‘Ní gá go mbeadh Foras na Gaeilge lonnaithe i mBaile Átha Cliath’ — Ó Cuív

Dúirt Éamon Ó Cuív go bhféadfaí ceannáras Fhoras na Gaeilge, atá le hoscailt ar Shráid Amiens i mbliana, a lonnú i gceantair tuaithe timpeall na tíre, go mór mór i gceantair Ghaeltachta

‘Ní gá go mbeadh Foras na Gaeilge lonnaithe i mBaile Átha Cliath’ — Ó Cuív

Tá ráite ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach gceapann sé gur gá go mbeadh ceannáras Fhoras na Gaeilge lonnaithe i mBaile Átha Cliath ná i gceantar uirbeach ar bith sa tír. Ag labhairt dó ag cruinniú de chuid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais aréir, dúirt Ó Cuív go raibh díomá air nach bhfuil níos mó daoine lonnaithe in oifigí an Fhorais i nGaoth Dobhair.

Thug ionadaithe de chuid an Fhorais le fios don Choiste gur socraíodh an ceannáras nua a lonnú i lár Bhaile Átha Cliath toisc gur sa chathair sin atá eagraíochtaí móra eile Gaeilge lonnaithe, leithéidí Chonradh na Gaeilge, COGG, Gael Linn agus eagraíochtaí eile nach iad, chomh maith le ranna éagsúla rialtais agus oifigí eile ag comhlachtaí poilbí.

Dúradh gur luigh sé le réasún go mbeadh ceannáras na heagraíochta lonnaithe sa chathair chéanna leis na heagraíochtaí agus comhlachtaí eile seo sa chaoi is go n-éascófaí comhoibriú idir eatarthu.

Níor ghlac an Teachta Dála Ó Cuív leis an méid sin agus dúirt go bhféadfaí oifigí de chuid an Fhorais a lonnú i gceantair eile timpeall na tíre, go háirithe i gceantair Ghaeltachta. Osclaíodh oifig de chuid Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill le linn na tréimhse a chaith Ó Cuív ina Aire Gaeltachta.

Mhaígh Ó Cuív go n-éiríonn go maith le scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm le daoine a mhealladh chuig oifigí tuaithe agus go mbíonn sé “an-deacair iad a bhogadh aniar” i ndiaidh dóibh socrú faoin tuath.

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach an Fhorais nach bhfuil smacht ag an bhForas ar líon na bpost atá lonnaithe sna hoifigí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath ach go bhfuil “foireann den scoth” ag an bhForas san oifig i nGaoth Dobhair.

Tá ceannáras Fhoras na Gaeilge le haistriú ón bhfoirgneamh a bhí ar léas ag na eagraíocht, agus ag Bord na Gaeilge roimh bhunú an Fhorais, ar Chearnóg Mhuirfean go Sráid Amiens i dtuaisceart na cathrach. Tá cead foirmeálta tugtha ag an dá roinn a chuireann maoiniú ar fáil don Fhoras an t-aistriú sin a dhéanamh.

Tuairiscíodh i mí Feabhra go raibh aighneas idir foireann agus lucht bainistíochta Fhoras na Gaeilge maidir leis an gcinneadh go mbogfaí ceannáras na heagraíochta teanga ó Chearnóg Mhuirfean chuig Sráid Amiens i dtuaisceart na cathrach.

Chuir an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, ceist ar na hionadaithe a bhí i láthair an chruinnithe ar bhreathnaigh Foras na Gaeilge ar ionaid eile taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath nuair a bhí foirgneamh don cheannáras nua á lorg ag an bhForas.

Tugadh le fios ag an gcruinniú gur breathnaíodh ar áiteanna i mbruachbhailte Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire, Baile Bhlainséir agus an Charraig Dhubh, ach nach raibh “margadh níos fearr” le fáil sna háiteanna sin.

Dúirt Seán Ó Coinn ag deireadh an chruinnithe go mbeadh “feall” á dhéanamh ag an eagraíocht mura bhfanfaidís i lár na cathrach, áit a mbeadh “teacht ag pobal na teanga” orthu.

Fág freagra ar '‘Ní gá go mbeadh Foras na Gaeilge lonnaithe i mBaile Átha Cliath’ — Ó Cuív'

  • Gabriel Rosenstock

    An ceart an Foras a lonnú ar phláinéad eile? Tar éis an tsaoil, ní fada eile atá ag an domhan seo de réir dealraimh. Ba cheart don Fhoras infheistiú sa spásrás nó ar a laghad ar bith Stephen Hawking a fhostú mar Chomhairleoir Speisialta:
    https://www.ibtimes.com/stephen-hawking-predictions-humans-must-leave-earth-now-start-space-colony-survive-2534184
    Mars nó Muiceanach-idir-dhá-sháile? Caithfidh an Foras cinneadh a ghlacadh anois.

  • Concubhar

    Dá mbeadh a bhfurmhór den Fhoras bunaithe ó thuaidh seachas ó dheas, go h-áirithe i mBaile Átha Cliath, bheadh i bhfad níos lú airgid á chaitheamh ar chíos agus ar thuarastail. Tá cíos €450,000 sa bhliain á chaitheamh ar fhoirgneamh an Fhorais i gCearnóg Mhuirfean. Chomh congarach do Thithe an Rialtais is go bhféadfá seille a chaitheamh ó fhoirgneamh amháin go dtí an cheann eile ach gan tionchar dá laghad chun leasa na Gaeilge á imirt ag Foras Na Gaeilge ó bunaíodh é. Tá na tuarastail i bhfad Éireann níos airde ó dheas ná mar atá á thuaidh le cois. Nuair a bunaíodh an Fhoras i 1999 mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta chun an páirc a chothromú AR SON Ghaeil an Tuaiscirt, ar cheap éinne go mbeadh an Fhoras chomh mór is atá sé anois le líon ard daoine ag fáil tuarastail arda (ó dheas) agus líon i bhfad níos lú fostaithe ag obair go dian ar son pinginí ó thuaidh? Nó arbh é sin an plean faoi cheilt ón gcéad lá? Dá lonnófaí sciar d’fhostaithe an Fhorais in ionaid ar fuaid an oileáin – abair naoi gcinn d’ionaid agus triúr nó ceathrar i ngach ionad ón bhForas agus €50,000 de chíos a íoc ar son an ionaid in aghaidh na bliana, bheadh naoi gcinn de Chultúrlannaí agat ar fuaid an oileáin gan mhoill. B’fhearr sin mar phlean ná a bheith ag iarraidh Cultúrlannaí atá ag feidhmiú go maith – ach iad beo ar éigean de bharr ionsuithe ar a gcuid tacaíochta ón dream atá ceaptha le tacú leo – a dhruidim mar atá Foras Na Gaeilge ag iarraidh a dhéanamh le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Cultúrlann Uí Chanáin.