbonn go mbainfeadh sé sin an nimh as – an rud a théann i bhfad téann sé i bhfuaire, dar leo. Ar an láimh eile, tá seans go ngéaródh moill ar mhíshuaimhneas na cosmhuintire san DUP, go háirithe dá mbeadh an freasúra, an UUP ina measc, ag baint buntáiste as an gconspóid.  Fearacht scannal Nama a bhfuil go leor fiosraithe le déanamh faoi fós, ní chuirfear scéal na cóitseála ó dhoras go héasca.

Fág freagra ar 'Ní ghabhfaidh conspóid ‘cóitseála’ NAMA i bhfuaire go fóill agus brú fós ar Ó Muilleoir'