‘Ní Gaolainn den dara grád í Gaolainn na Mumhan’ – ‘feall’ déanta ar chanúint na Mumhan sa Chaighdeán Nua

Dúshlán na Muimhneach tugtha ag an scríbhneoir Alan Titley gan géilleadh d’easpa aitheantais ‘d’arán laethúil’ an Mhuimhnigh - foirm tháite an bhriathair

tipp ex

Tá dúshlán na Muimhneach tugtha ag an scríbhneoir Alan Titley gan géilleadh don “róchaighdeánú” sa Chaighdeán Oifigiúil nua nach dtugann aitheantas “d’arán laethúil” an Mhuimhnigh – foirm tháite an bhriathair.

Sa Chaighdeán nua, ar foilsíodh inné é, ní cheadaítear cuid de na leaganacha briathartha a ceadaíodh i gCaighdeán 2012, ina measc an fhoirm tháite atá in úsáid go coitianta fós i nGaeilge na Mumhan.

Tá an craoltóir agus iriseoir Duibhneach Dara Ó Cinnéide, colúnaí leis an suíomh seo, ar aon fhocal leis an Titlíoch.

“Ní haon fhear mór caighdeáin mé fhéin agus géillim i gcónaí don gcainteoir maith, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuilid den dtuairim gur turtar aduain chugainn as na tíortha teo an fhoirm tháite atá fós ina bheathaigh sa Ghaeltacht, atá sa dúchas againn sna dúthaí seo agus atá ina dlúthchuid de cheann de mhórchanúintí na tíre.

“Níl aon mhórstaidéar déanta agamsa ar an gCaighdeán, agus tuigim an chúis gur gá rialacha éigin a bheith ann, ach tá an fhoirm tháite ar a laghad chomh forleathan agus láidir le scata rudaí eile atá ceadaithe go hoifigiúil.

“B’fhuirist dom leithéidse fanacht glan ar fad ar an bpeannaireacht ná ‘bhí mé’ a scríobh, is cuma más ag scríobh go hoifigiúil nó go neamhoifigiúil atáim.”

Dúirt Alan Titley gur róbhaolach go bhfuiltear aineolach ar go leor “de ghnáthchaint na ngnáthdhaoine gurb iad so mar fhoirmeacha táite a n-arán laethúil”.

“Tuairimímid go bhfuil seo gan dealramh, pé rud atáid ag iarraidh a dhéanamh leis na seanfhoirmeachaibh a bhfuilimid cleachtaithe orthu le fada. Do bhíos féin riamh den dtuairim go bhfuilid meáite ar chlaochluithibh a dhéanamh i gcásannaibh ná fuil aon ghátar leo. Táid is léir, aineolach ar go leor de ghnáthchaint na ngnáthdhaoine bochta (agus eile) gurb iad so mar fhoirmeacha táite a n-arán laethúil, agus gurb iad a thig as a mbéalaibh an chéad rud i moiche na maidne ar n-éirí dhóibh.

“Is í an mhórcheist ná an bhfuileabhair amuigh ansan sásta géilleadh don róchaighdeánú buile seo ar cuma nó bia a thabhairt do na mucaibh é, muca na haonaigne is na haonstíle ná tuigeann faic. Cuiream ina choinne le faghairt.”

Dúirt Titley, arb as Corcaigh dó, gurb í a thuairim féin ná nach dtabharfaidh an Muimhneach maith “aon cheann” de chealú oifigiúil na foirme táite.

“Leanfaimid ar aghaidh, leanam ar aghaidh go deimhin deimhneach!”

I léirmheas ar an gCaighdeán Nua a d’fhág sé mar thrácht ar an suíomh seo, dúirt léitheoir de chuid Tuairisc.ie, go gcaithfí a chur in iúl do lucht an Chaighdeáin nua nach “Gaolainn den dara grád í Gaolainn na Mumhan”.

Dar leis an té a scríobh an léirmheas nach bhfuair canúint na Mumhan cothrom na féinne sa Chaighdeán Nua a bhfuil moladh mór faighte aige ó foilsíodh Dé Céadaoin é.

“Dá mba rud é go raibh fonn ar choiste an Chaighdeáin srian a chur leis an iomarca ‘roghnachais’ a bhí ann tráth, cén fáth go bhfuil an rogha a bhí ag muintir na bhfoirmeacha scartha, iad siúd a sheachnaíonn an fhoirm tháite i ngach aimsir, tagtha slán ón gCaighdeán Athbhreithnithe?

“Is léir ón gCaighdeán nua go bhfuil níos mó tábhachta ag baint le ‘roghanna’ éigint ná le ‘roghanna’ eile…”

Dúirt an té a scríobh an léirmheas go mb’fhéidir nach bhfuil an oiread céanna “roghnachais” le feiscint sa Chaighdeán nua ach go bhfuil roghnachas ann fós, agus gurb é canúint na Mumhain atá thíos leis an ‘roghnachas’ sin.

“Agus tá a fhios ag an ndomhan mór ’s ag a mháthair cad is cúis leis na roghanna atá ceadaithe de réir an Chaighdeáin nua: baintear úsáid go nádúrtha as ‘Córas an tSéimhithe’ i nGaolainn Uladh; baintear úsáid go nádúrtha as ‘Córas na Foirme Coibhneasta’ i nGaolainn Uladh ’s i nGaolainn Chonnacht.

“Bhuel, is í an fhírinne ghlan ná go mbaintear úsáid go nádúrtha as na foirmeacha táite i nGaolainn na Mumhan. Ní deirimse go ‘raibh mé’, deirimse go ‘rabhas’; ní deireann mo mháthair gur ‘chonaic tú’, deireann sise gur ‘chonaicís’; ní deireann m’athair go ‘bhfuil siad’, deireann seisean go ‘bhfuilid’. (Agus ní deireann duine ar bith dínn gur ‘dhein sibh’, deirimidne go léir gur ‘dheineabhair’).”

D’fhiafraigh an té a d’fhág a léirmheas ar an gCaighdeán Oifigiúil ar Tuairisc.ie, an mbeadh sé “dodhéanta” dhá chóras a chur ar bun i réimse na mbriathar: ‘Córas na Foirme Scartha ‘is ‘Córas na Foirme Táite’?

“Ag deireadh an tsaoil, is í an cheist atá agam ná an cheist seo: cén fáth go dtugann coiste an Chaighdeáin cead don Ultach ’s don gConnachtach cloí le saintréithe a gcanúna fhéinig (e.g. an fhoirm scartha, Córas an tSéimhithe) agus iad ag scríobh cáipéisí oifigiúla de réir an Chaighdeáin Oifigiúil (nua)? Cén fáth gur chóir nach mbeadh an cead san ach acusan amháin?”

Is féidir an léirmheas a dtagraítear dó san alt seo a léamh anseo ag bun léirmheas Antain Mhic Lochlainn ar Chaighdeán Oifigiúil 2016.