‘Ní féidir linn balla cosanta a chur trasna na Meánmhara’

Tá uafás agus alltacht ar an domhan mór ó foilsíodh inné an pictiúr den pháistín beag, trí bliana d’aois, ón tSiria, a fuarthas báite cois trá ar oileán Kos na Gréige, ach ní féidir leanúint leis an neamhionannas atá ag mealladh na mílte i dtreo an iarthair, a deir ár gcomhfhreagraí

ACV_Ocean_Protector_Arrives_in_Darwin_with_180_Asylum_Seekers_on-board_(1)

Cén fáth a bhfuil ardú chomh mór sin tagtha ar líon na n-imirceach atá ag triall ar an Eoraip?

Tháinig 340,000 dídeanaí nó imirceach go dtí an Eoraip sa tréimhse idir mí Eanáir agus mí Iúil na bliana 2015, i gcomparáid le 123,500 sa tréimhse chéanna i 2014. Is annamh nach gcloisimid rud éigin ar an nuacht faoi ghéarchéim na ndídeanaithe sa Ghréig nó áit éigin san Eoraip, agus tá an scéal ag dul in olcas i gcaitheamh an ama.

Ach chuir an pictiúr den pháistín beag ón tSiria – Aylan Kurdi, trí bliana d’aois – a fuarthas báite ar thrá ar oileán Kos na Gréige, uafás agus alltacht ar an domhan mór.

Cé go bhfuil Éire i bhfad ó cheartlár na trioblóide, tá sárobair déanta ag an tSeirbhís Chabhlaigh ag teacht chun fóirithinte ar dhídeanaithe ón Meánmhuir. Tá timpeall 2,000 dídeanaí sábháilte ag an tSeirbhís ó thosnaigh siad ar a saothar sa Mheánmhuir i mí na Bealtaine. Tá turas críochnaithe ag an LÉ Eithne agus tá an LÉ Niamh fós ar dualgas amach ó chósta na Libia.

Ag tús mhí Lúnasa, rinne criú an LÉ Niamh gaisce dochreidte nuair a thángadar ar long bheag agus tuairim is 700 duine i mullach a chéile inti. Níor thúisce an tarrtháil tosnaithe acu nó chas an long uirthi féin agus d’imigh sí go tóin poill. Bhí 30 soicind ag captaen na loinge plean a chur i bhfeidhm sara gcaillfí na céadta. D’éirigh leo 367 daoine a tharrtháil sa deireadh ach mo léan go bhfuair níos mó ná 200 bás sa chúpla nóiméad céanna. “Is míorúilt í… gur éirigh leis an tSeirbhís Chabhlaigh an méid sin daoine a tharrtháil an t-am sin,” a dúirt an saineolaí slándála Tom Clonan.

Tá neart de na teifigh ag éalú ón gcogadh cathartha sa tSiria. Ó thús an chogaidh i 2011, maraíodh idir 220,000 agus 330,000 duine agus 4,000,000 eile ar a laghad cláraithe mar theifigh dar leis an UN. Tá an t-uafás dídeanaithe ón tSiria sa Tuirc, san Iordáin agus sa Liobáin cheana, ach de réir a chéile, tá níos mó acu ag teacht i dtír san Eoraip. Chomh maith leis sin, tá dídeanaithe ag teitheadh ó na cogaí cathartha san Iaráic agus sa Libia agus ón léigear i nGasa na Palaistíne.

Tá na hinstitúidí Stáit trína chéile sa Libia ó baineadh a chumhacht de Gaddafi i 2011. Mar sin, níl aon údarás sa tír chun smacht a chur ar na dídeanaithe atá ag teitheadh ón Aifric agus ón Meán-Oirthear ina slaoda. Níl aon amhras ach gurb as an Libia atá an chuid is mó de na seanlonga contúirteacha atá dubh le daoine á gcur amach.

Más ‘dídeanaithe’ na daoine sin, tá neart ‘imirceach’ i gceist freisin, má ghlacaimid leis go bhfuil dídeanaithe ag teitheadh agus go bhfuil imircigh ag déanamh rogha saol níos fearr a lorg. Is ceist chonspóideach í cén téarma is ceart a úsáid, fiú.

Tá formhór na cainte faoin ngéarchéim imirceach seo dírithe ar an áit a bhfuillimid chun na daoine seo a lonnú nó ar an gcaoi a bhfuillimid chun stop a chur leo teacht inár dtreo. Is beag anailís a dhéantar ar an gcúis a bhfuil an saol chomh holc sin go bhfuil na mílte réidh le slán a fhágáil ag a dtíortha dúchais agus tabhairt faoi aistear marfach ar thóir saoil nua san Eoraip.

Is é an domhandú an phríomhchúis leis an méadú ar an inimirce san Eoraip, dar leis an eacnamaí, Dan O’Brien. Bogadh daoine ó thus ama i dtreo an tsaibhris, agus de bharr na teicneolaíochta agus thionchar an idirlín, tá an domhan ag éirí níos lú agus níos éasca a thaisteal, lá i ndiaidh lae. Ciallaíonn an domhandú go bhfuil earraí agus seirbhísí costasacha á lorg againn ón tríú domhan ach nuair a leanann pobal na dtíortha sin, ní mó ná sásta a bhímid.

Is léir nach féidir an dá thrá a fhreastal.

Is féidir sconsaí a thógáil ar theorainneacha mar a rinneadh idir an Tuirc agus an Ghréig agus an Bhulgáir agus mar atá á dhéanamh ag an Ungáir faoi láthair. Ach ní féidir leis an domhan leanúint leis an neamhionannas atá ag mealladh na mílte i dtreo an iarthair.

Ní féidir linn balla cosanta a chur trasna na Meánmhara.

Fág freagra ar '‘Ní féidir linn balla cosanta a chur trasna na Meánmhara’'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Tá saibhreas an domhain á shlogadh ag mionlach fíorchraosach. Ní haon locht ar dhuine ar bith imeacht as áit gan dóchas, agus faraor níl dóchas ag mórán san Afraic ná sa ‘Mheánoirthear’. Cuirtear airm ar fáil ar chostas ard, tuige nach féidir smacht a chur ar na craosairí agus an saibhreas a infheistiú go háitiúil? Bheadh neart custaiméirí breise ag an Eoraip ansin, in áit na sluaite bochta a bheith ag triall orainn. Dream seiftiúil iad siúd a thagann trí fhásaigh agus thar farraige inár dtreo, ba chóir fáilte a chur rompu, iad a chur ag obair, iad a oiliúint agus ag an am céanna athrú iomlán a dhéanamh ar an ‘infheistíocht’ ionas go ndéanfar leas na ndaoine a dhéanann an obair chrua sna mianaigh agus ar na toibreacha ola.

    Is fearr le lucht na cumhachta airm a dhíol le Saudi = beidh seilbh ag Isil ar na hairm sin sar i bhfad….