Ní foláir nó go bhfuil margadh déanta ag Foster agus McGuinness faoi Brexit…

Níl aon amhras ach go bhfuil athrú poirt ag Arlene Foster faoi Brexit, ach níl aici féin agus Martin McGuinness go fóill ach liosta mianta

Ní foláir nó go bhfuil margadh déanta ag Foster agus McGuinness faoi Brexit…

Cás ar leith é Tuaisceart Éireann agus dá bhrí sin caithfear é a chosaint ó Bhreatimeacht. Sin a deir Arlene Foster agus Martin McGuinness le Theresa May. I litir ón gCéad-Aire agus LeasChéad-Aire chuig Príomh-Aire na Breataine a rinneadh an phléadáil speisialta seo.

Níorbh iontas é ó McGuinness a bhí in aghaidh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach mar a bhí móramh den phobal ó thuaidh sa reifreann. Is cosúil, áfach, gur éileamh ar a cuid agus a buíochas a rinne Arlene Foster. Cé gur fadhbanna don tuaisceart a liostaíodh sa litir, shéan Foster gur chontúirt é Breatimeacht nó go ndearna an DUP botún nuair a thacaigh sé le lucht imeachta. Is cosúil ón litir gur imeacht gan iarmhairtí atá uaithi.

Go hachomair díríonn an litir a sheol an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire Dé Céadaoin ar chúig réimse atá ag déanamh tinnis dóibh tar éis an mheasúnaithe atá déanta i Stormont le mí anuas. Is iad sin an teorainn, trádáil, soláthar oibrithe oilte agus neamhoilte, costas agus soláthar fuinnimh, maoiniú ón AE agus cosaint don earnáil agraibhia.

Teastaíonn ón mbeirt a chinntiú go mbeidh siad lánpháirteach agus ionadaíocht acu san idirbheartaíocht faoin gcaidreamh leis an AE agus tíortha eile. Bunriachtanas é sin, a dúradar.

Thugadar tosaíocht do cheist na teorann sa litir. D’fháiltigh siad roimh dhearbhú an Phríomh-Aire nach gcuirfeadh an teorainn bac ar ghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine. Dúradar freisin nár cheart ligean don teorainn cur isteach ar an gcath in aghaidh coiriúlachta ná ugach a thabhairt do naimhde phróiseas na síochána. Maidir le trádáil, is mian leo deiseanna trádála le ballstáit an AE a choinneáil agus fáil a bheith ag fostóirí ar oibrithe oilte agus neamhoilte ón gcoigríoch. Anuas air sin, teastaíonn uathu saorthaisteal a chaomhnú do na mílte oibrí a thrasnaíonn an teorainn gach lá. Tá ceist na teorann fite fuaite freisin le tionscal an bhia agus le feirmeoireacht a bhfuil cosaint á n-éileamh dóibh.

Cuireadh cóip den litir ag seachtar airí rialtais, an Státrúnaí Brokenshire agus Boris Johnson ina measc, chomh maith le chéad airí na hAlban agus na Breataine Bige. Níor cuireadh cóip ag an Aire Gnóthaí Eachtracha ná ag an Taoiseach áfach, cé gur thagair an litir do phlé thuaidh theas.

Bhí cainteanna dearfacha acu le rialtas na hÉireann sa Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, a dúradar, agus ‘teastaíonn uainn ról a imirt sa phlé idir an dá rialtas faoi cheisteanna na teorann’. I bhfianaise an iarratais sin, b’aisteach nár seoladh cóip den litir go Baile Átha Cliath.

Údar suntais í an litir ar roinnt cúiseanna. Ní foláir nó go bhfuil margadh déanta ag Foster agus McGuinness nach bhfuil an dara rogha acu ach teacht le chéile anois. Bhí an t-easaontas eatarthu faoi Bhreatimeacht nimhneach mí ó shin. Tá an chuid is mó de na héilimh ag teacht le dearcadh McGuinness.

Gan dabht is dreas oscailte san idirbheartaíocht í an litir agus is maith an ní go bhfuil siad ag tabhairt faoi obair éigin. Tá lucht gnó, feirmeoirí, daoine óga agus daoine atá ag iarraidh (in aisce) teach a dhíol, i measc na ngrúpaí iomadúla atá buartha faoina bhfuil i ndán dóibh i ndiaidh na Breatimeachta. Caolseans go gcuirfidh an litir chuig Theresa May ar a suaimhneas iad ach ní mór a rá gur chuir sí fearg ar an TUV. Tá an páirtí sin níos Eoraisceiptí ná an DUP agus bhíodar ar buile faoin éileamh go bhfáilteofaí roimh inimircigh mar oibrithe sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí. Feall ar Bhreatimeacht a bheadh ann gan stop a chur le hinimirce, dar leis an TUV.

Tá sé séanta ag Foster gur u-chasadh is ea a leagan amach féin ach is deacair an breithiúnas sin a sheachaint. Chuir páirtithe an fhreasúra i leith an Chéad-Aire go raibh sí ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith aici, í ag maíomh gur bhua é Breatimeacht ach, ag an am céanna, ag iarraidh buntáistí an AE a choinneáil gan dualgais bhallstáit.

Níl sa litir ach liosta mianta, an chéad chéim san obair ullmhúcháin. Is nuair a bheidh plé leis an AE ar siúl a thiocfaidh an crú ar an tairne. Feicfimid ansin cé a thabharfaidh aird ar éilimh Stormont.

 

Fág freagra ar 'Ní foláir nó go bhfuil margadh déanta ag Foster agus McGuinness faoi Brexit…'

  • Eoin Ó Murchú

    Nach ait sa gcomhthéacs seo – nó b’fhéidir gur chóir dúinn fáilte a chur roimhe – go bhfuil rialtas na Breataine i ndiaidh geallúint a thabhairt don rannóg talamhaíochta sa mBreatain agus sa Tuaisceart go bhféachfar chuige go gcuirfear maoiniú státchiste Westminster ar fáil le caillteanas ar bith ó Bhreatimeacht a chealú. Sea, nach é sin an argóint a bhí ag an DUP i gcaitheamh an fheachtais, go bhféadfar airgead a shábháilfeadh Westminster as Breatimeacht a chur ar fáil chun an leibhéal tarrthála céanna a chinntiú. Ní fheicim aon u-chasadh.

  • Pól Réamonn

    @nach é sin an argóint a bhí ag an DUP i gcaitheamh an fheachtais, go bhféadfar airgead a shábháilfeadh Westminster as Breatimeacht

    Ní sábhálfaidh an RA airgead ar bith ón mBreatimeacht