‘Ní chun leas na teanga ná cearta phobal na Gaeilge Alt 8 den Bhunreacht’ – saineolaí cearta teanga

Moladh déanta ag an Dr Verona Ní Dhrisceoil go bhféachfaí an athuair ar stádas na Gaeilge sa Bhunreacht agus san AE

bunreacht Constitution

Tá molta ag saineolaí ar an reachtaíocht teanga go bhféachfaí an athuair ar stádas na Gaeilge sa Bhunreacht toisc nach chun leas na teanga ná cearta phobal na Gaeilge a stádas mar phríomhtheanga oifigiúil.

San eagrán is déanaí den iris dlí an Irish Jurist deir Verona Ní Dhrisceoil, léachtóir le dlí in Ollscoil Sussex, gurb é aitheantas bunreachta na Gaeilge is cúis le cuid mhór de na deacrachtaí, na dúshláin agus an paradacsa a bhaineann le cur chuige casta an Stáit i leith na teanga.

Deir an Drisceolach gur mithid anois athbhreithniú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge in Alt 8 den Bhunreacht.

“D’fhéadfaí a rá gur reifreann is fearr a thabharfadh deis do mhuintir na hÉireann machnamh agus plé a dhéanamh ar an luach atá ag an náisiún Éireannach ar an teanga agus ar ról an Stáit i leith a cosanta,” a deir Ní Dhrisceoil.

Ba chóir, a deir sí, go mbeadh aon leasú ar stádas bunreachta na Gaeilge bunaithe ar chomhionannas, ar chomhchearta agus ar chomhstádas.

Beag beann ar thoradh an reifrinn, thabharfadh an díospóireacht mhacánta i dtaobh an ábhair soiléire dúinn maidir le cearta phobal na Gaeilge agus dualgas an Stáit na cearta sin a chur ar fáil, a deir Ní Dhrisceoil.

Caitear amhras san alt chomh maith ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach.

“D’ainneoin feachtas crua Stádas agus an stádas siombalach atá ag an nGaeilge mar theanga oibre sa Aontas Eorpach, d’fhéadfaí a argóint a dhéanamh gur cheart d’Éirinn athmhachnamh a dhéanamh ar áit na Gaeilge sa AE. Toradh amháin a d’fhéadfadh a bheith ar athbhreithniú dá leithéid ná go gcuirfí an maoiniú a chaitear ar thraenáil dlítheangeolaithe Éireannacha ar fáil ar bhealach níos tairbhí chun seirbhísí teanga a sholáthar san earnáil phoiblí in Éirinn.”

Molann Ní Dhrisceoil chomh maith go síneodh Éire an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (an ECRML).

“Ag féachaint dúinn ar an ECRML, d’fhéadfaí cás a dhéanamh go réiteodh an díospóireacht, faoi Alt 8 agus faoi stádas na Gaeilge san AE, an bealach chun athbhreithniú a dhéanamh ar chás na Gaeilge sa Chairt.

“Dá bhfógrófaí gur teanga mionlaigh nó teanga oifigiúil neamhfhorleathan í an Ghaeilge trí shíniú agus daingniú [na Cairte], gníomh forásach a bheadh ann ó thaobh staid na Gaeilge mar atá in Éirinn a aithint.”

Áitíonn Ní Dhrisceoil go ráineodh go gcuideodh síniú agus daingniú na Cairte le cur chuige níos cuimsithí agus níos réalaíche i leith na Gaeilge, ní hamháin i gcúrsaí riaracháin ach i gcúrsaí oideachais, cultúir agus sna meáin.

Deir Ní Dhrisceoil gur botún a bhí ann stádas mar phríomhtheanga oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge sa Bhunreacht an chéad lá agus go mbeadh an Ghaeilge níos fearr as ó thaobh dlí agus stádais de dá mbeadh aitheantas tugtha di sa chuid sin den Bhunreacht a bhaineann le cearta bunúsacha.

Maíonn údar an ailt san Irish Jurist go raibh stádas na Gaeilge sa Bhunreacht ina bhac ar fhorbairt chórais ceart éifeachtach chun cearta phobal na Gaeilge a sholáthar agus a chosaint.

Deir sí go mba thrua nár phléigh an Tionól Bunreachtúil, a bunaíodh in 2012, Alt 8 den Bhunreacht agus gur cailleadh an deis an uair sin athbhreithniú a dhéanamh ar chás na Gaeilge in Éirinn fad is a bhaineann sé le réimsí an dlí, an chultúir agus na teanga.

Dar le Ní Dhrisceoil go bhfuil an doicheall céanna an teanga a aithint mar cheart in Acht na dTeangacha Oifigiúla is atá sa Bhunreacht. Cáineann sí chomh maith córas na scéimeanna teanga a tugadh isteach faoin Acht agus an dréachtreachtaíocht leasaithe i dtaobh an Achta a foilsíodh anuraidh.

B’ionann an dréachtreachtaíocht sin agus iarracht ag an Stát a dhualgas i leith na teanga a laghdú, a deir Ní Dhrisceoil ina halt ‘Antipathy, Paradox and Disconnect in the Irish State’s Legal Relationship with the Irish Language’ atá foilsithe san eagrán is déanaí den iris an Irish Jurist, an iris dlí is sine sa tír.