‘Ní fada gur ghlaoigh an ganger anall orm is fuair mé an start’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Chaith ár gcolúnaí agus a páistí tráthnóna aoibhinn cois trá ag líonadh agus ag folmhú buicéad

sandcastle

A Mhamaí, chuir tú gaineamh sna ceapairí,’ a dúirt sí agus lán a béil de ghaineamh á ghlanadh dá smig aici le droim a doirne. ‘Níor chuir,’ a dúirt mé go neamhbhalbh agus mé leath-thachta mar go raibh ualach Thrá na gCeann sloigthe agam sa ngreim deireanach de mo cheapaire féin.

Lá breá a bhí ann agus níor fágadh an dara rogha agam ach a ghabháil ar an trá do phicnic agus clár dian tógála caisleán gainimh. Bhí an ghrian ag scalladh, bhí an spéir gorm agus bhí gaoth ghéar thanaí ag séideadh a chuirfeadh preab i do chroí is a bhainfeadh an craiceann de do chnámha.

D’ith muid ár sáith de cháis, builín agus gaineamh. Scaoil mé an páiste amach as an mbugaí agus thosaigh siadsan ar an tógáil an fhad is a bhí mé fhéin ag gobaireacht leis na faoileáin in iarracht fuílleach an phicnic a bhailiú le chéile.

Bhéic an bheirt in éindí, ’Breathnaigh! An bugaí.’ Chonaic mé flústar éigin dearg as corr mo shúile. Chas mé timpeall is chonaic go raibh an bugaí ina Phúcán Mhicil Pháidín ag déanamh ar Chuan na Gaillimhe agus gliondar ina chroí. Titfidh sé ar a thaobh nóiméad ar bith anois, a dúirt mé liom féin. Ach níor thit. Thosaigh mé ag rith.  

Ag siúl ar ais dom agus an bugaí faighte, chuala mé búiríl uafásach mar a bheadh eascann mhór dúisithe ó chodladh céad bliain ag bun na farraige. ‘ÁÁÁÁÁÁÁ!’

Bhí easaontas sa gcampa. ‘Sin é mo shliogánsa!’ Má bhí sliogán amháin ar an trá bhí céad míle acu ann. Theastaigh an armra mór. Réitigh mé an glór ‘an-dáiríre’. ‘Éirigí as an argóint nó gabhfaimid abhaile, anois díreach,’ a d’fhógair mé. Stop an gleo, fuaireadar tuilleadh sliogán agus thosaigh an tógáil arís.

Ní fada gur ghlaoigh an ganger anall orm is fuair mé an start. ‘Féadfaidh tusa a bheith ag líonadh freisin, a Mhamaí,’ agus shín sí buicéad agus spád chugam. Bhí sé chomh maith ag duine a bheith ag obair seachas a bheith suite ar chloch strompa fuar agus i ngar a bheith ite ag faoileáin.

Shuigh muid ansin ar feadh píosa ar ár suaimhneas ag líonadh agus ag folmhú buicéad. D’fhás cathair na gcaisleán de réir a chéile. Th’éis píosa, bhreathnaigh an ganger orm; ‘nach aoibheann Dia dúinne, a Mhamaí’ a dúirt sí.

Agus b’aoibheann.

Fág freagra ar '‘Ní fada gur ghlaoigh an ganger anall orm is fuair mé an start’'