Ní faisean go fiacla geala…

Is ceart aire mhaith a thabhairt dár bhfiacla mar nach minic a chloisfí duine ag moladh aoibh gháire a bhí ar fhiacla bréige dar lenar gcomhfhreagraí

smile-designIs féidir le duine neart airgid a chaitheamh ar éadach faiseanta agus ar smideadh costasach ach ní cúnamh ar bith iadsan más fiacla dorcha, salacha a fheictear agus an té sin ag déanamh miongháire. 

Go deimhin, tá an gáire a bhíonn ar bhéal duine ar cheann de na nithe is túisce a dtugtar suntas dóibh nuair a chastar daoine ar a chéile. Ní bréag ar bith é go n-insíonn fiacla glana, geala scéal da gcuid féin agus is cinnte nach minic a chuala tú duine ag moladh aoibh gháire a bhí ar fhiacla bréige!

Bhí mé ag smaoineamh air seo le gairid le linn dom féin a bheith ag an bhfiaclóir nuair a chuala mé go dtáinig titim an-mhór ar fad ar líon na ndaoine a bhí ag tabhairt cuairteanna rialta ar fhiaclóirí agus ar sláinteolaithe fiaclóireachta  le linn na mblianta ba mheasa go dtí seo den chúlú eacnamaíochta. Bhí airgead á spáráil ag daoine ar an mbealach seo ach bhí an tuairim ann go raibh locht ar an loighic a bhí ag baint leis; bheadh an baol ann go mbeadh billí níos mó le n-íoc acu lá níos faide anonn agus deacrachtaí fiaclóireachta níos measa le réiteach acu.

Tá a fhios againn ar fad a thábhachtaí agus atá sé ár bhfiacla a níochán nó a scuabadh faoi dhó sa lá, ar maidin agus san oíche, ar a laghad. Go deimhin, deirtear gur cheart an cúram sin a dhéanamh níos minice, go háirithe má bhíonn bia nó deochanna á dtógáil againn a dhéanann dochar do na fiacla. Meastar go bhfuil tae, caife nó fíon dearg go dona ceart le dath dorcha a chur ar fhiacla ach ní cúnamh ar bith ach an oiread iad táirgí ar nós citsip, curaí nó deochanna citreas.

An tobac an peaca is measa ar fad in aghaidh fiacla geala agus is deacair don té a bhíonn i muinín na dtoitíní go rialta cuma gheal ghlan a bheith orthu gan go leor stró a chaitheamh leis.

Tá méadú as cuimse tagtha le blianta anuas ar líon na mbrandaí taos fiacal a bhfuil comhábhar iontu le gealadh a dhéanamh ar fhiacla agus tá siad molta go hard ag daoine a bhaineann úsáid rialta astu.

Is féidir an gealadh a fháil déanta go gairmiúil ag an bhfiaclóir trí chóras ina gcuirtear ábhar tuartha (bleach) i múnla atá deartha go speisialta do bhéal an duine ar leith sin. Cosnaíonn an próiseas sin idir €250-€400 de ghnáth ach tá sé de bhuntáiste mór aige go ndéantar é le comhairle ghairmiúil an fhiaclóra. Tá sé costasach go leor ach níor cheart go mbeadh sé le déanamh ag duine ach aon uair amháin. Níl dabht ar bith ach go bhfuil sé i bhfad níos éasca ansin leanúint de ghealadh leanúnach na bhfiacal sa mbaile leis an taos a bhfuil an comhábhar ceart ann don chúram sin.

Bíonn fadhb ag daoine áirithe nach dtuigeann cén uair gur cheart dóibh éirí as gealadh na bhfiacal; téann siad thar fóir leis agus iad ag lorg na haoibhe gáire a bhíonn ar aisteoirí Hollywood. Ba cheart go stopfadh duine den phróiseas seo nuair atá cuma gheal agus ghlan orthu seachas dul chomh fada leis an scéal go mbeadh siad mínádúrtha bán. Níor cheart go dteastódh ó aon duine go mbeadh miongháire Donald Trump orthu!

Baineann mórán de lucht Hollywood leas as bealach eile leis an aoibh gheal sin a aimsiú – roghnaíonn siad go gcuirfí snaschraiceann nó athchraiceann (veneer) ar a gcuid fiacal. Próiseas é atá anchostasach agus nach bhfuil, dá bharr sin, éileamh ró-mhór air ar sa tír seo fós ach amháin acusan a bhfuil neart airgid acu. Téann daoine áirithe thar sáile chuig clinicí ar leith le go bhfaighidís an cúram seo ar phraghas níos saoire; ‘turasóirí fiaclóireachta’ a thugann fiaclóirí anseo orthusan.

Más bean thú is féidir leis an béaldath a roghnaíonn tú tionchar a imirt ar ghile do chuid fiacal. Má bhíonn fo-dhath (undertone) oráiste i do bhéaldath, is féidir leis cuma bhuí a chur ar do chuid fiacal. Is glaine a bhreathnóidh siad le béaldath ina bhfuil fo-dhath gorm; bheadh béaldath dearg, nocht nó ar dhath na gcaor (berry) go maith mar sin.

I ndeireadh an lae ní chuirfidh an stíl éadaí is deireanaí ó Dolce & Gabbana, na bróga is daoire ó Christine Louboutin nó an smideadh is fearr ó Charlotte Tilbury cuma ghalánta, álainn ar dhuine mura bhfuil cúram ceart déanta acu dá bhfiacla.

Fág freagra ar 'Ní faisean go fiacla geala…'