Ní foláir athmhúscailt a dhéanamh ar sprid agus ar anam na Mí

Thar aon chontae eile in Éirinn le fiche bliain anuas, an bhfuil oiread de chlaochló tagtha ar a phearsantacht agus ar a shaintréithe is atá ar chontae na Mí?

Leinster GAA Football Senior Championship Semi-Final, Croke Park, Dublin 28/6/2015 Meath vs Westmeath Meath's Kevin Reilly, Graham Reilly and Bryan Menton Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Kevin Reilly, Graham Reilly agus Bryan Menton. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Chuimhníos ar chás chontae na Mí agus mé ag éisteacht le Colm O’Rourke ag cur síos ar chaighdeán na peile i gCúige Laighean ar an Sunday Game inné. Dúirt O’Rourke agus é ag trácht ar an mbearna a bhí idir Áth Cliath agus gach aon chontae eile sa chúige, gur fada leis an lá go mbeidh a chontae féin, contae na Mí, i mbarr a réime arís chun go bhféadfaí dúshlán ceart a thabhairt d’fhoireann na hardchathrach.

Ba é ráiteas úd Uí Ruairc an ráiteas ba lú áiféis ón dTríonóid Ró-naofa, Spillane, Brolly agus O’Rourke i gcaitheamh an lae inné agus b’fhéidir an ceann is mó gur fiú trácht air.

Chuir sé ag machnamh mé ar thoradh an tSathairn san Ómaigh, ar dhíbirt na Mí agus ar an ainnise atá tagtha anuas sa mhullach arís i mbliana ar chúrsaí peile sa chontae is mó a thug dúshlán Átha Cliath le fiche bliain anuas. Níor chuaigh peileadóirí na Mí riamh ar leath-ghlúin os comhair na Dubanna ach le tamall de bhlianta anois, níl ar a gcumas fanacht sa rás fada a ndóthain chun teacht in aon ghaobhar dóibh. Is boichte Craobh Peile Laighean dá dheasca.

Chuir bua Thír Eoghain ag machnamh, leis, mé ar chomhrá faoi chúrsaí peile na Mí a bhí breis is coicíos ó shin agam le seana-pháirtí dem chuid ó Chumann Ghaeil Bhaile Shíomóin san Uaimh. Dúirt an té seo, a bhfuil craobhacha Uile-Éireann mionúir agus faoi bhliain is fiche buaite le contae na Mí aige, go bhfuil lag-mhisneach ag teacht ar scata leis an meath atá tagtha ar chaighdeán na peile faoi aois sa chontae agus gur dheacair do Mick O’Dowd, Trevor Giles agus a gcomhluadar giorria a chur as an dtor nach mbíonn sé.

‘Ó ghrád faoi 12 aníos, níl tóin ná ceann leis na comórtais sa tsamhradh agus tá a rian sin ar gach aon fhoireann mhionúir atá curtha chun páirce againn le trí nó ceithre bliana,’ a dúirt mo dhuine agus slán mar a n-instear é, roinnt uaireanta a chloig ina dhiaidh sin, bhuaigh an Longfort ar bhuíon na bliana 2015 i gcluiche leathcheannais chúige Laighean. ‘Tairne eile sa bheo, dúinne atá tugtha do chúrsaí peile sa chontae ach ná déarfadh aoinne nach bhfacamair ag teacht é,’ a dúirt an téacs ón Uaimh.

Is léir nach inniu ná inné a thosnaigh cúrsaí peile ag dul ar gcúl sa chontae agus is cosúil nach amáireach ná amanthar a thiocfaidh siad as an gcruachás ina bhfuilid ach an oiread.

Tógfar céim amháin sa treo ceart i mí Meán Fhómhair nuair a osclófar an lár-ionad barr feabhais i nDún Gainimhe ach níl ansan ach céim amháin agus tá sé fachta amach ag an dream a bhuaigh Dé Sathairn orthu, Tír Eoghain, nach ionann lár-ionad barr feabhais a bheith agat agus rath a bheith ort ar pháirc na himeartha.

Níl sa bhua sin a bhí ag an Longfort i ngrád na mionúr le déanaí ach comharthaí sóirt eile den aicíd atá go rábach ar chúrsaí peile i gcontae na Mí le blianta. Tá na painéil forbartha atá á múnlú breac le himreoirí ó cheantair Dhún Búinne, Dhún Seachlainn agus Ráth Tó – na bailte is mó a d’fhás le linn ré an Tíogair Cheiltigh. Ní dóigh liom, áfach, go ndéarfadh aoinne gur bailte iad atá breac le bundúchasaigh na Mí. Thar aon chontae eile in Éirinn le fiche bliain anuas, n’fheadar an bhfuil oiread de chlaochló tagtha ar a phearsantacht agus ar a shaintréithe is atá ar chontae na Mí?

All Ireland Leinster Senior Football Championship Semi-Final First Replay 9/6/1991 Dublin vs Meath Meath's Bernard Flynn with Mick Galvin of Dublin Mandatory Credit ©INPHO
Bernard Flynn le Mick Galvin i 1991. Pictiúr: INPHO

In agallamh iontach le hiarbhainisteoir de chuid na Mí, Seán Boylan, ar shuíomh Chumann Lúthchleas Gael an tseachtain seo caite, tugtar éachtaint ar leith ar an oidhreacht agus ar an gcreideamh as ar fáisceadh foirne buacacha ó chontae na Mí ó 1949 i leith. Tuigim féin ón dtréimhse a thugas ag imirt le Ciarraí i dtús na 90idí, tréimhse a caitheadh ag iarraidh ualach na hoidhreachta a iompar, nach bhfuil sé furaist ar aon fhoireann cur chun páirce agus anáil na bhfoirne a d’imigh romhat á mothú agat.

B’fhéidir, áfach, nárbh aon díobháil dóibh siúd atá ag imirt peile i ngach grád ó bhonn aníos i gcontae na Mí, cuid den stair ársa sin a bhaineann leis an gcontae a bhreith chucu féin arís agus athmhúscailt a dhéanamh ar sprid agus ar anam an chontae.

Ní bheadh ansan ach tús an aistir, áfach, agus is léir ó bheith ag féachaint ar an dteacht aniar a dhein an Iarmhí ina gcoinne coicíos ó shin agus ar an tslí a fuair Tír Eoghain an fear maith orthu dhá lá ó shin go bhfuil bóthar fada le taisteal ag an Mí más áil leo a bheith áirithe i measc plúr na bhfoirne in athuair.

Dála gach aon uaire eile a bhíonn foirne cloíte sa chraobh, tá muintir na Mí anois á gceistiú féin. Tá cuid eile fós ag cur na gceisteanna ar na meáin shóisialta, gné eile den gcluiche nach raibh sa treis nuair a bhí Boylan ina bhainisteoir. Tá éachtaint fachta againn le roinnt seachtainí anuas ar an ndroch-mhianach atá i gcuid de phobal na Mí ar na meáin shóisialta.

Tá saighdiúirí na méarchlár sa chontae i mbun a gcuid ealaíne arís ó thráthnóna Dé Sathairn ag leagadh, ag bearradh agus ag gearradh. Athrú atá ag teastáil, a deirid. Athrú bainistíochta. Athrú meoin. Athrú poirt ó Bhord an Chontae. Athrú ar mhaithe le hathrú.

Is dóigh liom gurb é George Allen, laoch-oiliúnaí de chuid an NFL i Meiriceá, a dúirt fadó go gcailltear smuta beag bídeach duit féin gach aon uair a chailleann d’fhoireann cluiche peile.

Go dtí go dtuigeann muintir na Mí agus go háirithe lucht na binbe sa chontae é sin, ní athróidh aon ní.

Fág freagra ar 'Ní foláir athmhúscailt a dhéanamh ar sprid agus ar anam na Mí'

  • cormac

    Sea foirne iontacha ag Co na Mi tamall de bhlianta o shin agus treithiulacht ar leithligh iontu agus acu. Cuimhnim Mick Lyons go hairithe agus an stanail a thugadh se do Teddy McCarthy, Corcaigh. Is leanmhar turnamh na dtrean!