‘Ní fhéadfainn mo dhroim a thabhairt léi’ – Aodán Mac Gearailt ainmnithe do ghradam ‘People of the Year’ as cabhrú le cailín a bhí i mbaol an fhéinmharaithe

Duine dá dhaltaí a d’ainmnigh an t-iarimreoir peile le Ciarraí do ghradam ‘People of the Year’ as an gcabhair a thug sé di agus í ag streachailt le fadhbanna meabhairshláinte

Aodán Mac Gearailt

“Dúras liom fhéin, má tharlaíonn rud éigin don chailín seo, bhraithfinn ciontach…ní fhéadfainn mo dhroim a thabhairt léi,” a deir iarimreoir peile Chiarraí, Aodán Mac Gearailt.

Bhí an múinteoir scoile ag trácht ar an scéal go bhfuil sé ainmnithe do ghradam ‘People of the Year’ ag duine dá iardhaltaí as an gcabhair a thug sé di agus í ag streachailt le fadhbanna meabhairshláinte.

Ba í Hannah Hennessey, a chuir ainm Mhic Gearailt, phríomhoide ar Mheán-Scoil Nua an Leith-Triúigh i gCaisleán Ghriaire, Co. Chiarraí, chun tosaigh sa rannóg ‘Everyday Hero’.

D’inis Hannah a scéal féin in alt cumhachtach a foilsíodh ar an suíomh SpunOut an deireadh seachtaine seo caite, alt ina ndúirt sí go raibh an baol ann go gcuirfeadh sí lámh ina bás féin murach cabhair Mhic Gearailt. Deir an Gearaltach nár thuig sé i gceart an dúshlán a bhí roimhe nuair a chas sé ar dtús le Hannah.

“Thosnaíos mar phríomhoide i Meán-Scoil Nua an Leith-Triúigh i 2011 agus bhuaileas leis an gcailín seo nach raibh ag braistint rómhaith, nach raibh in ann codladh, nach raibh in ann an tigh a fhágaint. Bhí a máthair trína chéile agus é i gceist aici an scoil a fhágáint go hiomlán.

“Níor thuigeas i gceart ag an am an t-ualach oibre a bheadh i gceist, ag caint le síceolaithe agus dochtúirí agus a leithéid.”

Mar phríomhoide nua, bhí Mac Gearailt faoi bhrú mór ach d’aithin sé a thábhachtaí is a phráinní a bhí cás an chailín óig.

“Bheinnse an-ghnóthach agus mé i mo phríomhoide, ag rith timpeall ar fud na háite ach bhíodh Hannah istigh i m’oifig agus í trína chéile agus chaithfinn gach rud eile a chaitheamh san aer.

“Ba chuma liom fés na rudaí eile; tá an t-oideachas tábhachtach ach tá an tsláinte níos tábhachtaí.”

Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger
Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger

Cé go bhfuil tuiscint níos fearr i measc an phobail ar fhadbanna meabhairshláinte le roinnt blianta anuas, is é tuairim Mhic Gearailt go mbíonn drogall fós ar dhaoine cúnamh a lorg agus iad ag streachailt leis na fadhbanna céanna.

“Fadhb mhór atá ann go mbíonn daoine mall ag dul amach go dtí na háiteanna seo (leithéidí Jigsaw, Pieta House agus mar sin de) nó go dtí an GP. Dá mbrisfeá do chos, ní bheadh amhras ar bith ort maidir le dul agus x-gha a fháil agus an obair leighis a chur isteach. Ach nuair a thagann sé go dtí fadhbanna meabhairshláinte, bíonn amhras ar dhaoine faoin gcabhair sin a lorg,” a deir sé.

I gcás Hannah, agus i gcás aon duine atá in ísle brí, ba é moladh Mhic Gearailt ná labhairt leis na daoine cearta – síceolaithe, dochtúirí agus na heagraíochtaí meabhairshláinte.

“Ní thuigeann daoine conas cabhair a fháil. Tá easpa tuisceana ann ach tá feabhas ag teacht ar an scéal sna scoileanna; tá sé sin feicthe am ó nuair a thosnaíos amach. Bíonn na mic léinn i bhfad níos macánta má bhíonn rud éigin cearr leo.

“Cé go bhfuil siad fós beagáinín mall ag teacht chun tosaigh agus go mbíonn siad fós amhrasach, tugann sé cúnamh dóibh nuair a chloiseann siad leithéidí Bressie, Maurice Shanahan agus Alan Quinlan ag labhairt amach faoi na deacrachtaí a bhí acu.”

Ag caint ar Shanahan agus Quinlan, imreoirí móra le rá i saol an spóirt, bhí ról tábhachtach ag Cumann Lúthchleas Gael i scéal Hannah agus í ag iarraidh teacht chuici féin arís. Cé go raibh sí gnóthach i gcumann Chaisleáin Ghriaire, chaith sí uaithi an spórt nuair a bhí sí in ísle brí agus gan aon fhonn uirthi an teach a fhágáil.

D’fhear a bhain sé cáil amach ar an bpáirc imeartha le Ciarraí agus leis an nGaeltacht, ba mhaith a thuig Mac Gearailt an tairbhe a bhí le baint as CLG.

“Mhíníos di an tábhacht a bhain as imeacht as an dtigh, as an scoil fiú. Gan muinín a chailliúint sa saol uile a bhí thart uirthi. Bhíos-sa ag traenáil foireann na gcailíní agus deirinn léi i gcónaí teacht síos chun deich nóiméad, 20 nóiméad a dhéanamh linn; gan imeacht isteach sa pholl dorcha sin arís.”

Deir Hannah í féin ina halt nach bhfuil sí tagtha slán ar fad as a cuid fadhbanna fós agus nach dtiocfaidh go ceann tamaill eile. Ach le cabhair a hiarphríomhoide, tá sí ag tabhairt anois faoin oideachas tríú leibhéal. Tá sí ar ais ag glacadh páirte sa chumann áitiúil chomh maith agus tá sí ag traenáil foireann na scoile i dteannta Mhic Gearailt.

Fág freagra ar '‘Ní fhéadfainn mo dhroim a thabhairt léi’ – Aodán Mac Gearailt ainmnithe do ghradam ‘People of the Year’ as cabhrú le cailín a bhí i mbaol an fhéinmharaithe'