Ní foláir do mhamaí a bheith ullamh i gcónaí do lá na coise tinne

AG TÓGÁIL CLAINNE: Uaireanta is fearr aitheantas a thabhairt don rud nach bhfuil ann

scrapped-knee-crying

Tá ‘ábhaí’ mór milteach ar mo ghlúin, an bhfaca tú é?’ arsa beainín an naíonra liom an lá cheana agus shín sí a cos amach le go bhfeicfinn an gortú mór a bhí faighte aici. Bhreathnaigh mé agus bhreathnaigh mé ach bhí sé ag cinnt orm aon mharc de chineál ar bith a fheiceáil ar a glúin. Is ansin a rinne mé dearmad ar mo dhualgas is rinne beag is fiú den ‘tubaiste’ a bhí tarlaithe di. ‘Caithfidh go bhfuil sé cneasaithe,’ a dúirt mé, ‘ní fheicim rud ar bith.’

Cuimhním ar an lá ar thug muid abhaile ón ospidéal í, idir lúcháir agus scanradh orainn as an méid a bhí romhainn amach leis an gcailín beag seo a raibh muid freagrach asti. Níorbh é an teach céanna é, dár liom, is an ceann a d’fhág mé cúpla lá roimhe sin sular rugadh í. Cén chaoi nach bhfaca mé na neadrachaí damhán alla sin, a dúirt mé liom fhéin, nó an bord gloine, ná na cáblaí leictreacha, agus meast ú an raibh coirnéil chomh géar sin ar na cathaoireacha cheana?

D’imigh mé thart de chuaifeach. Amach leis an mbord gloine, isteach leis na greamáin bhoga ar na coirnéil, amach leis na damháin alla, isteach leis an olann cadáis. Dhúiseoinn de phreab i lár na hoíche le mo chluas a chur leis an gcliabhán go gcloisfinn a hanáil.

Ach, de réir a chéile, d’imigh an scanradh díom. Tháinig sí slán seachtain amháin agus ansin seachtain eile agus d’imigh na seachtainí i ndiaidh a chéile. Thosaigh an lámhacán, an phúitseáil sna preasannaí, an dreapadh, an rith agus an léimneach. D’fhág muid slán ag na coirnéil bhoga. D’fhill na damháin alla.

Bhreathnaigh sí orm an lá cheana ag iarraidh a dhéanamh amach, is dócha, an raibh mé dall nó an é go raibh éileamh éigin eile orm. ‘Ach nach bhfeiceann tú an marc sin?’ a dúirt sí agus shín a glúin gan smál i mo threo arís. ‘Is maith liom a chruth agus is maith liom an dath atá air, ach ní maith liom go bhfuil sé tinn.’

Is ansin a thuig mé go raibh an t-aitheantas cuí tuillte ag tragóid na glúine. ‘Ó! Feicim anois é, tá sé an-mhór agus an-chorcra agus caithfidh go bhfuil sé uafásach tinn,’ a dúirt mé. Rinne sí miongháire. Bhí mo dhualgas déanta. D’imigh sí léi ag léimneach i dtreo an chéad titim thubaisteach eile.

 

Fág freagra ar 'Ní foláir do mhamaí a bheith ullamh i gcónaí do lá na coise tinne'