‘Ní gá ach éisteacht le RnaG le tuiscint a fháil’ ar an lagachan atá ar phobail tuaithe’

Tá an Eagraíocht Athlonnaithe Tuaithe ar an dé deiridh thar éis 27 bliain, a deir an té a bhunaigh í Jim Connolly

‘Ní gá ach éisteacht le RnaG le tuiscint a fháil’ ar an lagachan atá ar phobail tuaithe’

Beidh deireadh le hobair na hEagraíochta Athlonnaithe Tuaithe (Rural Resettlement Ireland) mura dtiocfaidh an Stát i gcabhair uirthi. Bunaíodh an Eagraíocht Athlonnaithe Tuaithe 27 bliain ó shin agus is é Jim Connolly as Cill Bheathach gar do Cheann Léime an Chláir a chothaigh an eagraíocht i gcaitheamh an ama sin. Tháinig os cionn 700 teaghlach as na cathracha amach chun cónaithe i gceantair tuaithe faoi scáth na heagraíochta in imeacht na mblianta.

Iarracht a bhí ann le beocht a chur i bpobail a raibh an daonra ag laghdú iontu. Coinníodh scoileanna a bhí i mbaol a ndúnta beo anonn agus anall faoin tuath de bharr na dteaghlach nua a tháinig isteach agus coinníodh an líon múinteoirí a bhí i scoileanna eile slán freisin.

Bhí Jim Connolly, atá sroichte na ceithre scóir anois, ag ócáid a bhí ag Fóram Forbartha Tuaithe Chontae an Chláir tráthnóna inné agus chas sé leis an Aire Forbartha Tuaithe, Michael Ring. “Mhínigh mé an cás dó agus tá súil agam gur thug sé aird orm,” arsa Jim Connolly.

Faoi láthair, táthar ag cur deireadh le gnóthaí na heagraíochta cheal airgid agus chuile chosúlacht ar an scéal go ndúnfar na hoifigí i gCill Bheathach. Duine amháin atá fanta ag obair go páirtaimseartha ansin anois. Níor tugadh fóirdheontas Stáit ar bith don Eagraíocht Athlonnaithe Tuaithe ón mbliain 2012. Bhíodh tacaíocht bhliantúil ar fáil roimhe sin agus €130,000 sa mbliain an tsuim ab airde a fuaireadar.

“Bhíodh triúr ag obair go buan againn. Theastaigh an fhoireann sin mar bhíodh orainn a dhul chomh fada le teaghlaigh a bhíodh ag cuimhneamh ar a theacht anuas faoin tuath, i mBaile Átha Cliath a bhíodh a bhformhór siúd. Chaithfí fanacht i dteagmháil leo agus comhairle a chur orthu agus an bealach a réiteach.

“Ansin bheadh tithe le fáil faoin tuath agus bheadh cúnamh ag teastáil nó go socródh an teaghlach síos sa bpobal. Theastaigh foireann lánaimseartha le haghaidh na hoibre sin agus silim go raibh toradh an-mhaith uirthi,” a deir Jim Connolly.

An baol a bhí ar roinnt bunscoileanna in iarthar an Chláir go mbeidís bánaithe a thug ar Jim Connolly, dealbhadóir agus ceoltóir, an Eagraíocht Athlonnaithe Tuaithe a bhunú i 1990. Chuir roinnt teaghlach i mBaile Átha Cliath suim sa scéal agus d’aistríodar anuas; chuir sin leis an tinreamh sna scoileanna sin a bhí faoi scamall.

As sin a tháinig borradh ar obair na heagraíochta. Díríodh aird go háirithe ar theaghlaigh a raibh tithe ar cíos acu sna cathracha agus meabhraíodh dóibh go mbeadh deis acu lonnú faoin tuath dá gceapfaí go raibh an t-athrú sin feiliúnach dóibh.

Dhéantaí socruithe sna pobail tuaithe go bhfaigheadh an teaghlach a bhí ag aistriú teach príobháideach ar cíos go fadtréimhseach. Bhíodh teorainn curtha ar an gcíos a íocfaí nach rachadh thar acmhainn an teaghlaigh.

“D’éirigh linn socrú a dhéanamh freisin leis na húdaráis áitiúla go bhfaigheadh na teaghlaigh fordheontas cíosa sa gcontae a rabhadar ag teacht ann; bhí sin socruithe sular fhágadar Baile Átha Cliath. B’in socrú riachtanach. Go deimhin, bhíodh litir tugtha do na teaghlaigh nach gcaillfidís an fordheontas cíosa,” a dúirt Jim Connolly. Dúirt sé go raibh an-mholadh aige ar an iar-aire Rialtais, Michael Smith as Tiobraid Árann a chinntigh an socrú sin sna blianta tosaigh.

Cuireadh deireadh leis an seanchóras fordheontais cíosa i dtús na bliana seo agus d’fhág sin nach raibh feidhm níos mó leis an socrú a thug barántas do theaghlaigh a bhí ag teannadh chun na tuaithe faoi scáth na hEagraíochta Athlonnaithe Tuaithe.

Bhí an t-athrú sin agus coinníollacha “maorlathais” eile ina “mbuille feille” d’obair na heagraíochta freisin, a deir Jim Connolly.

Dúirt sé tráthnóna inné gur cosúil gur cuma leis an Stát agus leis an Rialtas cén bhail a bheidh ar cheantair tuaithe sa tír seo. “Is é do dhóthain a bheith ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta , rud a dhéanaim chuile lá le tuiscint a fháil ar an laghdú daonra agus an lagachan atá ar pobail faoin tuath. Chuala mé scéalta mar sin as Múscraí agus as ceantar Bhaile an Sceilg le ríghairid. Tá an rud céanna amhlaidh i gcontae an Chláir agus bhí na tuairiscí sin le cloisteáil ag an ócáid in Inis inniu. Faraor, níl aon easpa fianaise ann.”

Dúirt Jim Connolly go bhfuil sé dochreidte nach dtacaíonn an Stát leis an Eagraíocht Athlonnaithe Tuaithe go háirithe agus é ina ghéarchéim cheal tithíochta i mBaile Átha Cliath agus i gcathracha eile. San am céanna, a deir Jim Connolly, tá pobail tuaithe ag imeacht le fána.

“Níl ciall ná réasún leis. Faigheann muid teachtaireachtaí chuile lá fós anseo i gCill Bheathach ó theaghlaigh chathrach ar suim leo aistriú anuas faoin tuath ach níl muid in ann aon bhlas a dhéanamh dóibh. Tá muid ar tí glas a chur ar an doras sin againn féin tar éis seacht mbliana fichead oibre.”

Fág freagra ar '‘Ní gá ach éisteacht le RnaG le tuiscint a fháil’ ar an lagachan atá ar phobail tuaithe’'