‘Ní féidir maoiniú a chur ar fáil do bhóithre Gaeltachta agus do phleananna teanga araon’ – Kyne

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta nach acmhainn don Stát maoiniú a chur ar fáil do bhóithre áise Gaeltachta agus pleananna teanga araon

‘Ní féidir maoiniú a chur ar fáil do bhóithre Gaeltachta agus do phleananna teanga araon’ – Kyne

Don tríú huair in imeacht bliana, tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta nach acmhainn don Stát maoiniú a chur ar fáil do bhóithre Gaeltachta agus pleananna teanga araon.

I bhfreagra a thug an tAire Seán Kyne ar cheist ón Teachta Dála Pearse Doherty, dúirt sé go bhfuil Roinn na Gaeltachta “ar an eolas” faoin drochbhail atá ar bhóthar áirithe i nGaeltacht Thír Chonaill ach go bhfuil na scéimeanna a bhíodh ag an Roinn le feabhas a chur ar bhóithre na Gaeltachta “ar fionraí anois” agus maoiniú á chur ar fáil don phleanáil teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

“Is i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain agus an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht a dhéanfar aon anailís maidir le hathnuachan na scéimeanna seo,” a dúirt Kyne.

Bhí an freagra céanna ag an Aire Kyne ar na Teachtaí Dála Brendan Griffin agus Aindrias Ó Muineacháin nuair a chuir siad ceisteanna Dála air níos túisce i mbliana faoi dhrochbhail na mbóithre i gceantair Ghaeltachta ina ndáilcheantair féin.

Dúirt Éamon Ó Cuív, an t-iar-aire Gaeltachta, gur “masla uafásach” a bhí i bhfreagraí an Aire Kyne ar cheisteanna faoi dhrochstaid na mbóithre i gCorca Dhuibhne.

Níor luadh i bhfreagra an Aire an uair sin cúrsaí bóthair beag nó mór ach thagair sé, i measc rudaí eile, don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, do chúrsaí oideachais, do na meáin agus don phleanáil teanga.

Ag deireadh an fhreagra scríofa, ina ndearnadh cur síos ar chuspóirí na Straitéise 20 Bliain agus Acht na Gaeltachta 2012, dúradh: “It is in this context that any reintroduction of Gaeltacht schemes will be examined”.

Dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir nach bhfuil “aon bhaint ag an dá rud [maoiniú do bhóithre áise Gaeltachta agus an phleanáil teanga] lena chéile” agus gur cheart go mbeadh an tAire Stáit Kyne ag aistriú an maoiniú atá ag a Roinn “ó réimse go réimse”.

“Ní féidir airgead caipitil a chaitheamh ar thograí reatha, agus ní chaithfear an t-airgead ar fad atá ar fáil i mbliana arís. Beidh easnamh mór ann arís i mbliana. Caithfear an t-airgead a roinnt ar rudaí ar féidir iad a mhaoiniú i mbliana —níl mórán rudaí mar sin ann, ach tá na bóithre ar cheann de na rudaí sin,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Ó Muineacháin le Tuairisc.ie i mí Mhárta na bliana seo go raibh “díomá agus fearg” air nárbh fhéidir maoiniú a chur ar fáil do bhóithre agus do phleananna teanga araon.

“Sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas, gheall Fine Gael agus an Comhaontas Neamhspleách go mbeadh airgead breise ar fáil don Scéim Feabhsúcháin Áitiúil. Sa bhuiséad deireanach, theip orthu an gealltanas sin a chomhlíonadh. Chaill muintir na Gaeltachta faoi dhó,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Muineacháin nach raibh sé sásta leis an bhfreagra a fuair sé féin maidir le ceist na mbóithre áise Gaeltachta agus go bhfuil muintir na Gaeltachta ar fud na tíre “ag lorg cabhair éigin ón rialtas” chun feabhas a chur ar bhóithre atá “ag titim as a chéile”.