Ní dhearna 13% de dhaltaí an Teastais Shóisearaigh scrúdú Gaeilge na bliana seo

Bhain 11% grád A amach san ardleibhéal i mbliana ach níor éirigh ach le 3% de na daltaí a rinne an scrúdú Gaeilge ag an ngnáthleibhéal grád A a fháil

Ní dhearna 13% de dhaltaí an Teastais Shóisearaigh scrúdú Gaeilge na bliana seo

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Ní dhearna 7,815 dalta, den 61,654 a rinne an Teastas Sóisearach i mbliana, an scrúdú Gaeilge. B’ionann é sin agus 12.7% de líon na ndaltaí a rinne scrúduithe na bliana seo, mórán an céatadán céanna nach ndearna aon scrúdú Gaeilge in 2016, tráth nach ndearna 12.8% é.

Ní dhearna 12.6% de líon na ndaltaí a rinne Teastas Sóisearach 2015 aon scrúdú Gaeilge, rud a fhágann nach bhfuil aon laghdú ag teacht ar líon na ndaoine atá ag fáil díolúine ón nGaeilge.

Rinne gach dalta seachas 623 duine an scrúdú Mata i mbliana agus gach dalta seachas 664 an scrúdú Béarla.

Tugtar díolúine ón nGaeilge do dhaltaí a fuair a gcuid oideachas bunscoile sa Tuaisceart nó thar lear, do dhaltaí a chaith trí bliana scolaíochta thar lear agus do dhaltaí a cruthúnas acu ó dhochtúir leighis go bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Tá athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge geallta le fada ag an Roinn Oideachais i bhfianaise líon ard na ndaltaí a n-éiríonn leo a leithéid a fháil.

Cé go bhféadfadh sé gur chinn roinnt daltaí gan tabhairt faoin scrúdú Gaeilge lá an scrúdaithe, is mar gheall ar dhíolúine a bheith faighte ón nGaeilge acu nach ndearna formhór an 7,815 dalta an scrúdú sin.

Mar sin féin tháinig méadú 4.4% ar líon na ndaoine a rinne an Ghaeilge ag an ardleibhéal i mbliana agus d’éirigh go maith le formhór  an 53,839 duine a rinne an scrúdú. Bronnadh grád ‘onórach’ (A/B/C) ar 82% de na daltaí a thug faoin scrúdú ag an ardleibhéal, ar 66% a rinne an scrúdú gnáthleibhéil agus ar 78% de na daltaí a rinne an bonnleibhéal.

Bhain 11% grád A amach san ardleibhéal i mbliana, laghdú beag ón 12% a rinne amhlaidh in 2016.

Ag an ngnáthleibhéal is lú a baineadh an grád is airde amach agus níor éirigh ach le 3% de na daltaí a rinne an scrúdú sin grád A a fháil. Ba ag an leibhéal sin, freisin, ba mhó a theip ar dhaltaí an Teastais Shóisearaigh. Theip ar 7% den 21,739 dalta a thug faoin scrúdú gnáthleibhéil. Theip ar 2% ag an ardleibhéal agus theip ar 4% ag an mbonnleibhéal.

Ba sa Ghaeilge is fearr a d’éirigh le daltaí teanga. Bhain 75% de na daltaí  a rinne Spáinnis grád onórach ag an ardleibhéal amach, 73% de dhaltaí na Fraincise, agus 71% de dhaltaí na Gearmáinise.

D’éirigh le 77% de na daltaí a thug faoin scrúdú sa tSeanGhréigis grád onórach a bhaint amach agus rinne 75% de na daltaí a thug faoin scrúdú sa Laidin amhlaidh.

Fág freagra ar 'Ní dhearna 13% de dhaltaí an Teastais Shóisearaigh scrúdú Gaeilge na bliana seo'