Ní chuirtear fiacail ann sa léiriú is déanaí ar shaol Phablo Escobar

Is ‘nuair a chacann gé, cacann siad ar fad’ atá i gceist le scéalta faoi Phablo Escobar faoi láthair ach is fiú súil a chaitheamh ar ‘Narcos’ ar Netflix

Narcos

‘Nuair a chacann gé, cacann siad ar fad,’ a scrígh Peaidí M’Leoin tráth agus é ag tagairt go measúil agus go drocmheasúil don oiread daoine ó Iarthar Dhuibhneach a chuaigh i mbun pinn i gcaitheamh na mblianta. Do rith an carúl grinn sin liom an tseachtain seo agus mé ag féachaint ar an táirge is déanaí ó cheárta Netflix, Narcos.

Dála na gcaorach i mbéal bearna, bíonn na ceártaí teilifíse ag leanúint a chéile. (Agus is minic gurb é an dall atá ag déanamh bóthair don bhacach.) Léiriú eile ar an meon sin acu an tóir atá ar Phablo Escobar le déanaí.

Le cúpla seachtain anuas, tá dhá tháirge faoi Escobar tagtha os ár gcomhair agus tá dhá shaothar eile ar na bioráin. Cuíosach gan a bheith maíteach a bhí i saothar Benico Del Toro, cé gur thug an fear é féin taispeántas slachtmhar uaidh. Dé hAoine seo caite, agus Netflix ag léiriú a chumhachta arís eile, scaoileadh an tsraith nua deich gclár atá dírithe ar gháinealaí drugaí mícháiliúil na Colóime. Ní nach ionadh, is saothar níos uaillmhianaí agus níos cuimsithí atá againn sa saothar seo.

Sa chéad chlár, tugtar siar go deireadh na seachtóidí agus na n-ochtóidí sinn le héachtaint a thabhairt dúinn ar an tréimhse ina raibh na mangairí drugaí ag teacht in inmhe. Tá luas lasrach faoin gcéad chlár agus eolas á raideadh chugainn. Ábhar iontais dom nár caitheadh níos mó ama ar na blianta tosaigh sin agus Escobar ag déanamh a shlí aníos ón gcoiriúlacht sráide. Dar liom go mba cheart a thuilleadh iniúchta a bheith déanta ar an tréimhse shuimiúil, thábhachtach seo i saol an phríomhcharachtair. B’éigean an luas sin a chur fé na heachtraí le go bhféadfadh corp na sraithe díriú ar thurnamh Escboar agus an mheitheal dhúthrachtach a bhí sa tóir air.

I gcaitheamh na sraithe, déantar míreanna nuachta a shníomh leis an bhficsean, rud a fhágann blas na faisnéise ar an táirge cé go bhfuil an ficsean go mór sa treis chomh maith. Deineadh cuid mhaith den tsraith a thaifeadadh ar láithreacha sa Cholóim agus éiríonn leis an meitheal meon na tíre agus na tréimhse a thabhairt leo go paiteanta. Ba chinneadh misniúil é go mbeadh formhór an chomhrá i Spáinnis agus cuireann sin go mór le réalachas an scéil.

Cé gurb é Pablo Escboar an príomhcharachtar, is iad Steve Murphy agus Javier Peña na laochra. Is é tráchtaireacht Murphy a dhéanann sinn a stiúradh tríd an tranglam carachtar, dátaí agus carachtar à la Goodfellas. Laochra ar an seandéanamh iad an bheirt seo, agus Boyd Holbrook agus Pedro Pascal ag tabhairt taispeántais inchreidte uathu.

Lena chroiméal, maróg agus bob leicinn, déanann Wagner Moura carachtar scéiniúil a chur os ár gcomhair, idir chraiceann agus chnámha.

Tá Escobar na sraithe brúidiúil, neamhthrócaireach; go deimhin ,níl tréith chúititheach ar bith ann, rud a fhágann coiscéim bhacaí i gcuar scéalaíochta an charachtair.

Nuair a théann iarrachtaí polaitiúla Escobar ina thóin, tagann saghas riastradh air agus is geall le cogadh cathartha é a chogadh ina aghaidh an Stáit. Ní chuirtear fiacail ann sa léiriú a dhéantar ar fhoréigean mídhaonna na tréimshe.

Ba iad uaibhreacht, uaillmhian agus diongbháilteacht Escobar fód a aimhleasa i ndeireadh thiar. Is léanmhar turnamh na dtréan a deirtear, ach is a mhalairt ar fad atá i gceist leis an bhfear seo.

 

Fág freagra ar 'Ní chuirtear fiacail ann sa léiriú is déanaí ar shaol Phablo Escobar'