Ní féidir roghanna a sheachaint ná gach trá a fhreastal

Tá an rogha níos soiléire anois ná riamh. Comhréiteach éigin, nó olltoghchán eile

File Photo: Micheal Martin and Caretaker Taoiseach Enda Kenny to meet this afternoon after second failed attempt to elect a taoiseach following the results of the 2016 General Election.08/12/2015. Ceann Comhairle switch on Oireachtas Christmas Tree lights. Ceann Comhairle turn on the Oireachtas Christmas Tree lights tonight. Pictured are L to R Ceann Comhairle, Sean Barrett TD, Tanaiste and Labour Party leader Joan Burton, Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny, Fianna Fail leader Michael Martin, Music and song will be provided by children from the Holy Family Primary School in Derry, and by the Oireachtas Choir tonight in Leinster Lawn, Leinster House. Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Ní raibh rialtas sa tír ariamh a bhí chomh lag leis an gcineál rialtais atá á phlé ag ionadaithe Fhine Gael agus Fhianna Fáil faoi láthair. Má bhunaítear rialtas mionlaigh (ina mbeidh suas le triúr airí neamhspleácha) beidh modhanna nua oibre agus comhoibrithe riachtanach, ar gach taobh den Dáil.

Rinne Micheál Martin cur síos in alt a scríobh sé don Irish Examiner, a foilsíodh Dé Luain, ar na rialtais mhionlaigh a rialaigh go leor tíortha Eorpacha agus atá i gcumhacht faoi láthair, mar shampla, sa Danmhairg, sa tSualainn agus san Iorua.

Is léir an fhianaise, dar le ceannaire Fhianna Fáil, gur féidir le rialtais mhionlaigh saothar fiúntach a dhéanamh:

‘Minority governments can and do work, often working far better than less accountable majority governments.’

Níl fáth ar bith ann i bprionsabal nach mbeadh rialtas mionlaigh ábalta gníomhú go ifeachtach abhus, mar a mhol Micheál Martin.

Ach amháin…

1. Níl taithí ag Teachtaí Dála ar tharraingt le chéile, ná ar phlé staidéartha agus oscailte ina nglactar leis nach mbíonn an rialtas ceart, ná mícheart, i gcónaí.

2. Ní hionann comhthuiscint agus comhréiteach agus dea-ghníomh. D’fhéadfadh a mhalairt a bheith i gceist b’fhéidir, dá mbeadh rogha chrua le déanamh, ach nár mhian le páirtí ar bith a bheith freagrach as.

3. Ní chothaíonn rialtas mionlaigh measarthacht agus stuaim i gcónaí. Cuimhnigh, mar shampla, ar dhoicheall láidir pharlaimint na Danmhairge maidir le teifigh, doicheall a mhol Páirtí Phobal na Danmhairge (an DPP).

Mheabhraigh an Teachta Dála neamhspleách John Halligan do chách an chontúirt eile a bheas ag bagairt ar an rialtas nua, is é sin más féidir teacht ar chomhthuiscint lena chur ar bun.

Dhiúltaigh Halligan páirt a ghlacadh i gcomhráite faoi bhunú rialtais ón gCéadaoin ar aghaidh mar gheall ar easpa seirbhís cúram croí in ospidéal Phort Láirge. D’aontaigh a chomhghleacaí Michael Fitzmaurice lena sheasamh.

Féach, ní bhaineann tuillteanas chás Phort Láirge le bhar an ailt seo. Ach ní hacmhainn do rialtas ar bith gach gearán áitiúil a réiteach ar an toirt. Ní féidir roghanna a sheachaint. An t-airgead a chaitear anseo, ní féidir é a chaitheamh ansiúd.

Agus ní féidir gach trá a fhreastal, mar is eol do gach gobadán.

Tá bóthar achrannach romhainn.

Cad is féidir leis an Dáil a dhéanamh? Dada.

Tá rialtas sa tír i gcónaí, cé nach bhfuil rialtas nua tofa fós, mar atá preasoifigigh an rialtais ag cur i gcuimhne d’iriseoirí le dhá mhí beagnach. Tá lánúdarás ag an rialtas chun gach cinneadh riachtanach a dhéanamh, a deir siad, agus an ceart acu. Beagnach.

Beidh an srian atá ar údarás an rialtais agus an Oireachtais soiléir sara i bhfad mura mbunófar rialtas nua. Tá comhaltaí nua an tSeanaid á dtoghadh faoi láthair, ach ní féidir cruinniú den Seanad nua a ghairm go dtí go mbeidh 11 Seanadóir ainmnithe ag Taoiseach a thoghfar sa Dáil nua. Mar a deir Airteagal 18.3 den Bhunreacht:

‘Na comhaltaí a ainmneofar do Sheanad Éireann ainmneofar iad le réamhchead uathu féin ag an Taoiseach a cheapfar ar Dháil Éireann d’ationól i ndiaidh an lánscoir ar Dháil Éireann is siocair leis na comhaltaí sin a ainmniú.’

Is teorannú iomlán é seo ar gach gníomh Oireachtais (seachas caint). Mar shampla, dá rithfí rún d’aon ghuth sa Dáil chun binse fiosraithe a bhunú le láimhseáil chásanna na bpáistí altrama san oirdheisceart agus san iarthar a iniúchadh, ní fhéadfaí dul chun cinn leis go dtí go rithfí an rún céanna sa Seanad.

Tá bac mar sin ar fheidhmiú an Oireachtais nach féidir a chur i leataobh go dtoghfar Taoiseach.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Ní féidir roghanna a sheachaint ná gach trá a fhreastal'