Ní dhíbreofar aon imreoir ó Chomórtas Peile na Gaeltachta as ‘here’ a rá, ach tá sprid fós ann…

Seansaighdiúir de chuid Chomórtas Peile na Gaeltachta é ár gcolúnaí. Ní nach ionadh mar sin agus é ar siúl i mBaile Bhuirne an deireadh sechtaine seo gurb iad foirne móra Naomh Abán atá ina chuimhne

Com Peile na Gaeltacht

Ní móide go gcreidfear anois é, ach ní raibh an ‘Tíogar Ceilteach’ ach ina choileán agus bhí peileadóirí á dtabhairt ó áit go háit i héileacaptair agus in eitleáin chuig Comórtas Peile na Gaeltachta.

Is maith is cuimhin liom a bheith i Leitir Móir ar an gcéad Domhnach de Mheitheamh 2002 nuair a tháinig an scéala go raibh Caoimhín Ó Casaide, a dhearthair Stiofán agus Séamus Beag Ó Gallchóir ar a mbealach in eitleán as an gCarraig Fhinn chuig Aerfort na Gaillimhe agus go mbeadh siad ar Pháirc an Mháimín faoin am a dtosódh an babhta leathcheannais idir Gaoth Dobhair agus an fhoireann áitiúil.

Níos luaithe sa lá bhí Caoimhín ar an bpáirc nuair a bhuaigh Dún na nGall go réidh ar an Dún i gCraobh Uladh, a dheartháir agus an Gallchórach ar bhinse na n-ionadaithe.

Ní mba thuras in aisce a bhí ann ach an oiread, mar bhuaigh Gaoth Dobhair ar Naomh Anna an tráthnóna sin agus lá arna mhárach ar Naomh Abán sa mbabhta ceannais.

An bhliain dár gcionn ba héileacaptar an modh taistil a bhí ag Seán Óg de Paor as Cora Droma Rúisc, áit ar bhuaigh Gaillimh ar Liatroim i gCraobh Chonnacht, chuig Baile Bhuirne, áit a raibh comórtas na bliana sin á reáchtáil. Ní baileach go raibh an rath céanna ar a chuid taistil siúd mar cé gur bhuaigh an Cheathrú Rua babhta leathcheannais an Domhnaigh, fuair Naomh Abán an ceann ab fhearr orthu sa gcluiche ceannais.

Tá an comórtas fillte ar Bhaile Bhuirne an deireadh seachtaine seo agus cé gur dócha nach é torann na n-eitleán a choinneoidh daoine ó chodladh na hoíche ansiúd, fós bí cinnte de go bhfuil aistir fhada curtha díobh ag roinnt acu agus go mbeidh breacadh an lae Dé Máirt ann faoin am a mbainfidh cuid díobh siúd a shroichfidh na babhtaí ceannais an baile amach. B’in mar a bhí ó thús, mar a bheidh go brách, le saol na saol.

Táthar ag tuar bás an Chomórtais Peile le fada an lá anois agus gan amhras ní hé easpa torann na mbád aer amháin a fhágann nach bhfuil oiread suime ann agus a bhíodh.

Is fíor freisin gur dócha nár chóir go mbeadh cead iomaíochta ag roinnt de na foirne a bhíonn ann – cuid mhaith acu fiú – cheal ómóis dár dteanga dhúchais. Ach fad agus atá blas ar bith dá ndlínse laistigh de theorainn na Gaeltachta, tá clubanna i dteideal iomaíochta.

An t-aon rogha eile atá ann rialacha a thabhairt isteach a d’fhágfadh go dtabharfaí bata agus bóthar d’imreoirí a labhródh aon teanga seachas an Ghaeilge. Tugadh faoi i laethanta tosaigh an Chomórtais agus chonaic mé fear á dhíbirt mar gur dhúirt sé ‘here’ lena chomrádaí! Ach ní móide gur mórán atá le baint amach ag an lucht eagair as ‘Tongue Troopers’, mar a thugtar i gCeanada orthu, a dhéanamh díobh féin.

Go bunúsach is le cúrsaí imeartha agus sóisialta a bhaineann Comórtas Peile na Gaeltachta agus tá meath na teanga ann le brath freisin, faraor, i gclóis scoile, cois teaghlaigh, ó altóirí agus i siopaí agus sráidbhailte in iomlán an limistéir lena mbaineann sé.

Tá an-ríméad orm a bheith ar ais i mBaile Bhuirne do Chomórtas na bliana seo. Níl aon phobal Gaeltachta níos dílse dó ná pobal na dúiche seo agus is amhlaidh cás don chumann imeartha. Ag Naomh Abán agus ag Gaoth Dobhair is minice atá craobh na sinsear buaite – 8 mbabhta an taobh – agus is iad muintir Bhaile Bhuirne amháin a bhfuil ceithre chraobh as a chéile acu.

Idir 1979 agus 1982 a rinne siad sin agus foireann acu a bhfuil áit bainte amach aici in annála an Chomórtais. Roimhe sin bhí cúig chluiche ceannais caillte ag Naomh Abán (’70, 71, ’72, ’76 agus ’77) agus gan buaite acu ach ceann amháin. Tharla sin i 1975 nuair a thug mo sheanchara Jerry ‘Free’ Ó Loingsigh faoin aistear is faide riamh chuig an gcomórtas a dhéanamh – anall as Nua-Eabhrac.

Maireann an sprid, an bród agus an díocas a bhí i bhfoirne Naomh Abán idir ’79 agus 82 fós i mo chuimhne. Ba é fear an tí atá agam in Óstán Ghobnatan an deireadh seachtaine seo, Micheál Ó Críodáin, an cúl báire a bhí acu. Eisean a thóg áit Billy Morgan ar fhoireann Chorcaí nuair a d’éirigh sé siúd as i 1981 agus d’imir sé féin agus Diarmuid Mac Cárthaigh i gCraobh na Mumhan in ’83 nuair a bhuaigh siad ar Chiarraí.

Bhí Diarmuid Ó Luasa, Micheál Ó Scanaill agus ‘Free’ ar fhoirne Chorcaí i dtús na seachtóidí agus d’fhág an meascán den óige agus den taithí gur bhain Naomh Abán 10 gcluiche ceannais amach i gComórtas Peile na Gaeltachta in imeacht 14 bliain.

Sna ceithre cinn as a chéile sin, bhuaigh siad ar Chorca Dhuibhne ar a bhfód féin, ar Naomh Pádraic, ar an Fhairche, ar Naomh Ciarán as Conamara in Indreabhán agus ar Bhéal an Mhuirthead i nGaoth Dobhair.

Fág freagra ar 'Ní dhíbreofar aon imreoir ó Chomórtas Peile na Gaeltachta as ‘here’ a rá, ach tá sprid fós ann…'